Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Úinéirí airnéise nár éilíodh á lorg an an nGarda Síochána

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil an airnéis seo ar díol – táimid ag déanamh iarracht airnéis a thabhairt ar ais d’úinéirí.

Tá an Garda Síochána ag cur tús le scéim phíolótach a ligfidh baill den phobal grianghraif d’airnéis (caillte nó goidte) ar líne atá i seilbh an Gharda Síochána agus nach bhfuil éilithe go fóill ag na húinéirí.

Feictear rogha earraí leis an chéad leath amach ó na suíomhanna Garda seo a leanas

Seanchill (lena gcumhdaítear stáisiúin na nGardaí i nDún Droma/An Charraig Dhubh/Dún Laoghaire/Deilginis/Seanchill/Kill O’Grange agus Cábán tSíle)

Sráid an Stórais (lena gcumhdaítear stáisiúin na nGardaí ar Shráid Mhic Giobúin agus Bridewell)

Baile Átha Luain 

Tír an Iúir

Ma fheiceann ball den phobal earra a agus ceapann sé gur is léis é an earra, ba cheart dul i dteagmháil leis an stáisiún cuí (mar atá liostaithe i cur síos an ghrianghraif) chun féachaint a shocrú.

Má tá airnéis caillte agat (nó mar goideadh airnéis uait), agus níl sé liostaithe sna grianghraif, teigh i dteagmháil leis do stáisiún Garda áitiúil le do thoil, chun a fháil amach an raibh sé curtha ar aghaidh dóibh. 

Sonraí tábhachtacha le tabhairt faoi deara:

1) Tuairiscigh i gcónaí don Garda Síochána go ngoideadh airnéis

2) Déan nóta de shraithuimhir do rothar, agus coinnigh é in áit inar féidir é aisghabháil go héasca más gá. 
Tá sonraí teagmhála do gach stáisiún Garda ar fáil ar www.garda.ie