Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Deonaíodh roinnt díolúintí don Gharda Síochána faoin Acht FOI 2014, chun a chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh lenár bpríomhfheidhmeanna agus chun a chinntiú nach gcuirfear slándáil an Stáit i mbaol.

Áirítear leis na díolúintí a deonaíodh taifid a chruthaigh nó atá i seilbh an Gharda Síochána a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:

• an tAonad Práinnfhreagartha

• ciste na Seirbhíse Rúnda arna chaomhnú aige

• an tAonad Speisialta Bleachtaireachta

• an clár tearmann finné arna urrú aige

• an tAonad um Shlándáil agus Faisnéis

• bainistíocht agus úsáid oibríochtaí faisnéise rúnda

• an tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialachán) 1993

• an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005

• an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009

• an tAcht Cumarsáide (Sonraí a choimeád) 2001

• taifead atá ag an mBiúró um Shócmhainní Cóiriúla.

• taifead a bhaineann le fiosrúchán de réir bhrí Alt 42 d'Acht an Gharda Síochána 2005, seachas taifead a bhaineann le duine a cheapadh chun taifead a dhéanamh agus/nó taifead a bhaineann leis na costais nó nithe eile a bhaineann le riarachán ginearálta fiosrúchán faoin alt sin.