Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Píosa eolais faoi Shaoráil Faisnéise

Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 (Acht FOI 2014) ar chumas baill den phobal rochtain a fháil, a mhéid is féidir,  ar mhaithe le leas an phobail agus an ceart chun príobháideachta, ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí, agus dá réir sin, cearta rochtana ar thaifid atá i seilbh na gcomhlachtaí sin a chur ar fáil.

Leathnaítear an tAcht FOI 2014 nua chun na réimsí riaracháin an Gharda Síochána seo a leanas a thabhairt isteach ina shainchúram ón gCéadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2015:

    • Bainistíocht Acmhainní Daonna

    • Airgeadas agus Soláthar  

Foráilter leis an Acht FOI athbhreithniú inmheánach ar na cinntí a dhéanann an Garda Síochána faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus faoi oibríocht an Achta seo go ginearálta.

Tá an Garda Síochána tiomanta do bheith oscailte, freagrach agus trédhearcach maidir leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal.

Faoin Acht FOI 2014, cuireann an Garda Síochána faisnéise ar fáil trí dhá phríomh-uirlis a chur i bhfeidhm:

1.Scéim Foilsitheoireachta an Gharda Síochána- tá faisnéis ghinearálta san áireamh a fhoilseoidh an Garda Síochána go gníomhach ar bhonn rialta. Tá taifid ar na hiarratais agus freagraí go léir a dhéantar faoi FOI san áireamh. Tá iad seo inár rannóg um Logaí Cinnidh den Scéim Foilsitheoireachta. Chun níos mó eolais ar an Scéim Foilsitheoireachta a fháil, cliceáil anseo.

2. Ceart Ginearálta Rochtana – bíonn sé i gceist muna bhfuil an fhaisnéis atá á lorg agat inár Scéim Foilsitheoireachta agus déanann tú do cheart a fheidhmiú faoin Acht 2014 trí iarratas foirmiúil ar fhaisnéis a dhéanamh. Chun níos mó eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh faoin Acht FOI 2014, cliceáil anseo.

2016 Iarratais

2016 Iarratais nasc iniata pdf

2015 Iarratais

2015 Iarratas nasc ar Nollaig 2015 pdf

Foilseofar iarratais a dhéantar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na freagraí ar na hiarratais sin go rialta.

Ba cheart go mbeadh an pobal ar an eolas go bhfuil roinnt díolúintí i gceist leis maidir leis nGarda Síochána ar mhaithe le slándáil an Stáit, faoi Alt 42 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tá taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas díolmhaithe:

- an tAonad Práinnfhreagartha (ERU)

- ciste na Seirbhíse Rúnda arna chaomhnú aige

- an tAonad Speisialta Bleachtaireachta (SDU)

- an clár tearmann finné arna urrú aige

- an tAonad um Shlándáil agus Faisnéis

- bainistíocht agus úsáid oibríochtaí faisnéise rúnda

- an tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialachán) 1993

- an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005

- an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009

- an tAcht Cumarsáide (Sonraí a choimeád) 2001

- taifead atá ag an mBiúró um Shócmhainní Cóiriúla.

- taifead a bhaineann le fiosrúchán de réir bhrí Alt 42 d'Acht an Gharda Síochána 2005, seachas (a) taifead a bhaineann le duine a cheapadh chun fiosrúchán a dhéanamh faoi alt 42 d’Acht an Gharda Síochána 2005 nó taifead a bhaineann leis na costais nó nithe eile a bhaineann le riarachán ginearálta fiosrúchán faoin alt sin.

Chun iarratais ar Shaoráil Faisnéise a éascú, bunaíodh an Oifig Saorála Faisnéise. Tá an Ceannfort Helen Deely i gceannas ar an oifig, agus is í an Cinnteoir arna ainmniú ag an eagraíocht.