Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Príomhoifigeach Míochaine an Gharda Síochána

Dr. Oghenovo Oghuvbu

Teideal: Príomhoifigeach Míochaine an Gharda Síochána

Ainm: An Dochtúir Oghenovo (Ovo) Oghuvbu

Tír  Dhúchais: Delta State, Nigeria

Ceaptha: 3 Iúil 2017

Ballraíocht : 2010

Is Comhalta den Faculty of Occupational Medicine, Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann, é an Dr Oghuvbu. Is Speisialtóir cláraithe sa Mhíochaine Cheirde é i Rannán na Speisialtóirí de Chlár Chomhairle na nDochtúirí Leighis. Bhí sé ina chomhalta roimhe seo de Bhord Faculty of Occupational Medicine agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Oideachais an Bhoird. Bhí sé ina chomhalta de Ghrúpa Comhairleach Saineolaithe Faculty of Occupational Medicine maidir leis an tSamhail Chúraim Roghnaithe don Mhíochaine Cheirde in Éirinn, chomh maith le Grúpa Athbhreithnithe Rialachais na Dáimhe. Lasmuigh den Dámh, bhí sé ina chomhalta den fhochoiste um Bainistíocht Éigeandála Gortuithe agus Próifiolacsas Iar-Nochtaithe (PEP) de Choiste Comhairleach Eolaíoch (SAC) an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC), agus bhí sé ina chomhalta den Choiste Stiúrtha Eolaíoch do na Comhdhálacha Náisiúnta um Phróifiolacsas Iar-Nochtaithe.

Buaicphointí Gairme:

1991 -  Intéirneacht Leighis in Oileán na Tríonóide agus Tobága, na hIndiacha Thiar. Poist oiliúna réamhspeisialtóireachta sa Leigheas Inmheánach, sa Phéidiatraic agus sa Leigheas Riospráide in Oileán na Tríonóide agus Tobága agus in Éirinn.

2002 - Sainoiliúint sa Mhíochaine Cheirde faoi choimirce Irish Committee on Higher Medical Training, agus taithí faighte sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus i réimsí éagsúla oibre agus tionscail in Éirinn.

2006- Speisialtóir sa Mhíochaine Cheirde, Corporate Health Ireland, Éire.

2008 - Speisialtóir Neamhspleách sa Mhíochaine Cheirde.

2009 - Speisialtóir sa Mhíochaine Cheirde, FSS an Iarthair, Éire.

2010 - Speisialtóir sa Mhíochaine Cheirde, An Garda Síochána.

Cáilíochtaí:

Baitsiléir Leighis: Baitsiléir Máinliachta, College of Medicine, University of Lagos, an Nigéir (1991)

Ard-Dioplóma sa Mhíochaine Cheirde, Ollscoil Mhanchain (2001)

Ballraíocht, Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann (2002)

Dioplóma sa Leigheas Trópaiceach, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (2004)

Ballraíocht, Faculty of Occupational Medicine, Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann (2005)

Teastas ar Chríochnú Sásúil na Sainoiliúna sa Mhíochaine Cheirde, Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann agus Irish Committee on Higher Medical Training (2007)

Teastas i gCeannaireacht agus Bainistíocht Éifeachtach do Ghairmithe Sláinte Ceirde, Ollscoil Ghlaschú (2013)