Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Roinn Bainistiú Athruithe

Ashtown Gate

Bainistiú Athruithe

Bhunaigh Coimisinéir an Gharda an Rannóg um Bhainistiú Athruithe in 1996.

Feidhm

Is í feidhm na Rannóige um Bhainistiú Athruithe athrú eagraíochtúil a sholáthar go héifeachtúil chun tacú leis na riachtanais leathana agus chasta a bhaineann le dul i ngleic le héilimh seirbhíse póilíneachta nua-aimseartha. Oibríonn an rannóg i gcomhpháirt ar fud na heagraíochta chun pleanáil éifeachtach agus soláthar athruithe a chinntiú laistigh de chreat soiléir rialachais.

Úsáideann an Rannóg um Bhainistiú Athruithe modheolaíocht bainistithe tionscadal struchtúrtha a chuimsíonn na codanna a leanas: macnamh criticiúil, anailís próisis, anailís páirtithe leasmhara, cumarsáideacha, oiliúint agus athdhearadh próisis.

Feidhm

Cuimsíonn feidhm na Rannóige um Bhainistiú Athruithe:

• Ceannasaíocht a ghlacadh ar athrú agus straitéisí a fhorbairt agus iad a chur i bhfeidhmt

• Urraíocht agus ceannaireacht ar na tionscnaimh athruithe a chur chun cinn i measc Bhainistíocht Shinsearach an Gharda

• Rannpháirtíocht na bpríomhpháirtithe leasmhara ag gach céim agus cur i gcoinne a bhainistiú go héifeachtach

• Cumarsáideacha leathana agus spriocdhírithe ag gach céim de thionscnaimh

• Tacaíocht leanúnach a sholáthar i ndiaidh cur i bhfeidhm

Tá an rannóg lonnaithe ag Geata Bhaile an Ásaigh, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 15. Tá baill an Gharda agus sibhialtaigh ar an bhfoireann agus tá Ard-Cheannfort i gceannas uirthi atá freagrach don Choimisinéir Cúnta, Tacaíocht Feidhmeannach agus Seirbhísí Corparáideacha.

Is féidir dul i dteagmháil leis an Rannóg um Bhainistiú Athruithe ag:

An Rannóg um Bhainistiú Athruithe Bloc B Geata Bhaile an Ásaigh, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 15

Teil: +353 1 6662087

Rphost: Change_Management_DV@garda.ie