Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

ga - School Programmes

Seo an chéad uair a chuirfear An Garda Síochána in aithne do na leanaí.  Is é príomhaidhm na gcuairteanna seo Gardaí a chur in aithne do na leanaí agus tús a chur le caidreamh a chothú eatarthu. 

Réamhscoil – Garda a chur in aithne – cuirfidh na Gardaí iad féin in aithne do na leanaí agus tabharfaidh siad roinnt leathanaigh/leabhar dathúcháin dóibh. 

Naíonáin Shóisearacha – Bí Sábháilte – múintear do na leanaí cé hiad na strainséirí sábháilte ar féidir leo cabhair a iarraidh orthu má bhíonn cabhair ag teastáil uathu.

Naíonáin Shinsearacha – Ról an Gharda Síochána – léirítear anseo na róil éagsúla a bhíonn ag Gardaí agus conas glaoch ar chabhair. 

Seo an chéad uair a chuirfear An Garda Síochána in aithne do na leanaí.  Is é príomhaidhm na gcuairteanna seo Gardaí a chur in aithne do na leanaí agus tús a chur le caidreamh a chothú eatarthu. 

Réamhscoil – Garda a chur in aithne – cuirfidh na Gardaí iad féin in aithne do na leanaí agus tabharfaidh siad roinnt leathanaigh/leabhar dathúcháin dóibh. 

Naíonáin Shóisearacha – Bí Sábháilte – múintear do na leanaí cé hiad na strainséirí sábháilte ar féidir leo cabhair a iarraidh orthu má bhíonn cabhair ag teastáil uathu.

Naíonáin Shinsearacha – Ról an Gharda Síochána – léirítear anseo na róil éagsúla a bhíonn ag Gardaí agus conas glaoch ar chabhair. 

Anois agus clár na luathbhlianta críochnaithe ag na leanaí agus iad beagán níos sine, is féidir le Gardaí mionsonraí breise a thabhairt faoi ról an Gharda Síochána agus labhairt faoi na haonaid éagsúla in An Garda Síochána a chuidíonn le daoine a choinneáil slán. De réir mar a éiríonn leanaí níos sine, cuirtear tuilleadh ceachtanna ar fáil atá curtha in oiriúint don tsábháilteacht phearsanta, do shábháilteacht Oíche Shamhna agus don tionchar a bhíonn ag a n-iompar ar dhaoine eile.

Seo miondealú ar chlár na mbunscoileanna:

Rang 1/Rang 2 – Ról an Gharda

Tugtar breis sonraí anseo faoin obair a dhéanann Gardaí

Rang 1/Rang 2 – Sábháilteacht ar Bhóithre

Hi-Glo Silver Seatbelt Sheriff

D’ullmhaigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre na ceachtanna seo agus leagtar amach iontu a thábhachtaí atá sé go bhfeicfí thú, go mbeifeá sofheicthe agus go gcaithfeá do chrios sábhála. 

Rang 1/Rang 2 – Sábháilteacht Phearsanta

Múintear sa cheacht seo do na leanaí conas fanacht slán agus iad amuigh faoin aer. 

Rang 3/Rang 4 – Sábháilteacht Oíche Shamhna

Múintear sa cheacht seo faoin dlí maidir le tinte ealaíne agus conas fanacht slán Oíche Shamhna

Rang 3/Rang 4 – Mo Chomharsana

Múintear anseo dúinn conas a bheith inár mbaill mhaithe dár bpobal. 

Rang 3/Rang 4 – Bí Cineálta ar Líne

Foghlaimeoidh na daltaí:

  • – Cad is cibearbhulaíocht ann
  • – An chaoi ar féidir le cibearbhulaíocht duine a ghortú
  • – Go mbíonn cibearbhulaíocht mícheart i gcónaí
  • – An chaoi ar féidir lena ngníomhartha, lena neamhghníomh agus lena bhfreagairtí ar an méid a phostálann daoine eile ar líne cur leis an gcibearbhulaíocht, bíodh sin déanta d’aon ghnó nó de thaisme
  • – Cad a d’fhéadfaidís a dhéanamh chun cibearbhulaíocht ina gcoinne féin agus i gcoinne daoine eile a chosc

Rang 5/Rang 6 – Coireacht a Imscrúdú

Féachtar sa cheacht seo ar cad is coir ann agus ar an gcaoi a ndéantar imscrúduithe.

Rang 5/Rang 6 – Loitiméireacht

Scrúdaítear sa cheacht seo cad is loitiméireacht ann agus na dlíthe a bhaineann léi.

Rang 5/Rang 6 – M’Iompar ]

Scrúdaítear sa cheacht seo an tionchar a bhíonn ag iompar duine óig ar an bpobal.

Forbraíodh Clár Iar-bhunscoileanna an Gharda Síochána chun teacht le siollabas Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. \ Tá Gardaí oilte ar fáil chun ranganna a éascú i gcomhar leis na múinteoirí mar chuid den chúrsa OSPS ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí sna modúil seo a leanas:

Bliain 1 – Bliain 3 – Sábháilteacht Phearsanta

Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na nithe seo a leanas:

  • – Cad is sábháilteacht phearsanta ann?
  • – Cén fáth a bhfuil sí tábhachtach?
  • – Conas tú féin a choinneáil slán.
  • – Sábháilteacht Rothaíochta.
  • – Sábháilteacht Fóin Póca.

Bliain 1 – Bliain 3 – Sábháilteacht ar an Idirlíon

Connect with Respect – Beidh na daltaí in ann ciapadh ar líne agus cibearbhulaíocht a aithint agus tuigfidh siad nach bhfuil glacadh leo.  Fiosróidh na daltaí an tionchar a bhíonn ag cibearbhulaíocht agus ciapadh ar líne ar dhaoine óga.  Beidh siad in ann bealaí a shainaithint chun freagairt go héifeachtach má dhéanann ciapadh ar líne agus cibearbhulaíocht difear dóibh.

Be in CTRL – Dírítear in acmhainn Be in Ctrl ar chomhéigean gnéasach agus sracadh gnéasach ar líne a dhéanann daoine fásta ar dhaoine óga, ach d’fhéadfadh an t-iompar seo a bheith ann i dtimpeallacht piaraí freisin.

Bliain 1 – Bliain 3 – Mí-Úsáid Substaintí

Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na nithe seo a leanas:

  • – Cad is alcól ann? Conas a oibríonn sé?
  • – Iarmhairtí an Alcóil
  • – Cad is cannabas ann?
  • – Éifeachtaí Cannabais
  • – Pionóis as Cannabas a Úsáid
  • – Reachtaíocht

Bliain 1 – Bliain 3 – Cearta an Duine, Comhionannas agus Éagsúlacht

Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na nithe seo a leanas:

  • – Ról an Gharda Síochána maidir le Cearta an Duine a chosaint
  • – Comhionannas
  • – Idirdhealú
  • – Ciníochas
  • – Coireacht Fuatha
  • – Éagsúlacht

Bliain 1 – Bliain 3 – Dlí Coco

Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint ag na daltaí ar na bearta cuí atá le déanamh má thagann siad ar ábhar díobhálach ar líne, amhail íomhá dhlúthphearsanta a fháil, lena n-áirítear é a thuairisciú, cabhair a lorg agus a gcearta a thuiscint. Déanfaidh siad machnamh ar a thábhachtaí atá sé príobháideacht agus teorainneacha daoine eile ar líne a urramú, tionchar a ngníomhartha a thuiscint agus freagracht a ghlacadh as timpeallacht dhigiteach shábháilte dhearfach a chruthú.  

Bliain 4 – Bliain 6 – Mí-Úsáid Substaintí

Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint agat ar na nithe seo a leanas:

  • – Cad is mí-úsáid substaintí ann?
  • – Cad is druga rialaithe ann?
  • – Reachtaíocht
  • – Stopadh agus Cuardach
  • – Comharthaí agus Siomptóim a bhaineann le hÚsáid/Mí-Úsáid Drugaí

Bliain 4 – Bliain 6 – Iarmhairtí Iompair Choiriúil

Faoi dheireadh an ranga seo, beidh tuiscint agat ar na nithe seo a leanas:

Smaoineamh sula ngníomhaíonn tú. Dírítear sa cheacht seo ar ionsaithe agus ar ionsaithe aon bhuille amháin.

Tacaíonn Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), mar chuid de churaclam na scoile, le forbairt phearsanta, sláinte agus folláine daoine óga agus cabhraíonn sé leo caidrimh thacúla a chruthú agus a chothabháil. 

Tá An Garda Síochána ag cur faisnéis ábhartha leis an ábhar a chlúdaíonn na múinteoirí agus ag míniú na reachtaíochta ar bhealach a thuigeann daoine óga.