Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Gradaim Náisiúnta Óige an Gharda Síochána

Gradaim Náisiúnta Óige an Gharda Síochána

Tá ainmniúcháin á lorg anois ag leibhéal Rannáin do ghradaim na bliana seo. Tá foirmeacha ar fáil thíos, nó ó do Stáisiún Gardaí áitiúil. 

Déanann Gradaim Óige an Gharda Síochána ceiliúradh ar dhaoine óga den scoth idir 13 agus 21 bhliain d’aois, agus tugann siad aitheantas don dea-obair atá ar bun acu ar fud a bpobal. 

Chruthaigh Oifigeach Idirchaidrimh Óige áitiúil in Iarthar Chorcaí na chéad Ghradaim Óige Rannáin de chuid an  Gharda Síochána riamh in 1995. Thug sé faoi deara go raibh rudaí iontacha á ndéanamh ag daoine óga sa phobal agus gur thuill siad aitheantas. Tá borradh mór tagtha ar na gradaim ó shin.

In 2019, sheol Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, na chéad Ghradaim Náisiúnta Óige de chuid an Gharda Síochána riamh agus dúirt sé:

Beidh na chéad Ghradaim Náisiúnta Óige de chuid an Gharda Síochána ina léiriú ar an méid dearfach atá á dhéanamh ag daoine óga ina bpobail. Is bealach iontach iad na gradaim ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal rannáin do Ghardaí chun caidrimh láidre a fhorbairt le grúpaí pobail agus le daoine óga ina gceantar.”

Catagóirí do Ghradaim Rannáin agus Náisiúnta

Tá sonraí faoi chatagóirí Ghradaim Rannáin agus Náisiúnta agus foirmeacha iarratais ar fáil anseo

Group Award

Grúpa de bheirt nó níos mó a chuireann go dearfach lena bpobal agus a fhágann gur áit níos fearr le maireachtáil ann é.

    Special Achievement Award

    Community Safety Award

    Daoine a chuir, trí thionscnamh/nuálaíocht um chosc na coireachta nó um shábháilteacht, lena bpobal a dhéanamh níos sábháilte le maireachtáil ann. 

      Cuirtear buaiteoirí na nGradam Rannáin faoi bhráid an phainéil náisiúnta moltóireachta,  a roghnaíonn 5 bhuaiteoir i ngach catagóir. Tá sonraí faoi cathain agus cá háit a bheidh na Gradaim Náisiúnta ar siúl le deimhniú.  

      Chun a fháil amach an bhfuil Gradaim an Gharda don Óige á bpleanáil i do cheantar, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do Gharda Pobail áitiúil, le hOifigeach Idirchaidrimh don Óige nó{sp}le do stáisiún Gardaí áitiúil. 

      Blaiseadh de Ghradaim Náisiúnta an Gharda don Óige (Físeán i mBéarla)