Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

    Is gá. Moltar duit cóip a chur faoi iamh de do cheadúnas tiomána mar gheall go gcabhraíonn sé linn d’íocaíocht a phróiseáil.

    I gcás sealbhóir ceadúnas tiomána neamh-Éireannach, ní féidir d’íocaíocht a phróiseáil gan cóip a sholáthar de do cheadúnas tiomána dár ngníomhairí íocaíochta.

    Má fuarthas an íocaíocht i ndiaidh na tréimhse tosaigh 28 lá, cuirtear toirmeasc dlíthiúil ar ár ngníomhairí íocaíochta, An Post, ó ghlacadh leis an tsuim níos lú.  I mír chárta creidmheasa an Fhógra, luaitear go soiléir “sa chás gur éag na 28 lá tosaigh i ndiaidh d’íocaíocht a fháil, gearrfar an fhíneáil mhéadaithe ar do chárta”

    Ní cheadaítear faoin reachtaíocht íocaíocht a dhéanamh i ndiaidh gur éag an tréimhse 56 lá. I ndiaidh an ama seo, eiseofar toghairm go huathoibríoch.  Ní féidir cur isteach ar an bpróiseas seo.  Beidh tú i dteideal cuntas a thabhairt ar chúinsí do cháis leis an gCúirt ar dháta d’éisteachta.

     • Ar an nguthán - Is féidir gach muirear nár gearradh pointí pionóis orthu a íoc ar an nguthán trí úsáid a bhaint as cártaí léasair nó creidmheasa.  Ní ghlactar le cártaí dochair a d’eisigh bainc lasmuigh d’Éirinn. (Íosghlao 0818 50 60 80 Nó +353 504 59800 má táthar ag glao ó áit lasmuigh d’Éirinn)

    • I bpearsan - is féidir gach muirear a íoc in Oifig an Phoist. Is féidir leat íoc le hairgead tirim, seic, dréacht bainc nó cárta léasair. Ba cheart go mbeadh seiceanna iníoctha le An Post. 

    • Sa Phost - Is féidir leat íoc le seic, ordú poist, dréacht bainc, cárta léasair nó creidmheasa. Ní ghlactar le cártaí dochair a d’eisigh bainc lasmuigh d’Éirinn. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní féidir glacadh ach le seic amháin don mhéid iomlán. Ní féidir glacadh le meascán íocaíochtaí, e.g. seic agus airgead tirim le chéile. Ba cheart go mbeadh seiceanna iníoctha le “An Comhalta i gCeannas”. Ní mholtar airgead tirim a sheoladh sa phost.

    • Tabhair faoi deara, le do thoil, gurb é Lá 1 an dáta atá clóite faoin uimhir thagartha ar an bhFógra Muirir Sheasta, seachas dáta an chiona. Chomh maith leis sin, tá Lá 28 agus Lá 56 marcáilte go soiléir in uachtar na foirme ar thaobh na láimhe clé faoi chló trom. 

    • Nuair atáthar ag íoc le cárta, taispeánfar an t-idirbheart mar "An Post - Billpost" ar an ráiteas bainc/cárta creidmheasa.

    I gcás sealbhóir ceadúnas tiomána neamh-Éireannach, ní féidir d’íocaíocht a phróiseáil gan cóip a sholáthar de do cheadúnas tiomána dár ngníomhairí íocaíochta.

    Is é dáta tosaithe na bpointí 28 lá ó dháta an fhógra ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.  Is féidir breis faisnéise a fháil ó láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

    I ndiaidh íoc as cion Pointe Pionóis, eiseoidh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre litir “Fógra um leithdháileadh Pointí Pionóis” sa phost a dheimhníonn gur leithdháileadh pointí pionóis ar thaifead ceadúnas tiomána duine. Sular féidir leanúint leis seo a dhéanamh, caithfidh tú d’uimhir cheadúnas tiomána a sholáthar. Ní féidir linn glacadh le híocaíocht gan an uimhir seo.

    Ní cheadaítear faoin reachtaíocht íocaíocht a dhéanamh i ndiaidh gur éag an tréimhse 56 lá. I ndiaidh an ama seo, eiseofar toghairm go huathoibríoch. Ní féidir cur isteach ar an bpróiseas seo.

    • Má eisíodh an fógra do chion nach ngearrtar pointí pionóis air, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta trí ghlao ar 0818 50 60 80 nó ríomhphost a sheoladh chuig npo@garda.ie. Tabharfar uimhir thagartha agus cód idirbhirt duit is féidir leat a úsáid chun an muirear a íoc ar an ngnáthbhealach.
    • Má eisíodh an fógra do chion nach ngearrtar pointí pionóis air, caithfidh tú cóip a fháil den fhógra chun íocaíocht a dhéanamh. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta trí ghlao ar 1890 30 40 6 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig npo@garda.ie agus seolfar cóip chugat sa phost. Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh na hamfhrámaí bunúla le haghaidh íocaíochta i gceist go fóill. Féadfaidh sé a fhad le 5 lá oibre a ghlacadh chun é a chur i gcló arís. Ba cheart duit cláruimhir d’fheithicle a thabhairt don oibreoir nuair a chuireann tú glao.

    Más mian leat an Fógra Muirir Sheasta a fhiosrú ar na forais seo, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta trí ghlao ar 0818 50 60 80.

     

    • Caithfidh tú gach cuid den dearbhú a chomhlánú chun go nglacfar le híocaíocht.
    • Uimhir thiománaí ar an gceadúnas/cead – Ar cheadúnais pháipéir, is é an uimhir a theastaíonn anseo an uimhir faoi chló DUBH ar an gcéad leathanach den cheadúnas ar chlé ón ngrianghraf.  Ar cheadúnais/cheadúnais foghlaimeora phlaisteacha, tá an uimhir thiománaí atá ag teastáil ag 4d.
    • Ainm - Is é sin, ceadúnas/ceadúnas foghlaimeora - Caithfidh tú an mhír seo a chomhlánú agus na sonraí féin ar do cheadúnas tiomána á n-úsáid. Mar shampla, má luaitear ar an gceadúnas John Patrick Smith agus má luaitear ar an bhfógra John Smith, caithfidh tú John Patrick Smith a chomhlánú sa mhír seo. Is amhlaidh atá seo lena chinntiú go gcuirtear na pointí i bhfeidhm ar an gcomhad ceart ceadúnas tiomána. Ní ghlacfar le híocaíocht má chomhlánaítear an mhír seo go mícheart
    • Síniú ar Dearbhú - Tríd an Dearbhú a shíniú, glacann tú leis go ndearna tú an cion. Is é an t-aon síniú a ghlacfar ar an dearbhú síniú an duine ar seoladh an fógra chuige/chuici. Ní féidir le duine eile an fhoirm a shíniú thar ceann an tiománaí/íocaí faoi chúinsí ar bith. Sa chás go bhfuil duine lasmuigh den dlínse nó nach bhfuil fáil láithreach orthu, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta, 0818 50 60 80 nó +353 504 59800, chun teacht ar bhreis faisnéise

    Féach, chomh maith, Ceisteanna Coitianta faoi Cheadúnas Tiomána   

    Lena dheimhniú cé mhéid pointe pionóis atá ar thaifead do cheadúnais tiomána, déan teagmháil leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre trí ghlao ar 0818 41 61 41, agus luaigh d’uimhir thiománaí.

    Má d’ainmnigh cuideachta thú go mícheart, caithfidh tú an Fhoirm um Chealú FMS a chomhlánú agus é seo a sheoladh i dteannta litreach ó Úinéir Cláraithe na feithicle ina luaitear go ndearnadh thú a ainmniú go mícheart.  Caithfear a lua sa litir seo, chomh maith, cé a bhí ag tiomáint ag an tráth a rinneadh an ciontóir a bhrath.

    Tá roinnt cúiseanna ann go ndiúltaítear íocaíocht. Tabharfar cuntas air seo ar an litir dhiúltaithe a bheadh faighte agat.  Beidh ort an fhadhb a réiteach agus an fógra/íocaíocht a sheoladh ar aghaidh arís.

    Caithfidh tú an Fhoirm um Chealú FMS a chomhlánú, agus seo a sheoladh sa mhullach ar chóip den cheadúnas foghlaimeora (cóip den chúl agus den tosach) agus cóip den Fhógra Muirir Sheasta chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta, Sráid Parnell, Durlas, Contae Thiobraid Árann, E41 WV84 go ndéanfar breithniú air.

    Cliceáil anseo chun cóip a íoslódáil den Foirm um Chealú FMS

     

    Caithfidh tú an Fhoirm um Chealú FMS a chomhlánú, agus seo a sheoladh sa mhullach ar chóip de Theastas Dochtúra um Dhíolúine ó Chrios Sábhála a Chaitheamh go hÉigeantach faoi mar a fhorordaítear i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Sriantacha do Leanaí i Mótarfheithiclí), 2006 agus cóip den fhógra muirir sheasta chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta, Sráid Parnell, Durlas, Contae Thiobraid Árann, E41 WV84 go ndéanfar breithniú air.

    • Má fuair tú toghairm le teacht chun na cúirte agus má cheapann tú gur íoc tú an fhíneáil, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta trí ghlao ar ag 0818 50 60 80.  Bíodh d’uimhir thagartha nó cláruimhir d’fheithicle ar láimh agat nuair a bhíonn tú ag glao


    • Tabhair faoi deara, chomh maith, le do thoil, sa chás gur tugadh íocaíocht chun críche, eiseofar toghairm go fóill mura gcomhlíontar iarrataí ar cheadúnas tiomána agus/nó árachas a sholáthar, nó maidir le cionta eile neamhsheasta a bhraitear ag an tráth céanna

    Caithfidh úinéir na feithicle an mhír Ráiteas Ainmnithe Ainm agus Sheoladh an Tiománaí (atá ar chúl an fhógra) a chomhlánú agus caithfear ainm agus seoladh thiománaí na feithicle ar dháta an chiona a lua.

    Ba cheart an fógra comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta laistigh de 28 lá i ndiaidh dháta an fhógra. Níor cheart aon íocaíocht a sheoladh ar ais ag an tráth seo mar gheall go n-eiseofar fógra nua don tiománaí.

    Tá an t-úinéir, seachas an tiománaí, freagrach as an bhfógra a chomhlánú Féach, chomh maith, Fíneálacha Cuideachta

     

    • Caithfidh úinéir cláraithe na feithicle an mhír Ráiteas Ainmnithe Ainm agus Sheoladh an Tiománaí (atá ar chúl an fhógra) a chomhlánú agus caithfear ainm agus seoladh thiománaí na feithicle ar dháta an chiona a lua. Ba cheart an fógra comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta laistigh de 28 lá i ndiaidh dháta an fhógra. Níor cheart aon íocaíocht a sheoladh ar ais ag an tráth seo mar gheall go n-eiseofar fógra nua don tiománaí

    • Tá an t-úinéir, seachas an tiománaí, freagrach as an bhfógra a chomhlánú. Níor cheart don chuideachta an fógra a thabhairt don tiománaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní leor stampa cuideachta mar shíniú.

    • Caithfidh úinéir na feithicle an mhír Ráiteas Ainmnithe Ainm agus Sheoladh an Tiománaí (atá ar chúl an fhógra) a chomhlánú agus caithfear ainm agus seoladh thiománaí na feithicle ar dháta an chiona a lua. Ba cheart an fógra comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta laistigh de 28 lá i ndiaidh dháta an fhógra. Níor cheart aon íocaíocht a sheoladh ar ais ag an tráth seo mar gheall go n-eiseofar fógra nua don tiománaí.

    • Tá an t-úinéir, seachas an tiománaí, freagrach as an bhfógra a chomhlánú. Níor cheart don chuideachta an fógra a thabhairt don tiománaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní leor stampa cuideachta mar shíniú.

    • Ní féidir muirear a íoc ach faoi ainm cuideachta mura ngearrann an muirear pointí pionóis

    • Má fuair tú fógra i dtaobh ciona a ngearrtar pointí pionóis air agus atá faoi ainm cuideachta, caithfidh tú tiománaí ar leith a ainmniú don chion. Caithfidh an chuideachta (ní ghlacfar le stampa cuideachta) an mhír Ráiteas Ainmnithe Ainm agus Sheoladh an Tiománaí (atá ar chúl an fhógra) a chomhlánú agus a shíniú agus caithfear ainm agus seoladh thiománaí na feithicle ar dháta an chiona a lua. Ba cheart an fógra comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta laistigh de 28 lá i ndiaidh dháta an fhógra. Níor cheart aon íocaíocht a sheoladh ar ais ag an tráth seo mar gheall go n-eiseofar fógra nua don tiománaí. Tá an chuideachta, seachas an tiománaí, freagrach as an bhFógra Muirir Sheasta a chomhlánú.

    Is é an t-aon síniú a ghlacfar ar an dearbhú síniú an duine ar seoladh an fógra chuige/chuici.  Ní féidir le duine eile an fhoirm a shíniú thar ceann an tiománaí/íocaí faoi chúinsí ar bith. Sa chás go bhfuil duine lasmuigh den dlínse nó nach bhfuil fáil láithreach orthu, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta, 0818 50 60 80, chun teacht ar bhreis faisnéise.

    Tá an fhreagracht dhlíthiúil as an tiománaí a shainaithint ar an úinéir cláraithe. Beidh an fógra faoi ainm an úinéara chláraithe i gcónaí mura n-ainmnítear an tiománaí leis an Oifig Próiseála Muirear Seasta (ar an bhfógra) laistigh de 28 lá.

    Gearrfar.  Cuirtear pointí pionóis i dtaifead ar an gceadúnas a sholáthraítear. Is féidir breis faisnéise a fháil ó láithreán gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre

    Mura leatsa an fheithicil a thuilleadh, caithfidh tú fianaise a sholáthar ina thaobh seo. Is féidir é seo a fháil ó d’Oifig Mótarchánach áitiúil nó ón Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta agus Tiománaithe, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i Sionainn trí ghlao ar 0818 411 412.

    •  Ní féidir muirear a íoc ach faoi ainm cuideachta murar gearradh pointí pionóis air

    • Má fuair tú fógra i dtaobh ciona a ngearrtar pointí pionóis air agus atá faoi ainm cuideachta, caithfidh tú tiománaí ar leith a ainmniú don chion. Caithfidh an chuideachta (ní ghlacfar le stampa cuideachta) an mhír Ráiteas Ainmnithe Ainm agus Sheoladh an Tiománaí (atá ar chúl an fhógra) a chomhlánú agus a shíniú agus caithfear ainm agus seoladh thiománaí na feithicle ar dháta an chiona a lua. Ba cheart an fógra comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Oifig Próiseála Muirear Seasta laistigh de 28 lá i ndiaidh dháta an fhógra. Níor cheart aon íocaíocht a sheoladh ar ais ag an tráth seo mar gheall go n-eiseofar fógra nua don tiománaí. Tá an chuideachta, seachas an tiománaí, freagrach as an bhFógra Muirir Sheasta a chomhlánú.

    Ní cheadaítear faoin reachtaíocht íocaíocht a dhéanamh i ndiaidh gur éag an tréimhse 56 lá.  I ndiaidh an ama seo, eiseofar toghairm go huathoibríoch.  Ní féidir cur isteach ar an bpróiseas seo.  Beidh tú i dteideal cuntas a thabhairt ar do chúinsí leis an gCúirt ar dháta d’éisteachta.