Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Príomhoifigeach Corparáideach (POC)

Siobhán Toale

Teideal: Príomhoifigeach Corparáideach (POC)

Ainm: Siobhán Toale 

Áit dúchais: Luimneach

Ceaptha: Márta 2024

Buaicphointí Gairme:

Ceapadh Siobhán Toale ar Fheidhmeannas an Gharda Síochána i Márta 2024 mar Phríomhoifigeach Corparáideach, agus í ag tuairisciú don Choimisinéir. 

Ina cáil mar Phríomhoifigeach Corparáideach, tá freagracht ar leith ar an Uasal Toale as bainistiú agus forbairt straitéiseach Acmhainní Daonna agus Forbairt Daoine, Airgeadais, Sonraí, Teicneolaíochta agus Sláinte Ceirde.

Tá taithí shuntasach ceannaireachta ag an Uasal Toale i dTeicneolaíocht Faisnéise, i Slándáil Fiontair, in Acmhainní Daonna, i bhForbairt Eagraíochta agus i mBainistíocht Athraithe, agus róil cheannaireachta ar leibhéal feidhmiúcháin aici roimhe seo sna hearnálacha baincéireachta, teileachumarsáide agus fuinnimh.

Tháinig an tUasal Toale chuig An Garda Síochána ó EirGrid, cuideachta faoi úinéireacht an Stáit, áit a raibh sí freagrach as Acmhainní Daonna, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, Cibearshlándáil, Saoráidí agus Sláinte agus Sábháilteacht.

Cáilíochtaí

Tá BSc san Eolaíocht Ríomhaireachta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, MSc in Iompar Eagraíochtúil ó Ollscoil Londain agus Dioplóma i Rialachas Corparáideach ó Corporate Governance Institute ag an Uasal Toale. Is Comhalta Cairte den Institiúid Chairte um Fhorbairt Pearsanra í freisin.