Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ní gá duit aon chúis a thabhairt maidir le cen fáth ar mhaith leat aon taifead a fheiceáil, ach chun a chinntiú go bhfaighidh tú go díreach, iarrtar ort a bheith chomh sainiúil agis is féidir leat le d’iarratas

Tabharfaidh an Garda Síochána míniú duit muna fhaigheann tú an rud a bhí tú ag iarraidh. De ghnáth, is gá cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas laistigh de 4 seachtaine. Déantar “seachtain” a shainmhíniú leis an Acht FOI mar thréimhse 5 lá seachtaine I ndiaidh a chéile, agus trí an tréimhse a chinntiú, déantar neamhaird den Satharn nó de shaoire phoiblí (de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997). Is féidir, áfach, cur leis an teorainn ama seo ar feadh 4 seachtaine má tá iarratas ollmhór i gceist.

Beidh ár bhfreagraí go léir foilsithe sa roinn um logaí cinnidh den ár scéim foilsitheoireacht cud iar a chur ar fáil do gach duine, déan seiceáil ar sin. Má theastaíonn uait faisnéis faoi Shaoráil Faisnéise maidir le hábhar áirithe, is féidir leat úsáid a bhaint as an inneall cuardaigh thuas.

Faoin Acht, cuireann An Garda Síocháina faisnéise ar fáil trí dhá phríomh-uirlis a chur i bhfeidhm:

(i) An Scéim Foilsitheoireachta

(ii) Ceart rochtana ginearálta rochtana maidir le faisnéis a iarraidh

 

Muna fhaigheann tú an fhaisnéis atá á lorg agat inár scéim foilsitheoireachta, is féidir leat iarratas ar faisnéis a dheánamh ar dhá bhealach;

(i) Seol d’iarratas ar ríomhphost chuig:

             foi@garda.ie

      

Nó:

(ii) Seol d’iarratas i scríbhinn chuig:

 

      An Oifigeach Saorála Faisnéise

      Teach Áth Luimnigh,

      Páirc Ghnó an IDA,

      Baile Sheáin,

      An Uaimh,

      Co. An Mhí

 
Fón: +353 46 9036350

Cliceáil here chun an fhoirm iarratais ar líne i mBéarla a íoslódáil
Cliceáil here chun an fhoirm iarratais i nGaeilge a íoslódáil.
Tabharfar freagra ar d’iarratas laistigh de 4 seachtaine ón iarratas a fháil

Má theastaíonn uait camhair, beidh an lucht oibre sa rannóg FOI sásta cabhair a thabhairt duit chun d’iarratas a dhéanamh. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifig FOI ag:

 

Teach Áth Luimnigh

Páirc Ghnó an IDA

Baile Sheáin

An Uaimh

Co. Na Mhí

 
Fón: +353 46 9036350

Ba é aidhm an Achta um Shaoráil Faisnéise 2015 tuiscint níos fear a chrúthú don phobail ar:

• Conas a dhéanaimid ár ndualgas

• Conas a dhéanaimid cinntí

• Conas a chaithimid airgead poiblí.

 

Ba cheart na rudaí seo a leanas a bheith san áireamh i d’iarratas:

• Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht FOI;

• An oiread eolais agus is féidir maidir leis na taifid atá á lorg;

• Cén fhormáid ar mhaith leat na taifid a scaoileadh a fháil (m.sh. fótachóipeanna)