Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cód cleachtais FAQ fothaí beo TCI tríú páirtí

Tá tiomantas don obair i gcomhar le pobail agus d’úsáid na n-acmhainní atá ar fáil dúinn, lena n-áirítear an teicneolaíocht, chun an choireacht a chosc agus a bhrath mar bhonn taca le misean an Gharda Síochána, is é sin ‘daoine a choinneáil sábháilte’. Ceann de na teicneolaíochtaí sin is ea úsáid fothaí beo TCI tríú páirtí chun tacú lenár bhfeasacht staide ar imeachtaí nó teagmhais, trí chur ar ár gcumas féachaint i bhfíor-am ar imeachtaí de réir mar a tharlaíonn siad trí chórais TCI atá faoi rialú ag tríú páirtí nach é an Garda Síochána é.

Cad is Cód Cleachtais ann?

Is éard is Cód Cleachtais ann sraith fhoirmiúil treoirlínte agus caighdeán ina leagtar amach an chaoi a bhfuiltear ag súil go n-iompróidh eagraíocht agus a comhaltaí iad féin i ndáil le réimse nó gníomhaíocht ar leith. Tugtar treoir shoiléir ann maidir le nósanna imeachta, freagrachtaí agus dea-chleachtas, rud a chinntíonn comhsheasmhacht agus cuntasacht ar fud na heagraíochta. 

Cad is brí le fothaí beo tríú páirtí?

Is éard is fothaí beo TCI tríú páirtí ann ná píosaí scannáin TCI arna ngabháil ag rialaitheoir ar tríú páirtí é i ndáil leis an nGarda Síochána agus arna gcur ar fáil don Gharda Síochána mar fhotha monatóireachta. Ní dhéanfaidh an Garda Síochána aon cheann de na híomhánna ar an bhfotha beo tríú páirtí a thaifeadadh.

Cad chuige a n-úsáidfear fothaí beo TCI tríú páirtí?

Féadfar fothaí beo TCI tríú páirtí a úsáid chun dul i ngleic le raon cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le drugaí, cionta feithiclí agus maoine agus cionta ord poiblí, agus chun póilíneacht a dhéanamh ar mhórimeachtaí agus ar imeachtaí Stáit. Leis sin, beidh an Garda Síochána in ann úsáid a bhaint as córais TCI tríú páirtí atá ann cheana i gcás gur dócha go mbainfear amach, tríd an ngníomhaíocht sin, ceann amháin nó níos mó de phrionsabail ábhartha póilíneachta an Gharda Síochána a leagtar amach in alt 4 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, nó na feidhmeanna maidir le seirbhísí slándála a leagtar amach in alt 3 den Acht sin.

Cén fáth a bhfuil gá le fothaí beo TCI tríú páirtí?

Aithníonn an Garda Síochána rialachas nódach na póilíneachta agus na sábháilteachta pobail, ina soláthraítear slándáil áite trí líonra gníomhaithe corparáideacha, stáit agus cathartha éagsúla a fheidhmíonn mar nóid, amhail an Garda Síochána, úinéirí réadmhaoine, lucht slándála príobháidí agus gnólachtaí. Díríonn póilíneacht nódach ar shábháilteacht agus ar shlándáil sreafaí daoine, faisnéise agus earraí a fheabhsú trí phríomhbhonneagar a fheidhmíonn mar ‘chnuasaigh nódacha’. D’fhéadfadh na cnuasaigh sin teacht chun cinn ag tráthanna áirithe, amhail le linn mórimeachta nó cuairte Stáit, nó i gcás ina gcreideann an Garda Síochána gur dócha go ndéanfar coir nó go dtarlóidh teagmhas tromchúiseach. Chun an tairbhe is mó a bhaint as póilíneacht nódach, ní mór a bheith in ann ceangal a dhéanamh le córais TCI atá ann cheana nuair is gá sin chun ceann amháin nó níos mó de phrionsabail ábhartha póilíneachta an Gharda Síochána a leagtar amach in alt 4 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, nó na feidhmeanna maidir le seirbhísí slándála a leagtar amach in alt 3 den Acht sin, a bhaint amach. Tugann sé sin léargas níos fearr don Gharda Síochána ar imeachtaí a tharlaíonn ar an láthair ag na nóid sin.

Cé go rachaidh úsáid na bhfothaí TCI tríú páirtí sin ag an nGarda Síochána chun tairbhe don phobal, d’fhéadfadh sí tionchar díreach a imirt ar chearta an duine atá ag daoine aonair freisin. Dá bhrí sin, déanfar gníomhaíocht den sórt sin i gcomhréir leis an dlí, beidh sí faoi réir bheartais agus nósanna imeachta an Gharda Síochána agus rialófar le Cód Cleachtais í.

Cad a rialaíonn úsáid fothaí beo TCI tríú páirtí?

Achtaíodh an tAcht um Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023 an 5 Nollaig 2023. Leagtar amach san Acht seo an creat dlí reatha maidir le húsáid feistí taifeadta éagsúla. Foráiltear i gCuid 8 den Acht seo go bhfuil gá le Cód Cleachtais maidir le fothaí beo TCI tríú páirtí.

Mar chuid den phróiseas chun an Cód Cleachtais seo a fhorbairt, reáchtáil an Garda Síochána comhairliúchán poiblí inar lorgaíodh aighneachtaí ina léireofaí aon tuairimí nó barúlacha maidir leis an dréacht-Chód Cleachtais.

Chomh maith le tuairimí an phobail a iarraidh, bhí sé de dhualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána tuairimí a iarraidh ó na comhlachtaí agus na daoine seo a leanas freisin:

  • An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • An tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA)
  • Fiosrú, Oifig Ombudsman na bPóilíní
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC)
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Sula n-eiseofar an Cód Cleachtais i bpróiseas comhairliúcháin faoi Chuid 8, rinneadh Measúnú Tionchair ar Chearta an Duine agus déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí freisin sula bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce breithniú a dhéanamh ar an gCód Cleachtais a fhoilsiú mar Ionstraim Reachtúil.

Conas a chomhlíonfaidh an Garda Síochána an Cód?

Is sonraí pearsanta chun críocha an dlí um chosaint sonraí iad píosaí scannáin nó íomhánna ina bhfuil daoine aonair inaitheanta agus a gabhadh le córais TCI, agus d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do chearta agus do shaoirsí daoine den phobal.

Sula ndéanfar próiseáil TCI arna oibriú ag tríú páirtí trí fhotha beo ag comhaltaí de phearsanra an Gharda a údarú nó a cheadú, ní mór don údaraitheoir, ar breitheamh den Chúirt Dúiche é nó í, nó don cheadaitheoir, ar ceannfort é nó í, a bhreithniú cé acu a bheadh nó nach mbeadh an ghníomhaíocht bheartaithe ina modh comhréireach chun prionsabail póilíneachta an Gharda Síochána a leagtar amach in alt 4 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, nó na feidhmeanna maidir le seirbhísí slándála a leagtar amach in alt 3 den Acht sin, a bhaint amach, i bhfianaise thionchar na gníomhaíochta ar chearta agus ar shaoirsí daoine den phobal.

Mura bhfuil an ghníomhaíocht bheartaithe comhréireach, ní mór don údaraitheoir nó don cheadaitheoir gan í a údarú ná a cheadú, de réir mar is cuí.

Athróidh tionchar gníomhaíochta ar chearta agus ar shaoirsí daoine den phobal ag brath ar shaintréithe na gníomhaíochta. Tá sé i gceist go gcabhródh na treoirphrionsabail atá sa Chód Cleachtais leis an údaraitheoir nó leis an gceadaitheoir measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na gníomhaíochta beartaithe.

Cá fhad a bheidh rochtain ag an nGarda Síochána ar an bhfotha beo tríú páirtí?

Faoi réir alt 41 d’Acht 2023, rachaidh údarú in éag ar an lá a shocróidh an breitheamh, ar lá é a mheasann sé nó sí a bheith réasúnach sna himthosca agus nach mbeidh níos déanaí ná 6 mhí ón lá a thugtar an t-údarú.

Féadfaidh oifigeach uachtarach iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche, i gcomhréir le halt 40 (1) d’Acht 2023, ar údarú a athrú nó a athnuachan (i.e. an ‘t-údarú bunaidh’), agus féadfaidh an breitheamh ar chuige nó chuici a dhéantar an t-iarratas, má bhíonn sé nó sí sásta, ar bhonn faisnéis faoi mhionn ón oifigeach uachtarach, go bhfuil údar maith le hathrú nó athnuachan an údaraithe bunaidh,

an t-údarú a athrú, nó an t-údarú a athnuachan faoi na coinníollacha céanna nó faoi choinníollacha éagsúla, ar feadh cibé tréimhse breise nach faide ná 6 mhí a mheasann an breitheamh a bheith cuí.

I gcásanna práinne, féadfaidh comhalta de phearsanra an Gharda, i gcomhréir le halt 42 d’Acht 2023, TCI arna oibriú ag tríú páirtí a phróiseáil trí fhotha beo gan údarú arna thabhairt faoi alt 40 d’Acht 2023, más rud é go bhfuil an phróiseáil sin ceadaithe ag oifigeach uachtarach atá neamhspleách ar an imscrúdú nó ar an ní a bhfuil an ceadú á lorg ina leith (dá ngairtear “oifigeach uachtarach neamhspleách” san alt seo).

Tá an rochtain sin teoranta do thréimhse 72 uair an chloig ach féadfar síneadh a chur léi in imthosca maolaitheacha trí iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche de bhun alt 39 d’Acht 2023.

An gciallaíonn sé sin gur féidir leis an nGarda Síochána fotha beo TCI tríú páirtí a úsáid chun imeachtaí a thaifeadadh?

Ní chiallaíonn. Ní bhaineann an reachtaíocht phríomha lena rialaítear an ghníomhaíocht seo, i.e. Cuid 6 den Acht um Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023, ach le ‘fothaí beo’ agus, dá bhrí sin, ní dhéanfaidh an Garda Síochána aon taifeadtaí ná ní choinneoidh sé aon taifeadtaí. Ina ionad sin, má tá taifeadtaí déanta ag rialaitheoir an chórais TCI agus má bhíonn gá leo, beidh ar chomhaltaí de phearsanra an Gharda taifeadtaí TCI an tríú páirtí a fháil ar an ngnáthbhealach dá bhforáiltear de bhun alt 41(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

I gcomhthéacs fhorálacha alt 41(b) d’Acht 2018, i.e. i gcás ina bhfuil an phróiseáil riachtanach agus comhréireach chun na gcríoch seo a leanas: (a) bagairt ar an tslándáil náisiúnta, ar an gcosaint nó ar an tslándáil phoiblí a chosc, (b) cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó (c) na críocha a leagtar amach i mír (a) nó (b) d’alt 47 d’Acht 2018, féadfar na sonraí a choinneáil ar bhonn leanúnach, faoi réir athbhreithniú rialta i gcomhréir leis an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus le beartais agus nósanna imeachta inmheánacha.

De bhun alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil, 2006, i gcás inar sonraí iad na sonraí arna lorg agus arna bhfáil faoi alt 41(b) d’Acht 2018 a bhfuil forais réasúnacha ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur fianaise iad ar chion inghabhála a dhéanamh, nó go mbaineann siad le cion den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí na sonraí a urghabháil agus a choinneáil lena n-úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí coiriúla ar feadh cibé tréimhse ón dáta a urghabhadh iad is réasúnach nó, má thionscnaítear imeachtaí ina bhfuil gá leis an ní a urghabhadh amhlaidh lena úsáid mar fhianaise, go dtí go dtabharfar na himeachtaí chun críche. Tá an chumhacht faoin alt seo chun fianaise a urghabháil agus a choinneáil gan dochar d’aon chumhacht eile a thugtar le reacht nó ar shlí eile agus atá infheidhmithe ag comhalta den Gharda Síochána chun fianaise ar chion a dhéanamh nó ar iarracht a dhéanamh cion a dhéanamh, nó fianaise a bhaineann leis an méid sin, a urghabháil agus a choinneáil.