Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Tá An Garda Síochána tiomanta do sheirbhís thrédhearcach agus oscailte a chur ar fáil agus tá sé mar aidhm againn faisnéis a fhoilsiú, a d’fhéadfadh suim a bheith ag an bpobal féachaint uirthi, ar bhealach réamhghníomhach inár Scéim Foilsitheoireachta

Inár loga cinnidh foilsímid liosta denár bhfreagraí go léir ar Iarrtais um Shaoráil Faisnéise (gan iarratais ar fhaisnéis phearsanta san áireamh) ón dáta tosaithe, an 14 Deireadh Fómhair 2015.

Roinntear an loga cinnidh sna trí réimsí is féidir linn dáta a sholáthar de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus iarratais atá láimhseáilte go díreach ag an Oifig Saorála Faisnéise.

Ma tá tú ag smaoineamh faoi iarratas ar fhaisnéis a chur isteach, is féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcinntí chun a fháil amach an bhfuil freagra ar do cheist ann cheana féin. Ba cheart duit féachaint ar ár Scéim Foilsitheoireachta má tá seans ann go bhfuil an fhaisnéis a theastaíonn uait ar fáil cheana féin.

Airgeadas – Ginearálta

Tá an Stiúrthóireacht Airgeadais freagrach as bainistíocht airgeadais Vóta an Gharda, chomh leis a bheith freagrach as comhairle agus tacaíocht straitéiseach agus oibríochtúil a sholáthar don Gharda Síochána ar gach léibhéal.

2015 Cinntí

2016 Cinntí


Airgeadas – Soláthar

Tá an Rannóg Soláthair freagrach as earraí agus seirbhísí a cheannach don Gharda Síochána agus cinntíonn sí go gcomhíonnann na soláthairtí go léir le rialacha sholáthair AE agus Rialacháin Náisiúnta araon.

2015 Cinntí

2016 Cinntí

Bainistíocht Acmhainní Daonna

Tá ról ríthábhachtach ag Bainistíocht Acmhainní Daonna sa Gharda Síochána maidir le hearcaíocht agus imlonnú fhoirne an Gharda Síochána agus maidir leis na riachtanais HR atá ag níos mó ná 15,000 ball agus gnáth-phearsanra sa Gharda Síochána a bhainistiú.

2015 Cinntí

2016 Cinntí


Oifig Saorála Faisnéise

Soláthraíonn an Oifig Saorála Faisnéise cabhair agus comhairle d’iarratasóirí agus na rannóga ábhartha den Gharda Síochána atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014. Tríd an ról seo a chomhlíonadh, freagraíonn an Oifig FOI ar iarratas atá taobh amuigh raon feidhme an Achta.

2015 Cinntí

2016 Cinntí

Iniúchadh Inmheánach
Tá Rannóg Iniúchóireacht Inmheánach an Gharda Síochána bainteach le iniúchadh agus scrúdú a dheánamh ar na córais agus próisis sa Gharda Síochána, ag cur cinnteacht oibiachtúil agus seirbhís chomhairleach ar fáil atá ceaptha chun luach a chur le hoibríochtaí an heagraíochta agus chun iad a chur chun cinn.

2016 Cinntí