Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Teachtaireacht Do Shealbhóirí Deimhnithe Airm Tine

Thosaigh an dara céim athnuachana móra de deimhnithe airm tine (3) bliana ar an 1 Lúnasa 2015. Rinneadh formhór dena hathnuachan ag deireadh na bliana 2015 agus leanfaidh sé ar aghaidh i rith 2016 agus 2017.

Ba cheart do gach sealbhóir reatha de dheimhniú airm time (seachas iad le Deimhniú Oiliúna Airm Tine) leagan atá LÍONTA ISTEACH CHEANA FÉIN den Fhoirm Athnuachana Airm Tine (FCR –Firearms Renewal Form) a fháil thar ar 3 mhí roimh dhul in éag a ndeimhniú reatha. Beidh na sonraí go léir atá ábhartha don deimhniú airm tine reatha san áireamh ar an bhforim athnuachana, lena n-áirítear an t-arm tine, moltóirí, dochtúir ginearálta, talamh srl. Cuirfear boscaí comhfhreagracha san áireamh chun aon athruithe a éascú, mar shampla, athrú moltóra, dochtúir srl. Is féidir leis an úinéir airm tine na hathruithe ar an bhfoirm athnuachana a dhéanamh, más gá, agus nuair atá an fhoirm sínithe déanfar é a chur ar ais chuig an Stáisiún áitiúil le breithniú ag an gCeannfort (nó an tArd-Cheannfort iomchuí má is iarratas arm tine srianta atá ann). Mura bhfuil aon athruithe ann, síníonn an t-iarratasóir an fhoirm athnuachana agus tugann sé foirm FCR chuig a stáisiún Gardaí ionas gur féidir leis an nGarda Síochána é a phróiseáil.

Nuair a dhéanann an Ceannfort (nó an tArd-Cheannfort) cinneadh maidir leis an athnuachan a dheonú, gheobhaidh an t-iarratasóir Litir Fógra Deontais sa phost (mar atá i gceist faoi láthair le hiarratas nua) agus nuair a íocfaidh sé/sí as sin, gheobhaidh sé/sí a d(h)eimhniú 3 bliana tríd an bpost. Níor athraíodh an struchtúr reatha táille agus tá costas €80 ar gach rang deimhniú airm tine seachas Deimhniú Oiliúna Airm Tine agus Deimhniú Airm Tine do Neamhchónaitheoirí a chosnaíonn €40 araon.

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh an fhoirm FCR atá LÍONTA ISTEACH CHEANA FÉIN amháin inghlactha ag an nGarda Síochána nuair atá tú ag déanamh athnuachan ar do dheimhniú airm tine agus caithfear gach iarratas ar athnuachan a bheith críochnaithe roimh an bhfoirm FCR a thabhairt ar ais go dtí stáisiún na nGardaí áitiúil.  Ar deireadh, níl an Fhoirm Athnuachana Arm Tine (FCR) ach in úsáid le haghaidh athnuachaintí deimhnithe airm tine. Béidh aon iarratas nua nó ionadú ar dheimhniú airm tine fós le déanamh at an fhoirm iarratas FCA1.

Má tharlaíonn rud éigin agus ní fhaigheann sealbhóir deimhnithe airm tine an fhoirm athnuachana airm tine (FCR) atá líonta isteach cheana féin sular dtéann a dheimhniú reatha in éag, téigh i dteagmháil láithreach le stáisiún na nGardaí áitiúil le do thoil.

Má theipeann ort é sin a dhéanamh, beidh airm tine neamhcheadúnaithe i do seilbh agat. Tá comhoibriú gach sealbhóir deimhnithe airm tine riachtanach chun a chinntiú go ndéantar athnuachan deimhnithe airm tine a bhainistiú agus a phróiseáil i gceart. Is mian leis an nGarda Síochána buíochas a ghabháil le gach úinéir airm tine as a gcomhoibriú leanúnach sa réimse seo.

Is féidir an fhaisnéis uile maidir leis na ceanglais/faisnéis maidir le hairm tine a onnmhairiú a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais www.justice.ie

Cliceáil ar an bhfoirm chuí le do thoil.