Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Choimisinéir Cúnta Rialachais agus Cuntasachta

Cathrina Gunne

Teideal: Choimisinéir Rialachais agus Cuntasachta

Ainm: Catharina Gunne 

Áit dúchais: An Mhí

Ceaptha: 29 Meitheamh 2026

Thosaigh: 1998

Buaicphointí Gairme:

Tá gairmréim cháiliúil tógtha ag an gCoimisinéir Cúnta Catharina Gunne i réimsí na póilíneachta túslíne, an chlaochlaithe straitéisigh agus imscrúdú speisialtóra coireachta, agus béim ar leith aici ar choireacht eacnamaíoch.

Áiríodh lena seirbhís luath dualgais túslíne i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Lár-Theas, agus ina dhiaidh sin aistríodh í chuig Biúró an Gharda Síochána um Imscrúdú Calaoise, áit ar fhóin sí ag gach céim ó Gharda Bleachtaire go Ceannfort Bleachtaire. Bhí sí i gceannas ar imscrúduithe casta ardphróifíle calaoise. Ina dhiaidh sin, bhí ról lárnach aici san Oifig um Chlaochlú Straitéiseach, agus tionscadail á gcur chun feidhme aici ar fud na heagraíochta.

D’fhóin Catharina mar Cheannfort ar Cheantar J (Binn Éadair, Cluain Tarbh, Ráth Eanaigh), mar Cheannfort Bleachtaire sa Cheannasaíocht Oirbheartaíochta Speisialta agus Oibríochtaí, agus i mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch.  Ceapadh ina hArd-Cheannfort agus ina Ceann Gnóthaí Inmheánacha í ina dhiaidh sin, áit a ndearna sí maoirseacht ar chúrsaí araíonachta agus iompair ar fud na heagraíochta.

Rinne sí ionadaíocht thar ceann An Garda Síochána ar ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear mar ionadaí Choimisinéir an Gharda Síochána ar an nGrúpa Maoirseachta do Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil, a bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ina cathaoirleach air.  In 2023, cheap an OECD í ina meastóir tíre le haghaidh Mheastóireacht na Liotuáine ar Bhreabaireacht agus ar Éilliú.

Bhí an Coimisinéir Cúnta Gunne i gceannas ar chláir oiliúna speisialtóra i réimsí na coireachta airgeadais, imscrúduithe calaoise agus rialachas inmheánach. D’fhorbair sí comhpháirtíochtaí láidre poiblí-príobháideacha freisin le hinstitiúidí airgeadais agus le comhlachtaí rialála, lena n-áirítear Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí Éireann. 

Cáilíochtaí:

Tá an Coimisinéir Cúnta Gunne ag tabhairt faoi Chúrsa na gCeannasaithe Straitéiseacha do cheannairí sinsearacha póilíneachta faoi láthair. Áirítear lena cáilíochtaí acadúla:

  • Dioplóma Iarchéime Gairmiúil i gComhlíonadh maidir le Coireacht Airgeadais – International Compliance Association
  • B.A. sa Phóilíneacht Fheidhmeach (Póilíneacht agus Dlí um Chearta an Duine in Éirinn) – Ollscoil Luimnigh
  • Dioplóma Iarchéime d’Oifigeach Sinsearach Imscrúdaithe (SIO) – Ollscoil Luimnigh
  • Teastas Iarchéime sa Rialachas – Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
  • Ard-Dioplóma sa Choireacht Chorparáideach, Choireacht Bhóna Bháin agus Choireacht Rialála – Óstaí an Rí
  • B.A. sa Chuntasaíocht agus Airgeadas – Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath