Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Stiúrthóir Feidhmiúcháin TFC

Darragh_McNally

Teideal: Stiúrthóir Feidhmiúcháin TFC

Ainm: Darragh McNally

Áit Dúchais: Ceatharlach

Ceaptha: Márta 2026

Ina bhall ó: Márta 2026

Buaicphointí Gairme:

Chuaigh Darragh McNally isteach i bhFoireann Cheannasaíochta Sinsearach an Gharda Síochána i Márta 2026, tar éis dó a bheith ag obair roimhe sin i bpoist cheannaireachta in earnálacha na déantúsaíochta, na cosanta, an iompair phoiblí agus an chúraim sláinte.  

Tháinig an tUasal McNally chuig An Garda Síochána ó Bon Secours Health System, áit a raibh sé ina Phríomhoifigeach Faisnéise le linn tréimhse fáis agus leathnaithe don eagraíocht.

Roimhe sin, d’fhóin an tUasal McNally mar Oifigeach Coimisiúnaithe sa Chór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais de chuid Óglaigh na hÉireann, agus d’oibrigh sé i róil shinsearacha ceannaireachta sa bhaile agus thar lear leis na Náisiúin Aontaithe.

Cáilíochtaí:

Tá Baitsiléir Innealtóireachta ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus MSc i mBainistíocht Teicneolaíochta Cumarsáide ó Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach ag an Uasal McNally.  

Is Innealtóir Cairte (CEng) é an tUasal McNally i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus na teileachumarsáide, agus tá sé creidiúnaithe ag Cumann na nInnealtóirí. Ina theannta sin, tá roinnt deimhnithe tionscail aige, lena n-áirítear Certificate in Data Protection Practice (Dlí-Chumann na hÉireann), Certified Information Systems Security Professional (CISSP - ISC2) agus Certified Information Security Manager (CISM - ISACA).