Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

SF - Ceisteanna Coitianta

Cad é cuspóir an Acht un Shaoráil Fairsnéise?

Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 níos mó rochtain ar fhaisnéis don phobal maidir le hoibríochtaí an rialtais agus comhlachta poiblí, An Garda Síochána san áireamh. Go héifeachtach, d’athraigh sé an toimhde rúndachta a bhí ann, go toimhde oscailteachta maidir le faisnéis oifigiúil.

Ceanglaíonn an tAcht comhlachtaí FOI freagra a thabhairt ar iarratais ón bpobal maidir le faisnéis atá acu. I bhfórmhar na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí a gcinneadh a tabhairt ar iarratas laistigh de 4 seachtaine ón uair a fhaigheann said é. Chomh maith leis sin, ceanglaítear ar chomhlachtaí FOI faisnéis áirithe a fhoilsiú agus spreagtar iad an méid faisnéise agus is féidir a fhoilsiú lasmuigh den mhéid atá ceangailte faoin Acht.

Cad iad na cearta a thugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise?

Foráiltear leis an Acht, go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine ón dáta éifeachtach:

• An ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile mar atá sainmhínithe san Acht

• An ceart chun faisnéis phearsanta a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach

• An ceart chun cúiseanna a fháil maidir leis na cinntí a rinne comhlachtaí poiblí a mbíonn tionchar acu orthu.

Foráiltear leis na Rialacháin gur féidir le tuismitheoirí, caomhnóirí agus neasghaolta iarratas a dhéanamh maidir leis na cearta seo a fheidhmiú i gcúinsí áirithe.

Ciallaíonn na cearta seo gur féidir le daoine iarratas a dhéanamh maidir le rochtain a fháil ar thaifid a cruthaíodh tar éis an dáta éifeachtach (21 Aibreán 2008).

An gá dom iarratas FOI a dhéanamh chun faisnéis a fháil ón nGarda Síochána?

Ní gá, cuireann An Garda Síochána faisnéis ar fáil don phobal go rialta trí Scéim Foilsitheoireachta FOI ar shuíomh gréasáin An Gharda Síochána, www.garda.ie, trí bhileoga faisnéise, foilseacháin agus freagraí ar cheisteanna. Leanfaidh sé seo ar aghaidh. Foráiltear le FOI foinse bhreise faisnéise trí rochtain ar thaifid nach bhfoilsítear go rialta a fháil.

 

Conas is féidir liom faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ón nGarda Síochána?

Faoin Acht FOI 2014, cuireann An Garda Síochána faisnéis ar fáil trí dhá phríomh-uirlis;

• Scéim Foilsitheoireachta An Gharda Síochána – áirítear leis an scéim seo faisnéis ginearálta a fhoilsíonn An Garda Síochána go rialta.

• Ceart Rochtana Ginearálta – muna bhfuil an fhaisnéis atá á lorg agat i Scéim Foilsitheoireachta An Gharda Síochána, is féidir leat do cheart a fheidhmiú faoin Acht FOI 2014, chun iarratas foirmiúil a dhéanamh. Chun níos mó eolais a fháil amach faoi iarratas a dhéanamh faoin Acht FOI 2014, cliceáil anseo.

Cad í Scéim Foilsitheoireachta An Gharda Síochána?

Foilsíonn Scéim Foilsitheoireachta An Gharda Síochána faisnéis nuashonraithe go rialta a d’fhéadfadh a bheith suimiúil don phobal. Tá sí inrochtana tríd an rannóg de www.garda.ie a bhaineann le Saoráil Faisnéise. Áirítear leis seo taifid de na hiarratais agus freagraí go léir a bhaineann le hAcmhainní Daonna, Airgeadas agus Soláthar.

An gá dom íoc as fasinéis nach bhfuil ar fáil ar an Scéim Foilsitheoireachta?

Níl aon táille ag baint le féachaint ar fhaisnéise ar ár suíomh gréasáin nó doiciméid i bhfoirm leictreonach a iniúchadh tríd an roinn um Shaoráil Faisnéise.

Cad a dhéanfaidh mé má tá faisnéis uaim nach bhfuil ar fáil ar an Scéim Foilsitheoireachta?

Muna bhfuil an fhaisnéis atá á lorg agat inrochtana sa Scéim Folisitheoireachta, is féidir lead iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaorail Faisnéise tríd an Oifig ar Shaoráil Faisnéise an Gharda Síochana..   

Cén cineál faisnéise is féidir a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

Tá sé de cheart ag daoine iarraidh ar fhaisnéis thaifeadta atá ag an nGarda Síochána faoi na réimsí riaracháin seo a leanas:

• Bainistíocht Acmhainní Daonna

• Airgeadas

• Soláthar

Deonaíodh roinnt díolúintí don Gharda Síochána faoin Acht chun a chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh lenár bpríomhfheidhmeanna agus chun a chinntiú nach gcuirfear slándáil an Stáit i mbaol.
 

Áirítear leis na díolúintí seo taifid a chruthaigh an Garda Síochána nó atá i seilbh An Gharda Síochána i roinnt réimsí lena n-áirítear; an tAonad Práinnfhreagartha, an tAonad Speisialta Bleachtaireachta, An tAonad um Shlándáil agus Faisnéis agus an Biúró um Shócmhainní Cóiriúla.

 
Is féidir díolúintí atá leagtha síos san Acht a fháil anseo.

An bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta?

Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise an ceart duit iarraidh ar fhaisnéis atá i seilbh údaruithe poiblí agus an ceart chun faisnéis fút féin a cheartú nó a nuashonrú nuair atá an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

 Próiseálann an tAonad Próiséala um Chosaint Sonraí, atá lonnaite ag an Lárionad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána i Dúrlas, Iarratais Rochtana um Chosaint Sonraí a dhéanann daoine ar an nGarda Síochána agus rochtain á lorg acu ar a gcuid sonraí pearsanta. Cliceáil anseo le haghaidh faisnéise a bhaineann le hIarratais Rochtana um Chosaint Sonraí.


An féidir leis an lucht oibre rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta?

Is féidir le Pearsanra an Gharda Síochána atá faoi mhoinn agus gnáthgharda rochtain a fháil ar a gcuid comhad pearsanra tríd an rannóg Acmhainní Daonna agus Forbartha Daoine gan aon ghá le forálacha an Achta FOI a úsáid. Chun leas a bhaint as an tseirbhís seo, is féidir le pearsanra an Gharda Síochána dul I dteagmháil le HR&PD tríd an ríomhphost hrm_records@garda.ie


Cé atá in ann iarraidh ar fhaisnéis?

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, is féidir le duine ar bith, in aon áit ar domhain, iarratas a dhéanamh ar údarás poiblí le haghaidh faisnéise. Tá iarratasóir i dteideal a bheith curtha ar an eolas i scríbhinn má tá aon fhaisnéis ann agus an fhaisnéis sin a bheith curtha in iúl dó.

Má dhiúltaítear aon chuid den fhaisnéis, ní mór don Gharda Síochána fógra diúltaithe a chur ar fáil don iarratasóir a luann go soiléir na cúiseanna a bhaineann leis an bhfáth atámid ag coinneáil siar an fhaisnéis a iarrtar agus an próiseas achomhairc a dhéanamh soiléir.

 

Conas a dheánaim iarratar as Shaoráil Faisnéise?

Ní mór d’iarratas:

• A bheith i scríbhinn (is féidir é seo a dhéanamh tríd an bpost nó trí ríomhphost)

• Ainm an iarrastóra a lua agus seoladh le haghaigh comhfhreagrais

• Cur síos a dhéanamh ar an bhfaisnéis a iarrtar agus a bheith soiléir ionas gur féidir linn na taifid atá á n-iarrtar a thuiscint. I gcás nach bhfuil sé sóiléir, cuirfimid in iúl don duine atá ag déanamh an iarratais go bhfuil soiléiriú ag teastáil maidir leis an bhfaisnéis a iarrtar.
Nuair atá faisnéis atá pearsanta á lorg agat, beidh ort an t-aitheantas cuí a sholathar. I gcásanna nuair atá tú ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifid faoi alt 37(8) (i.e. tuismitheoir/caomhnóir, duine atá marbh), beidh ort sonraí breise a sholáthar chun na cearta seo a chur i bhfeidhm – féach foi.gov.ie le tuilleadh eolais.


De rogha ar sin, is féidir leat an Fhoirm Iarratais a íoslódáil anseo.

An bhfuil an Ceart Gineáralta Rochtana i bhfeidhm maidir le taifid a cruthaíodh tar éis teacht i bhfeidhm an Achta?

Níl, tá an tAcht siarghabhálach go dtí an 21 Aibreán 2008.

An féidir liom cabhair a fháil chun iarratas a dhéanamh?

Is féidir. Má theastaíonn uait camhair, beidh an lucht oibre sa rannóg FOI sásta cabhair a thabhairt duit chun d’iarratas a dhéanamh. Cliceáil  anseo chun eolas teagmhála a fháil.

An féidir leis an nGarda Síochána iarratas ar fhaisnéis a dhiúltiú?

Is féidir. Is féidir linn iarrtas ar fhaisnéis a dhiúltiú má:

• Níl an taifead lena mbaineann ann nó ní féidir é a fháil tar éis na mbeart réasúnta go léir a dhéanamh chun é a fháil

• Tá an t-iarratas chomh mór sin go gcuirfidh sé isteach ar obair na rannóige FOI gan réasún an fhaisnéis a fháil, tá an t-iarratas cráiteach, bhí an t-iarratas ann roimhe seo nó tá sé le foilsiú laistigh de 12 sheachtain ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas nó tá sé mar intinn acu an fhaisnéis a fhoilsiú laistigh de 6 seachtaine ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas

• Níos íocadh an táille chuí nó tá an costas chun an t-iarratas a chomhlíonadh níos mó ná an ‘teorainn chuí’ (€700 faoi láthair)

• Tá an fhaisnéis a iarrtar laistigh den raon feidhme, nó is díolúine í de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014

Cé chomh tapa agus a fhreagróidh tú iarratas ar fhaisnéis?

Cuirfidh an Oifig Saorála Faisnéise in iúl duit i scríbhinn má tá an fhaisnéis a iarrtar ag an nGarda Síochána nó muna bhfuil sí acu. Más amhlaidh, cuirfimid an fhaisnéis in iúl duit, de ghnáth laistigh de 20 lá oibre tar éis d'iarratas a fháil.

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh iarratas a bheith diúltaithe. Sa chás sin, eiseofar Fógra Diúltaithe a chuirfidh in iúl duit ár gcúiseanna. De ghnáth cuirfear an fógra seo in iúl duit laistigh de 20 lá oibre.

Céard is Fógra Diúltaithe ann?

Má dhiúltaítear aon chuid den fhaisnéis, ní mór don Gharda Síochána fógra diúltaithe a chur ar fáil don iarratasóir a luann go soiléir na cúiseanna a bhaineann leis an bhfáth atámid ag coinneáil siar an fhaisnéis a iarrtar agus an próiseas achomhairc a dhéanamh soiléir.

An mbeidh an t-iarratasóir in ann an fhaisnéis uile a iarrtar a fháil?

Ní i gcónaí. Aithníonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise go mbeidh cúiseanna bailí ann go bhféadfaí roinnt cineálacha faisnéise a choinneáil siar. Tugadh roinnt díolúintí faoin Acht don Gharda Síochána chun a chinntiú go bhféadfaimid leanúint ar aghaidh ag déanamh ár bpríomhfheidhmeanna agus nach gcuirtear slándáil an Stáit I mbaol.

Áirítear leis na díolúintí seo taifid a chruthaigh an Garda Síochána nó atá i seilbh An Gharda Síochána i roinnt réimsí lena n-áirítear; an tAonad Práinnfhreagartha, an tAonad Speisialta Bleachtaireachta, An tAonad um Shlándáil agus Faisnéis agus an Biúró um Shócmhainní Cóiriúla.

Tá liosta de chuid de na díolúintí atá leagtha síos san Acht anseo.

An bhfuil aon táillí ann?

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisneise 2014 córas táillí FOI go hiomlán nua. Tá Ordú an Aire ag bunú an chórais táille nua leagtha síos I S.I. 531 of 2014.

Seo a leanas achoimre ar an struchtúr nua táille maidir le hiarratais neamhphearsanta:

• Má tá costas an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála €100

nó níos lú, níl aon táille i gceist

• Má tá an táille níos mó ná €100, tá táillí iomlána i gceist suas le táille uasta de €500

• Má tá costas measta an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála níos mó ná € 700, is féidir leis an nGarda Síochána próiseáil ar d’iarratas a dhiúltiú, ach amháin má bheartaíonn tú d'iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoin teorainn seo. Muna bhfuil tú in ann an cuardach a bheachtú agus ba mhaith leat fós dul ar aghaidh le d’iarratas, beidh ort táillí iomlána a íoc.

• I gcás nach sáraítear an uasteorainn (€ 700), is iad na híocaíochtaí a d'fhéadfaí a chur ar aghaidh duit ná iad siúd a bhaineann leis an fhaisnéis a sholáthar, mar shampla fótachóipeáil agus postáil, suas go huasmhéid de € 500. Cuirfear in iúl duit má tá aon chostais le híoc sular scaoileadh na faisénise

Liosta táille:

An Cinéal Táille

Táille Chaighdeánach

Taifid a lorg agus iad a fháil

€20 in aghaidh na huaire

Fótachóipeáil

4 in aghaidh an leathanaigh

CD-ROM ina bhfuil cóip de dhoiciméid

€10

An bhfuil costas teorann ann maidir le hiarratas ar Shaoráil Faisnéise?

Go ginearálta, tá teorainn de €500 ar na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála. Má tá costas measta an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála níos mó ná € 700, áfach, féadfaidh An Garda Síochána próiseáil ar d’iarratas a dhiúltiú, ach amháin má bheartaíonn tú d'iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoin teorainn seo.

Ciallaíonn sé seo nuair a fhaigheann an Garda Síochána iarratas, ní mór dúinn meastachán a dhéanamh ar an méid a chosnóidh sé chun déileáil leis agus an mbeidh sé laistigh de na teorainneacha.

Agus an costas comhlíonta á meas againn, is féidir linn costas na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

• An bhfuil an fhaisnéis a iarrtar againn

• An fhaisnéis a aimsiú

• An fhaisnéis nó na doiciméid a fháil

• Costas ama an lucht foirne a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo

Cad a tharlaíonn nuair a sháraítear an teorainn?

Nuair a mheasaimid muid go sáróidh an uasteorainn (€700), ní gá dúinn an t-iarratas a chomhlíonadh agus cuirfimid é seo in iúl duit le fógra diúltaithe.

Mar chuid dár ndualgas maidir le comhairle agus cúnamh a sholáthar d'iarrthóirí, míneoimid cén fhaisnéis is féidir a sholáthar, laistigh den teorainn chostais agus tabharfaimid comhairle don iarratasóir maidir lena iarratas a chúngú.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil mé sásta le cinneadh ar m’iarratas?

Is féidir leat athbhreithniú a lorg ar aon chinneadh a eisíodh trí scríobh chuig an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise, Teach Áth Luimnigh, Páirc Ghnó an IDA, Baile Sheáin, An Uaimh, Co. An Mhí ag lorg athbhreithniú inmhéanach air. D’fhéadfadh táille €30 (€10 do shealbhóirí cártaí leighis) a bheith i gceist leis an achomharc. Níl aon táille i gceist le hathbhreithniú inmheánach maidir le hiarratais a bhaineann le faisnéis phearsanta amháin nó a bhaineann le táille nó éarlais a fhorchur.

Má theastaíonn uait athbhreithniú ar chinneadh a lorg, is gá duit an t-iarratas a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ón dáta freagartha (cé go bhféadfaí athbhreithnithe déanach a cheadú i gcúinsí áirithe). Beidh athbhreithniú iomlán ar an ábhar déanta ag ball foirne níos sinsearaí agus beidh an cinneadh curtha in iúl duit laistigh de 3 seachtaine.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil mé sásta leis an athbhreithniú inmheánach?

Is féidir leat athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg laistigh de shé mhí trí scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má iarann tú ar athbhreithniú, fiosróidh agus measfaidh an Coimisnéir Faisnéise an cheist agus eiseoidh sé cinneadh úr. Ba cheart gach iarratas ar athbhreithniú a sheoladh chuig:

An Coimisinéir Faisnéise,

18 Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2.

 
Fón: +353 (1) 639 5689
Íosghlao: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
R-phost: info@oic.gov.ie

D’fhéadfadh táille de €50 (€15 do shealbhóirí cártaí leighis) a bheith i gceist leis an achomharc. Arís, níl aon táille i gceist le hiarraidh ar athbhreithniú ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise maidir le hiarratais a bhaineann le faisnéis phearsanta amháin nó a bhaineann le táille nó éarlais a fhorchur.

Cad a tharlaíonn muna bhfuil an fhaisnéis a iarrtar i seilbh An Gharda Síochána?

Muna bhfuil an fhaisnéis a iarrtar againn, caithfimid é seo a dhearbhú I scríbhinn laistigh de 20 lá oibre. Ní aicmítear é seo go teicniúil mar Fhogra Diúltaithe, ach cloíonn sé lenár ndualgas maidir le é a dhearbhú nó a shéanadh má tá/muna bhfuil an fhaisnéis againn. I gcás inar cuí, tabharfaimid míniú freisin maidir le cén fáth nach bhfuil an fhaisnéis againn, go háirithe i gcásanna inar scriosadh an fhaisnéis de réir sceideal diúscartha.

Ta dualgas againn comhairle agus cabhair a sholáthar freisin, chomh fada agus a bheadh sé réasúnach é seo a dhéanamh. D’fhéadfadh comhairle a thabhart d’iarratasóir má tá faisnéis ar fáil in áit eile a bheith san áireamh leis seo nó cabhair a thabhairt dó chun a iarratas a dhíriú, b’fhéidir trí chomhairle a thabhairt faoi na cineálacha faisnéise atá ar fáil laistigh den chatagóir iarrtha.

 

Cé a chinntíonn go bhfuil an Garda Síochana ag comhlíonadh an Achta?

Tá Oifig an Choimisinéara Faisnéise freagrach as a chinntiú go gcomhlíonnann na húdaráis phoiblí go léir, An Garda Síochána san áireamh, leis an Acht. Is féidir le hiarratasóirí achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise maidir le scaoileadh faisnéise a dhiúltú. Is féidir le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, más cuí, fógra a sheirbheáil ar an nGarda Síochána maidir le faisnéis a sholáthar a raibh diúltaithe roimhe seo.

Cad é Oifig an Choimisinéara Faisnéise?

Is é Oifig an Choimisinéara Faisnéise ná comhlacht poiblí neamhspleách na hÉireann a bunaíodh chun rochtain ar fhaisnéise oifigiúil a chur chun cinn agus chun fasinéis phearsanta a chosaint. Tá an oifig go huile is go hiomlán neamhspleách ón Rialtas i gcomhlíonadh a feidhmeanna. Cuireann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise taca faoin neamhspleáchas seo.

 

Is féidir achoimre a dhéanamh ar phríomhfheidhmeanna an Choimisnéara Faisnéise mar seo a leanas:

 

• Cinntí na gcomhlachtaí poiblí a athbhreithniú (ar iarratas) maidir le hiarratais FOI agus nuair is gá, cinntí nua ceangailteach a dhéanamh

 

• Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise chun a chinntiú go gcomhlíonann na comhlachtaí poiblí le forálacha na reachtaíochta.

 

• Dearcadh oscailteachta a chothú i measc na gcomhlachtaí poiblí trí fhoilsiú faisnéise dheonaigh a théann

níos faide ná íoscheanglais na nAchtanna a spreagadh

 

• Tráchtaireachtaí a ullmhú agus a fhoilsiú ar oibriú praiticiúil na nAchtanna

 

• Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.

 

Is iad sonraí teagmhála an Choimisinéara Faisnéise ná:

 

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (1) 639 5689
Íosghlao: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
R-phost: info@oic.gov.ie

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi FOI?

Tá faisnéis níos cuimsithí maidir le Saoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 ar fáil ag www.foi.gov.ie.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Shaoráil Faisnéise ar fáil freisin ó:

An tAonad Saorála Faisnéise

Teach Áth Luimnigh,

Páirc Ghnó an IDA,

Baile Sheáin,

An Uaimh,

Co. An Mhí
Fón: 353 (46) 9036350
R-phost: foi@garda.ie

An Coimisinéir Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (1) 639 5689
Íosghlao: 1890 22 30 30
Facs: +353 (1) 639 5674
R-phost: info@oic.gov.ie

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Aonad um Bheartas Lárnach,

Urlár 3,

7-9 Rae Mhuirfean,

Baile Átha Cliath.

Fón: +353 (1) 631 8258
Facs: +353 (1) 604 5750
R-phost: cpu@per.gov.ie

An féidir liom Faisnéis faoin gComhshaol a iarraidh?

Is féidir, tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go dtí 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh 662 de 2011) (dá ngairfear ‘na Rialacháin AIE’ anseo feasta) cearta dlí dóibh siúd atá ag lorg rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí. Faoi na rialachán seo, faoi réir eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí nó á coinneáil thar a ceann a chur ar fáil do dhuine ar bith nuair a iarrtar a leithéid.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar Fhaisnéis faoin gComhshaol?

Más mian leat rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol faoi na rialacháin AIE, beidh ort:

a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na rialacháin AIE agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach; tabhair do shonraí teagmhála; luaigh, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis atá ag teastáil, agus má theastáionn uait fhaisnéis i bhformáid ar leith nó ar bhealach rochtana ar leith, luaigh é seo go sonrach i d’iarratas.

(i) Seol d’iarratas ar ríomhphost chuig:


foi@garda.ie.

Nó;

(ii) Seol d’iarratas i scríbhinn chuig:

An Oifigeach Saorála Faisnéise

Teach Áth Luimnigh,

Páirc Ghnó an IDA,

Baile Sheáin,

An Uaimh,

Co. An Mhí

 
Cliceáil anseo chun an fhoirm iarratais ar line a íoslódáil. Tabharfar freagra laistigh de 4 seachtaine ón iarratas a fháil.

Má theastaíonn uait aon chabhair, beidh an lucht oibre san Aonad FOI sásta cabhair a thabhairt duit chun d’iarratas a dhéanamh. Is féidir leat dul i dteagmhál leis an Oifig FOI ar;

 
Fón:+353 (46) 9036350

Cad iad na na táillí atá le híoc chun iarrtas AIE a dhéanamh?

Níl aon táille i dtosach le híoc as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. Is féidir leis an Roinn táille réasúnta a ghearradh ar sholáthar na faisnéise a iarrtar, áfach. D’fhéadfadh na costais a bhaineann leis an fháisnéis a bhailiú, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil a bheith san áireamh leis seo. Níl aon táille ag baint le hathbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Tá costas €50 ag baint le hachomharc a dhéanamh chuig an gComisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €15 má is sealbhóir cárta leighis thú nó má tá tú ag brath ar shealbhóir carta leighis, nó tríú páirtí le hachomharc á dhéanamh i gcoinne faisnéis áirithe a scaoileadh.


An bhfuil Cód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise ann?

Tá, tá Cód Cleachtais ar fáile anseo