Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise corás táillí FOI go hiomlán nua

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise córas táillí go hiomlán nua. Tá Ordú an Aire ag bunú an chórais táille nua leagtha síos I S.I. 531 of 2014. Seo a leanas achoimre ar an struchtúr nua táille maidir le hiarratais neamhphearsanta:

• Má tá costas an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála €100 nó níos lú, níl aon táille i gceist

• Má tá an táille níos mó ná €100, tá táillí iomlána i gceist suas le táille uasta de €500

• Má tá costas measta an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála níos mó ná € 700, is féidir leis an nGarda Síochána próiseáil ar d’iarratas a dhiúltiú, ach amháin má bheartaíonn tú d'iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoin teorainn seo. Muna bhfuil tú in ann an cuardach a bheachtú agus ba mhaith leat fós dul ar aghaidh le d’iarratas, beidh ort táillí iomlána a íoc.

• I gcás nach sáraítear an uasteorainn (€ 700), is iad na híocaíochtaí a d'fhéadfaí a chur ar aghaidh duit ná iad siúd a bhaineann leis an fhaisnéis a sholáthar, mar shampla fótachóipeáil agus postáil, suas go huasmhéid de € 500. Cuirfear in iúl duit má tá aon chostais le híoc sular scaoileadh na faisénise

Liosta Táillí

An Cinéal Táille       

Táille Chaighdeánach

Taifid a lorg agus iad a fháil

€20 in aghaidh na huaire

Fótachóipeáil       

4 cent in aghaidh an leathanaigh

CD-ROM ina bhfuil cóip de dhoiciméid        

€10