Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Bealtaine

D’fhoilsigh an Garda Síochána torthaí a Iniúchta Cultúir inniu. Rinne an PwC an tIniúchadh go neamhspleách thar ceann an Gharda Síochána agus thug 6,500 lucht pearsanra ar fud na heagraíochta freagra air.

Cuireadh ceisteanna san Iniúchadh ar lucht pearsanra as gach céim agus grád chun a gcuid tuairimí a fháil ar cheisteanna cosúil le cumhachtaí póilíneachta, cuntasacht, luachanna, ceannaireacht agus bainistíocht, foghlaim agus forbairt, agus faoi labhairt amach.

Ceapadh an tIniúchadh chun slat tomhais a thabhairt ar an gcaoi dar le daoine sa Gharda Síochána, a gcomhghleacaithe agus an eagraíocht trí chéile a chomhlíonann siad iompraíochtaí inmhianaithe tríd is tríd mar a thugtar le fios i gClár Nuachóiriúcháin agus Athnuachana an Gharda Síochána, Cód Eitice an Gharda Síochána, agus dea-chleachtas sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Coimisinéir Gníomhach Dónall Ó Cualáin:

“Seo é an chéad uair i stair an Gharda Síochána a ndearnadh Iniúchadh Cultúir. Tugann sé léargas iontach agus faisnéis den scoth dúinn ónár ndaoine. Is acmhainn iontach é an tIniúchadh dúinn. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh lenár ndaoine as a bheith chomh hionraic lena gcuid tuairimí daingne faoin eagraíocht.

“Cuideoidh na torthaí ón Iniúchadh chun treoir a thabhairt d’eagraíocht an Gharda Síochána na tacaíochtaí is fearr a thabhairt dár ndaoine chun feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil don phobal.

“Tá sé ráite againn le fada an lá go gcaithfimid cultúr an Gharda Síochána a athchóiriú. Atreisítear é sin san iniúchadh seo. Ar ndóigh teastaíonn acmhainní agus athrú san eagraíocht chun an Garda Síochána a thabhairt isteach i saol nua-aimseartha an lae inniu. Ach ar ndóigh tá sé chomh tábhachtach céanna, agus b’fhéidir níos tábhachtaí fós, a chinntiú go bhfuil ár ndaoine go léir ón mbarr anuas á n-iompar féin ar bhealach gairmiúil agus eiticiúil, go bhfuil na tacaíochtaí cearta acu chun cuidiú leo a gcuid poist a chur i gcrích go gairmiúil, agus go mbeidh saoirse acu saincheisteanna atá ag déanamh imní dóibh a ardú. 

“Tá go leor rudaí dearfacha ag teacht ón Iniúchadh. Is léir an mórtas breá atá ag ár ndaoine i ról lárnach an Gharda Síochána chun pobail a chosaint agus tacú leo. An creideamh láidir sin go n-úsáidtear cumhachtaí póilíneachta go hiomchuí, agus go mbímid ionraic agus fírinneach i gcónaí. An esprit de corps i measc ár ndaoine. An buntáiste a fheiceann siad ó na róil agus deiseanna éagsúla atá ar fáil dóibh laistigh den Gharda Síochána.

“Cuirimid fáilte freisin faoi chomh dearfach is atá daoine a thosaigh ag obair linn le déanaí faoin eagraíocht agus go bhfeiceann siad áit ina bhfuil cultúr comhionannais, trédhearcachta, agus go labhraítear amach.

“Mar sin féin, is follasach a léirítear san Iniúchadh go bhfuil neart oibre fós le déanamh againn chun ár gcultúr a athchóiriú chun freastal ar riachtanais ár ndaoine, agus as sin ba cheart go mbeifí in ann seirbhís feabhsaithe a sholáthar don phobal.

“Mar shampla, mar bhainisteoirí, caithfear oibriú níos fearr leis na daoine atá ag obair dúinn ionas go mbeidh tuiscint ghrinn acu ar cad atáthar ag súil uathu chun seirbhís póilíneachta ghairmiúil a sholáthar. 
“Aontaím go hiomlán leis an ngá a cuireadh in iúl san Iniúchadh ár ngráid mhaoirseachta a mhéadú, go háirithe ar leibhéal Sáirsint. Ag tráth a bhfuilimid ag tabhairt isteach an oiread sin Gardaí nua, caithfimid iarraidh ar Sháirsintí maoirseacht, meantóireacht agus tacaíocht cheart a chur ar fáil dóibh. Tá comórtas ar siúl againn faoi láthair chun folúntais Sáirsintí a líonadh faoi dheireadh an tsamhraidh agus róil Cigirí freisin faoi dheireadh na bliana. Tá bearta gearrthéarmacha á nglacadh freisin chun líon na Sáirsintí atá ag obair i stáisiúin a mhéadú.

“Ach ní leor leibhéil mhaoirseachta a mhéadú. Caithfimid a chinntiú go dtugtar na scileanna agus na córais do na Sáirsintí agus na Cigirí sin chun ord a choinneáil ar a ndaoine, agus go mothaíonn siad go bhfuil siad ábalta saincheisteanna agus ábhar imní a chur faoi bhráid a mbainisteoirí líne. Sin cuid den athrú cultúir. 

“Maidir le labhairt amach laistigh den Gharda Síochána, tá feabhas tagtha ar an eagraíocht ó thaobh pearsanra Gardaí atá ag teacht chun cinn le saincheisteanna, agus spreagfaimis agus thacóimis le haon duine ar mian leo labhairt amach sa todhchaí. Bunaithe ar an Iniúchadh Cultúir áfach tá neart oibre le déanamh againn sa réimse seo. 

“Chun ár meon a neartú, táimid ag athbhreithniú i láthair na huaire ár mBeartas um Nochtadh Cosanta i gcomhar lenár gcomhghleacaithe ón PSNI agus ceapadh Bainisteoirí breise um Nochtadh Cosanta i mí na Nollag 2017.

“Ina theannta sin, táimid ag obair le Transparency Ireland maidir le hoiliúint agus cúnamh a thabhairt do Bhainisteoirí um Nochtadh Cosanta agus an sealbhóir beartais.  Tá Transparency Ireland ag cuidiú freisin leis an athbhreithniú ar chleachtais reatha an Gharda Síochána. Chomh maith leis sin, tá baill d’Fhoireann Ceannaireachta Sinsearaí an Gharda Síochána théis cúrsa oiliúna ar Ionracas ag an Obair maidir le Sceithireacht agus an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 a chur i gcrích, arna éascú ag Transparency Ireland. 

“Maidir leis an bpróiseas ardú céime, táimid ag iarraidh athrú a chur ar na rialacháin reachtúla a rialaíonn arduithe céime chun trédhearcacht mhéadaithe a chruthú sa phróiseas ardú céime atá faoinár smacht agus é a thabhairt ar aon dul leis an bpróiseas ardú céime atá ag an Údarás Póilíneachta le haghaidh grád sinsearach.

“Ardaítear ceisteanna freisin san Iniúchadh i réimsí cosúil le hoiliúint, comhtháthú na foirne sibhialta, beartais, agus luach saothair agus aitheantas agus caithfear dul i ngleic leis na ceisteanna sin.”

Na chéad céimeanna eile

Dúirt an Coimisinéir Gníomhach Ó Cualáin go gcaithfidh an eagraíocht tréimhse anois ag smaoineamh ar thorthaí an Iniúchta Cultúir d’fhonn freagra stuama agus éifeachtach a thabhairt air.

Dúirt an Coimisinéir Gníomhach Ó Cualáin: “Is píosa oibre suntasach agus mionsonraithe é an tIniúchadh Cultúir. Is í an chomhairle atá tugtha dúinn ag saineolaithe sa réimse, agus tá glactha againn leis an gcomhairle sin, ná go gcaithfimid tréimhse a ghlacadh chun machnamh a dhéanamh ar an tuarascáil agus impleachtaí na tuarascála sula socróimid cé na gníomhartha sonracha a ghlacfaimid chun dul i ngleic le saincheisteanna a ardaíodh san Iniúchadh. Moladh dúinn freisin in ionad teacht aniar aduaidh ar an eagraíocht le líon ollmhór athruithe le chéile, gur cheart dúinn díriú in ionad sin ar chúpla tionscnamh tábhachtach a n-éireoidh níos fearr leo sa deireadh thiar.

“Bhuail an bhainistíocht shinsearach sa Gharda Síochána (Ceannfoirt agus coibhéisí ar ghrád sibhialta agus níos airde) le chéile cheana féin chun an tIniúchadh Cultúir a phlé. Phléigh an Fhoireann Ceannaireachta Sinsearaí é freisin agus beidh siad ag bualadh le chéile arís chun socrú cén chaoi a ngabhfaimid i ngleic le torthaí an Iniúchta. Táimid ag súil cuntas a thabhairt ar ghníomhartha sonracha faoi cheann dhá mhí nó mar sin.

“Tugann an tIniúchadh Cultúir seo slat tomhais den scoth dúinn lenar féidir linn ár bhforbairt chultúrtha a rianú anois. Tá a gcuid tuairimí tugtha ag ár ndaoine dúinn, is fúinne anois é na hathruithe riachtanacha a chur i bhfeidhm chun ár gcultúr a athchóiriú.”

Beidh an Coimisinéir Gníomhach ag labhairt faoi thorthaí an Iniúchta Cultúir ag imeacht de chuid an Údaráis Phóilíneachta an 9 Bealtaine 2018.

Nóta

Modheolaíocht an Iniúchta Cultúir

Tá torthaí an Iniúchta Cultúir bunaithe ar 6,500 freagra ó lucht pearsanra an Gharda Síochána ar shuirbhé ar líne agus ar pháipéar a bhí beo ón 4 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain 2017, agus ó 22 fócasghrúpa ina dhiaidh sin a rinneadh thar gach céim agus grád san eagraíocht.

Measann PwC gur ráta freagartha láidir é an ráta freagartha foriomlán de 40% agus é inchomparáide le rátaí freagartha ar shuirbhéanna den chineál céanna a rinneadh i seirbhísí póilíneachta eile. Bhí an leibhéal freagartha ar aon dul go ginearálta freisin le comhdhéanamh déimeagrafach na heagraíochta, agus an leagan amach ó thaobh céimeanna/grád de.

Is é aidhm an Iniúchta bonnlíne beart a leagan síos maidir le hiompraíochtaí mar atá leagtha amach faoi Chlár Nuachóiriúcháin agus Athnuachana an Gharda Síochána agus bonnlíne a bhunú freisin maidir le Cód Eitice an Gharda Síochána. D’fhéach PwC freisin le bonnlíne a leagan síos in aghaidh a mhodheolaíochta féin de ghiaráil chultúrtha agus atreiseoirí is féidir a úsáid chun athrú cultúir a bhaint amach agus na hiompraíochtaí inmhianaithe a atreisiú.