Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosaint Sonraí sa Gharda Síochána

Cód Cleachtais an Gharda Síochána

BROLLACH An Coimisinéir Cosanta Sonraí
RÉAMHRÁ Coimisinéir an Gharda Síochána
SAINMHÍNITHE
RIALACHA UM CHOSAINT SONRAÍ A gCAITHFEAR CLOÍ LEO
RÉIMSÍ FREAGRACHTA
INIÚCHTAÍ AR NÓSANNA IMEACHTA UM CHOSAINT SONRAÍ SA GHARDA SÍOCHÁNA
FORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA UM CHOSAINT SONRAÍ
1. BROLLACH

Is cúis áthais dom an Cód Cleachtais seo faoi Alt 13 den na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 a fhaomhadh. Is toradh é an Cód seo ar dhlúthobair Choimisinéir an Gharda Síochána agus a chuid foirne, i ndlúthchomhair le m’Oifig féin. Tá sé leagtha amach chun brí feidhmiúil a thabhairt do na prionsabail um chosaint sonraí arna leagan amach i ndlí na hEorpa agus sa dlí Náisiúnta.

Táim lánchinnte mbeidh an Cód seo ina chabhair shuntasach maidir le heolas agus tuiscint an Gharda Síochána ar chúrsaí cosanta sonraí a fheabhsú. Tá sé ar intinn agam leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth le Coimisinéir an Gharda Síochána agus a chuid foirne chun a chinntiú go gcloífear ar bhonn laethúil leis an treoir a leagtar amach sa Chód seo.

Billy Hawkes


An Coimisinéir Cosanta Sonraí

 

2. RÉAMHRÁ

Tá ré na faisnéise linn anois agus is riachtanach don phóilíneacht an fhaisnéis i bhfoirm sonraí. Tá freagracht orainn go léir an fhaisnéis a bhailímid a úsáid ar bhonn éifeachtúil agus eiticiúil. Is beag atá idir príobháideacht an duine agus sábháilteacht an phobail.

Chun muinín an phobail sa Gharda Síochána agus sa tseirbhís atá á cur ar fáil againn don phobal a choinneáil, ní mór dúinn a chinntiú go n-oibrímid chun na caighdeáin is fearr is féidir a bhaint amach. Áirítear in ár n-ionracas an bealach a chinntímid, mar chomhaltaí den Gharda Síochána agus mar dhaoine a oibríonn i dtimpeallacht na póilíneachta, go ndéantar an reachtaíocht ábhartha a chomhlíonadh sa tslí a choinnítear na sonraí atá againn.

Tá ról suntasach ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 i dtacú leis an bpóilíneacht oibríochtúil. Is é is aidhm leis an gCód Cleachtais seo ná go bhfuil tuiscint ag gach fostaí de chuid an Gharda Síochána maidir le coincheapa na Cosanta Sonraí agus go bhfuil siad ar an eolas faoina bhfreagrachtaí féin. Ar an gcaoi sin, ó thaobh comhlíonta de, cabhróidh sé sin leis an nGarda Síochána mar eagraíocht.

Is ciallmhar amach is amach go ndéantar ár sonraí a chosaint. Caithfimid a chinntiú go ndéanann sonraí arna mbailiú agus arna bpróiseáil ag an nGarda Síochána an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh. Cabhróidh sé go mór chuige sin go léifidh agus go dtuigfidh gach fostaí de chuid an Gharda Síochána an Cód seo.

Noel Conroy


Coimisinéir

 

3. SAINMHÍNITHE

Is éard ata i gceist le Cosaint Sonraí ná cearta daoine aonair chun príobháideachta agus chun sláine maidir le próiseáil a sonraí pearsanta.

Leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2000, tugtar cearta do dhaoine aonair, chomh maith le freagrachtaí a chur orthu siúd a dhéanann sonraí pearsanta a láimhseáil, a phróiseáil, a bhainistiú agus a rialú.

Is éard atá i gceist le sonraí ná faisnéis i bhfoirm ar féidir í a phróiseáil. Áirítear leis sin sonraí uathoibrithe nó leictreonacha, chomh maith le sonraí láimhe.

Is éard atá i gceist le Faisnéis Uathoibrithe, go ginearálta, ná aon fhaisnéis ar ríomhaire nó faisnéis a taifeadadh d’fhonn é a chur ar ríomhaire. Samplaí díobh sin is ea iontrálacha ar an gcóras PULSE nó ar aon bhunachar leictreonach eile.

Is éard atá i gceist le Faisnéis Láimhe ná faisnéis a taifeadadh mar chuid de chóras ábhartha comhdaithe nó d’fhonn go mbeadh sé ina chuid de chóras ábhartha comhdaithe. Samplaí díobh sin is ea comhaid thraidisiúnta pháipéir amhail comhaid imscrúduithe agus tuarascálacha agus ráitis, chomh maith le taifid pearsanra agus airgeadais agus uainchláir dualgas arna n-ullmhú mar chuid de ghnáthdhualgais oibríochtúla.

Is éard atá i gceist le Córas Ábhartha Comhdaithe ná tacar ar bith eolais atá eagraithe de réir tagartha do dhaoine aonair, nó de réir tagartha do shonraí a bhaineann le daoine aonair, i dtreo is gur féidir teacht go héasca ar fhaisnéis shonrach a bhaineann le duine ar leith. Samplaí díobh sin sa Gharda Síochána is ea Córais Chomhdúcháin na gComhad Cúirte agus na gComhad Imscrúduithe, Fogra Tora, Feasacháin, Feasacháin arna n-eisiúint ag na Oifigigh um Fhaisnéis Choiriúil, srl.

Is é is ciall le sonraí pearsanta i gcomhthéacs na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, ná sonraí a bhaineann le duine aonair beo a aithnítear, nó is féidir é/í a aithint, ó na sonraí féin nó ó na sonraí in éineacht le faisnéis eile atá, nó is dóigh go mbeidh, i seilbh an rialaitheora sonraí. Samplaí díobh sin is ea aon tuarascáil, ráiteas, comhad nó iontráil a taifeadadh go leictreonach ónar féidir duine aonair beo a aithint. Féadfaidh duine aonair a aithint trí ainm bréige, trí leas ainm, nó trí phríomhthréith eile a bhaineann leo siúd amháin. Chomh maith leis sin, féadfaidh go n-áirítear ann cláruimhir gluaisteáin a bhaineann le duine agus atá á choinneáil ag an nGarda Síochána. Áirítear ann freisin sonraí cumarsáide (seachas inneachar) agus seoltaí IP arna gcoinneáil ag an nGarda Síochána agus a bhaineann le duine. Ní bhaineann na hAchtanna um Chosaint Sonraí le sonraí a rinneadh anaithnid ar mhaithe le sonraí pearsanta ar bith a bhí iontu a bhaint.

Iarratas a dhéanann duine ar an nGarda Síochána a s(h)onraí pearsanta a nochtadh faoi alt 4 de na hAchtanna is ea Iarratas ar Rochtain. Níor cheart freagairtí a eisíodh don Duine is Ábhar do na Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána, mar Theistiméireacht faoi Charachtar, mar Imréiteach Slándála nó mar léiriúchán ar bith eile mar sin.

Baineann sonraí pearsanta íogaire le catagóirí sonracha sonraí a shainmhínítear mar shonraí a bhaineann le bunadh cine; tuairimí polaitíochta, tuairimí creidimh nó tuairimí eile; sláinte coirp nó meabhrach, saol gnéis; ciontuithe coiriúla; cion a líomhnaítear a rinneadh; nó ballraíocht i gceardchumann. Samplaí díobh sin is ea comhaid nó iontrálacha ina luaitear sonraí de líomhnaithe, ionchúisimh nó ciontuithe a bhaineann le duine aonair. Bheadh Sonraí mar sin ina gcuid mhór den Bhunachar foriomlán arna choinneáil ag an nGarda Síochána.

Is éard atá i gceist le próiseáil ná aon oibríocht nó tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí, ar a n-áirítear:

Na sonraí a fháil, a thaifead nó a choinneáil,
Na sonraí a bhailiú, a eagrú, a stóráil, a athrú nó a oiriúnú,
Na sonraí a aisghabháil, a cheadú nó a úsáid,
Na sonraí a nochtadh trí hiad a tharchur, a scaipeadh nó a chur ar fáil i mbealach eile,
Na sonraí a ailíniú, a theaglamú, a bhlocáil, a scriosadh nó a mhilleadh.
Is éard is ciall leis sin, go bunúsach, ná gach uair a thaifeadann comhalta den Gharda Síochána iontráil ina nótaí pearsanta, amhail ina leabhar nótaí nó ar thaifead oifigiúil amhail an Taifead Coimeádta; nó ar chomhad láimhe amhail ráiteas fianaise nó comhad imscrúdaithe teagmhais; nó ar bhunachar ríomhairithe amhail PULSE, maidir le duine beo nó daoine beo is féidir a aithint ó na sonraí, deirtear go bhfuil sonraí á phróiseáil ag an nGarda sin.

Is éard atá i gceist leis an Duine is Ábhar do na Sonraí ná duine aonair is ábhar do shonraí pearsanta. 

Is éard atá i gceist leis an bPróiseálaí Sonraí ná an duine a phróiseálann sonraí pearsanta  thar ceann rialaitheora sonraí, ach ní áirítear leis sin fostaí de chuid rialaitheora sonraí a phróiseálann sonraí den sórt sin i gcúrsa a c(h)uid fostaíochta. Ar chúiseanna an Achta seo, baineann sé sin le heagraíochtaí dá ndéanann an Garda Síochána obair a sheachfhoinsiú chucu, amhail íocaíocht fíneálacha muirir seasta trí An Post. Leagann an tAcht freagrachtaí ar aonáin dá leithéid maidir le sonraí a phróiseáil.

Ar chúiseanna na nAchtanna siúd, is é Coimisinéir an Gharda Síochána an Rialaitheoir Sonraí.

Is éard atá in PULSE ná acrainm le haghaidh ‘Police Using Leading Systems Effectively’, i.e. ‘Gardaí ag úsáid na mórchóras go héifeachtach’. Is Tionscadal Seachadta Seirbhíse le cuidiú TF é PULSE. In PULSE, tá 17 réimse córais oibríochtúla agus comhtháite e.g. Coireanna a Thaifead; Príosúnaigh a Phróiseáil; agus Bainistíocht Tráchta.

Is éard atá i gceist le Fostaí ná comhalta den Gharda Síochána, Garda Cúltaca; gach ball foirne faoi threoir agus rialú Choimisinéir an Gharda Síochána faoi Alt 19 de Acht an Gharda Síochána, 2005, agus lena n-áirítear comhaltaí de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann a tugtar ar iasacht don Gharda Síochána faoi Ailt 52 agus 53 d’Acht an Gharda Síochána 2005.

 

4. RIALACHA UM CHOSAINT SONRAÍ A gCAITHFIDH AN GARDA SÍOCHÁNA CLOÍ LEO

Faisnéis a fháil agus a phróiseáil go cóir
An fhaisnéis sin a choimeád ar chúis amháin, nó níos mó, atá sonraithe, soiléir agus dleathach
Í a úsáid agus a nochtadh ar bhealaí atá ar comhréir leis na cúiseanna sin
Í a choimeád sábháilte agus slán
Í a choimeád cruinn, iomlán agus cothrom le dáta
A chinntiú go bhfuil sí leordhóthanach agus ábhartha gan a bheith iomarcach
Gan í a choimeád níos faide ná mar is gá chun na críocha/críche sin
Cóip de shonraí pearsanta duine a thabhairt dó/di ar Iarratas
4.1. Sonraí a fháil agus a phróiseáil go cóir agus go dleathach

Tá an Garda Síochána i dteideal de réir an dlí sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil, gan toiliú ón duine i gceist a bheith acu i gcásanna ina bhfaightear nó ina gcoinnítear na sonraí pearsanta sin ar chúiseanna ciontuithe a chosc, a bhraith nó a imscrúdú, nó ciontóirí a ghabhadh nó a ionchúiseamh, nuair a rachadh sé chun dochair na gcúiseanna sin dá lorgófaí toiliú. I ngach cás eile, chun sonraí a fháil ar bhealach cóir, ní mór an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoi na rudaí seo a leanas ag an am atá na sonraí a mbailiú:

aitheantas an rialaitheora sonraí,
an chúis atá leis na sonraí a bhailiú,
na daoine nó na catagóirí daoine ar féidir na sonraí a nochtadh dóibh, agus
faisnéis ar bith eile atá riachtanach chun próiseáil chóir a dhéanamh.
Chun sonraí pearsanta a phróiseáil go cóir, is gá go bhfaightear go cóir iad i gcomhréir leis na rudaí seo:

is gá go raibh toiliú tugtha ag an duine is ábhar do na sonraí maidir lena bpróiseáil nó,
ní foláir gá a bheith leis an bpróiseáil ar cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na cúiseanna seo a leanas, agus go mbainfidh aon cheann díobh, nó níos mó díobh, le feidhmeanna an Gharda Síochána a chomhlíonadh,
chun gortú nó díobháil eile do shláinte an duine is ábhar do na sonraí a chosc,
chun caillteanas tromchúiseach nó damáiste do mhaoin an duine is ábhar do na sonraí a chosc,
chun leasanna bunúsacha an duine is ábhar do na sonraí a chosaint, i gcás gur dóchúil go ndéanfaí dochar do na leasanna sin dá lorgófaí toiliú an duine is ábhar do na sonraí,
chun ceartas a riaradh,
chun feidhm a leagtar ar dhuine le hachtachán nó faoi achtachán a chomhlíonadh
chun feidhm ar bith eile de chineál poiblí a chomhlíonadh nuair a chomhlíonann an duine an fheidhm sin ar mhaithe le leas an phobail.
Beidh cúinsí ann nuair a bheidh feidhm shoiléir ag baint leis an bhfaisnéis nó leis na sonraí atá le húsáid. Amanna eile, féadfaidh go mbeidh gá le míniú a thabhairt don duine. Sampla de sin is ea nuair a lorgaíonn Garda toiliú ó íospartach/íospartaigh na coireachta chun a sonraí a thabhairt d’eagraíochtaí amhail seirbhísí am Thacaíocht d’Íospartaigh nó grúpaí tacaíochta nó taighde eile mar sin.

I gcúinsí áirithe, is beag rogha a bhíonn ag an duine ach faisnéis a sholáthar don Gharda Síochána ar chúiseanna póilíneachta. I gcúinsí mar sin, féadfaidh go mbeidh gá ann go gcuirfeadh comhalta den Gharda Síochána an duine ar an eolas maidir le húsáid neamhshoiléir atá le baint as an bhfaisnéis sin agus mianta an duine sin a chur san áireamh maidir le haon úsáid bhreise a mbainfí aisti.

Ba cheart go gcuirfí an duine ar an eolas go bhféadfaidh ráiteas a úsáid le linn imeachtaí ar bith ina dhiaidh sin.


4.2 An fhaisnéis sin a choimeád ar chúis amháin, nó níos mó, atá sonraithe, soiléir agus dleathach


Ní ceadmhach don Gharda Síochána sonraí a choimeád i dtaobh daoine mura bhfuil siad á gcoimeád ar chúiseanna sonraithe dleathacha atá luaite go soiléir, agus ní ceart na sonraí sin a phróiseáil in aon bhealach eile ach amháin ar bhealach atá comhoiriúnach don chúis/do na cúiseanna sin. Tá sé de cheart ag duine an chúis bhfuil a c(h)uid sonraí á gcoinneáil ag an nGarda Síochána a thabhairt faoi cheist agus ní foláir go mbeidh an Garda Síochána in ann an chúis sin a aithint.

Coinníonn an Garda Síochána faisnéis ar chúiseanna éagsúla. Coinnítear roinnt mhaith den fhaisnéis sin chun cionta a imscrúdú, a bhrath agus a chosc agus coinnítear faisnéis eile, amhail Clár na Sealbhóirí Eochrach, Riarthóirí na Scéimeanna Faire Comharsanachta, agus an Clár Toghthóirí mar shampla, ionas gur féidir feidhmeanna de chineál poiblí a chomhlíonadh agus ní féidir an fhaisnéis sin a choimeád ach ar na cúiseanna sin.

Tarlaíonn sé freisin go bhfaigheann agus go bpróiseálann an Garda Síochána sonraí pearsanta i gcomhthéacs riarachán na heagraíochta. I measc na sonraí sin, tá sonraí a bhaineann le bainistíocht inmheánach na heagraíochta, amhail comhaid phearsanra de chuid fhostaithe uile an Gharda Síochána, sonraí maidir le dualgas, treoracha oibríochtúla agus éilimh airgeadais. Is gá na sonraí sin go léir a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir leis na hAchtanna agus níl siad faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear san Acht maidir le faisnéis a fháil agus a phróiseáil ar chúiseanna cionta coiriúla a imscrúdú nó a chosc.

 

4.3 Faisnéis a úsáid agus a nochtadh ar bhealaí atá ar comhréir leis na Cúiseanna sin

Is éard atá i gceist le nochtadh i gcomhthéacs cosanta sonraí ná sonraí pearsanta a sholáthar do thríú páirtí trí mhodh ar bith, bíodh é sin i scríbhinn, ó bhéal nó go leictreonach.

Leis an Acht, cuirtear freagrachtaí tromchúiseacha ar gach fostaí de chuid an Gharda Síochána gan sonraí a nochtadh maidir le duine ar bith nó do dhuine ar bith nach bhfuil sé de cheart acu an fhaisnéis sin a fháil. Úsáidtear Sonraí Pearsanta laistigh den Gharda Síochána i ngnáthchúrsa a fheidhmeanna oibríochtúla

Ní foláir go mbeidh úsáid nó nochtadh ar bith riachtanach don chúis/do na cúiseanna nó ar comhréir leis an gcúis/na cúiseanna a bhailítear agus a choinnítear na sonraí. Ba cheart d’fhostaí de chuid an Gharda Síochána a bhfuil nochtadh á dhéanamh acu breithniú a dhéanamh ar an duine is ábhar do na sonraí agus cé acu an mbeadh ionadh orthu siúd go bhfuil nochtadh áirithe á dhéanamh nó nach mbeadh. Má cheaptar go bhfuil seans ann go mbeadh ionadh ar an duine sin, ta gá le machnamh a dhéanamh ar bhonn an nochtaidh sula ndéanfaí é.

I ngach cás, ba cheart aitheantas fhaighteoir an nochtaidh a chinntiú, chomh maith le feidhm shonrach an nochtaidh agus an bonn dlíthiúil/an chumhacht atá ann chun na sonraí ábhartha a nochtadh. Ba cheart taifead a choinneáil maidir leis na nochtuithe ar fad a dhéantar. I gcásanna lena mbaineann amhras ar bith maidir leis an nochtadh a dhéanamh, nó maidir le stádas na sonraí i gceist, ba cheart comhad a chur faoi bhráid an Choimisinéara Cúnta, Roinn na Coireachta agus Slándála chur treoir a fháil.

Is iad seo a leanas roinnt samplaí de nochtuithe dlisteanacha:

Nochtuithe ar fhaisnéis arna coinneáil ag an nGarda Síochána d’Oifigigh Dlí, do Ghníomhaireachtaí eile um Fhorfheidhmiú an Dlí ar chúiseanna ciontuithe a chosc, a bhraith nó a imscrúdú, ar bhonn Comhaontuithe Cúnaimh Fhrithpháirtigh, do Interpol, do Europol. D’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le ceisteanna Leasa Leanaí, srl.; an tSeirbhís Chúirteanna agus gníomhaireachtaí eile a bhfuil ról reachtúil imscrúdaithe/forfheidhmithe acu, srl.
comhalta den Gharda Síochána ag tabhairt sonraí maidir le húinéir chláraithe gluaisteáin do dhuine éigin a gortaíodh, faoi fhorálacha an Achta um Thrácht ar Bhóithre nó do dhuine a bhfuil ionadaíocht dhlisteanach a dhéanamh acu ar a leasanna,
ráitis nó faisnéis a eisítear do na meáin chumarsáide agus a ndéantar a bhainistiú laistigh de Straitéis an Gharda Síochána um na Meáin Chumarsáide mar a bhunaítear laistigh de théarmaí Chód an Gharda Síochána, Caibidil 17 dar teideal ‘Na Meáin’.
Tá cosc ar shonraí pearsanta a Rochtain nó a Nochtadh chun críche ar bith eile seachas iad siúd a fhaightear na sonraí sin. Samplaí de sin is ea fostaí de chuid an Gharda Síochána i mbun na rudaí seo a leanas:

ag fáil rochtana ar agus/nó ag nochtadh, sonraí maidir le húinéir mótarfheithicle, sonraí atá ag an bhfostaí sin mar thoradh ar a ról taobh istigh den Gharda Síochána, d’aon bhall eile den phobal gan toiliú ó úinéir na feithicle agus i gcás nach bhfuil aon bhunús dleathach ann don nochtadh.
ag fáil rochtana ar agus/nó ag nochtadh sonraí maidir le ciontú coiriúil aon duine do pháirtí nach bhfuil i dteideal na sonraí sin a fháil, eolas a bhí ag an bhfostaí tar éis é a fháil ó PULSE, nó ó aon Bhunachar eile de chuid an Gharda Síochána, nó ó fhostaí eile de chuid an Gharda Síochána, gan aon riachtanas gnó a bheith le hiad a bheith ar an eolas faoin bhfaisnéis sin agus gan toiliú ón duine is ábhar don chiontú.
ag fáil rochtana ar shonraí duine ar PULSE dá gcuid úsáide pearsanta. Má fhaightear go bhfuil comhaltaí den Gharda Síochána tar éis na forála sin a shárú, féadfaidh go bhfuil cion á dhéanamh acu faoi Acht an Gharda Síochána 2005; an tAcht um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána 1986 agus Rialacháin Araíonachta an Gharda Síochána. Lena chois sin, tá seans ann go bhfágtar na Gardaí sin agus an eagraíocht neamhchosanta ar dhlíthíocht ó pháirtí díobhálaithe agus imeachtaí i gcoinne an Gharda Síochána faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Nochtadh trí shonraí pearsanta a tharchur thar lear

Is ann do choinníollacha ar leith a chaithfear a chomhlíonadh sula tharchuirtear sonraí pearsanta d’áit ar bith taobh amuigh den Aontas Eorpach, i gcás nach bhfuil an dlí um chosaint sonraí sa tír sin ag leibhéal faofa de réir an Aontais Eorpaigh. Ní mór go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas maidir leis an tarchur sin:

toiliú faighte ón duine is ábhar do na sonraí,
tá an tarchur riachtanach nó údaraithe faoi achtachán, faoi choinbhinsiún nó faoi ionstraim eile a chuireann oibleagáid idirnáisiúnta ar an Stát seo,
samplaí: An tAcht um Europol 1997, Comhaontú Schengen 1999, an Coinbhinsiún Eorpach ar Chomhchúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla 1959, arna leasú,
go bhfuil an traschur riachtanach chun críche comhairle dlíthiúil a fháil,
go bhfuil an traschur riachtanach chun gortú nó díobháil do shláinte an duine is ábhar do na sonraí a chosc,
go bhfuil an fhaisnéis mar chuid de shonraí pearsanta atá á gcoimeád ar chlár poiblí,
go bhfuil an Coimisinéir Cosanta Sonraí tar éis an traschur a údarú, rud de ghnáth a bhaineann le ceadú conartha atá bunaithe ar shamhail AE,
go bhfuil an traschur riachtanach ar mhórchúiseanna leasa an phobail.

4.4 Sonraí a choimeád sábháilte agus slán


Is gá bearta iomchuí slándála i gcoinne rochtana neamhúdaraithe ar na sonraí, i gcoinne athraithe, nochta nó scriosta neamhúdaraithe pearsanta sonraí agus i gcoinne a gcaillteanas nó a scriosadh de thaisme. Is ríthábhachtach slándáil faisnéise pearsanta ach is gá béim a chur ar shlándáil iomchuí sa tslí is go mbaineann tábhacht níos mó le cúrsaí slándála i gcásanna áirithe ná mar a bhaineann le cásanna eile, ag brath ar a leithéid d’ábhair agus rúndacht agus íogaireacht agus an díobháil a d’fhéadfadh teacht ó nochtuithe neamhúdaraithe. Mar sin féin, tá ardchaighdeáin slándála riachtanach i gcás faisnéise phearsanta de gach cineál. Beidh an cineál slándála a úsáidtear ag brath ar na cineálacha atá ar fáil, costas an chur chun feidhme agus íogaireacht na sonraí i gceist.

Baineann na rudaí seo a leanas leis an gcaighdeán slándála lena bhfuiltear ag súil ó gach fostaí de chuid an Gharda Síochána:

go mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis teoranta do bhaill foirne údaraithe ar bhonn riachtanais, de réir polasaithe sainithe,
go mbeidh ríomhchórais cosanta le pasfhocail,
go mbeidh faisnéis ar scáileáin ríomhairí agus comhaid láimhe faoi cheilt ó chuairteoirí chun na n-oifigí,
go mbeidh nósanna imeachta cúltaca i bhfeidhm maidir le sonraí a choinnítear ar ríomhairí, lena n-áirítear cúltaca seachtrach,
go ndéantar dramhpháipéar, asphriontaí, srl. a dhiúscairt go cúramach trí stialladh a dhéanamh air
is gá go logálann gach fostaí amach as PULSE agus ríomhairí eile i ndiaidh gach úsáide agus an stáisiún oibre á fhágáil acu,
ní ceadmhach pasfhocail slándála pearsanta a nochtadh d’fhostaí ar bith eile de chuid an Gharda Síochána,
is gá go mbíonn áitribh an Gharda Síochána faoi ghlas nuair nach bhfuil aon duine iontu,
is gá go mbeidh duine ainmnithe laistigh den Gharda Síochána freagrach as an méid thuasluaite agus go ndéantar athbhreithnithe tréimhsiúla ar na bearta agus cleachtais ar fad atá i bhfeidhm.
Gach teagmháil a dhéantar ar PULSE, fágann sí rian agus ba cheart go mbeadh gach fostaí fíor-airdeallach go ndéantar gach gníomhaíocht a tharlaíonn faoina n-uimhir chláraithe agus faoina bpasfhocal ar PULSE a thaifead. I rith nós imeachta Iniúchta nó Imscrúdaithe féadfar a iarraidh orthu cuntas a thabhairt ar na cúiseanna a rochtain siad sonraí duine aonair áirithe ag am ar leith agus cad é a rinne siad leis na sonraí ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Garda Síochána cinnte go gcuireann próiseálaithe ar bith faisnéise pearsanta a oibríonn ar a shon clásail iomchuí um chosaint sonraí agus rúndachta i bhfeidhm.


4.5 Faisnéis a choinneáil cruinn, iomlán agus cothrom le dáta


Seachas comhlíonadh na nAchtanna a chinntiú, tá tábhacht breise ag an gceanglas seo sa mhéid is go bhféadfadh an Garda Síochána a bheith dlite do dhuine aonair i leith damáistí má theipeann air an fhoráil sna hAchtanna maidir le dualgas aireachta a bhaineann le sonraí pearsanta a láimhseáil a chomhlíonadh.


Chun an riail sin a chomhlíonadh, cinnteoidh an Garda Síochána na rudaí seo a leanas:

go bhfuil nósanna imeachta cléireachais agus ríomhaire leordhóthanach chun ardleibhéil cruinnis a chinntiú ó thaobh sonraí de,
go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán an riachtanas ginearálta chun sonraí pearsanta a choimeád cothrom le dáta,
go gcuirtear i bhfeidhm nósanna imeachta iomchuí, lena n-áirítear athbhreithniú agus iniúchadh tréimhsiúil, chun a chinntiú go gcoinnítear gach mír sonraí cothrom le dáta.
Cinntíonn Ionad Seirbhísí Faisnéise an Gharda Síochána cruinneas faisnéise trí na modhanna seo a leanas:

pearsanra oilte a fhostú chun sonraí teagmhais a thaifeadadh ar PULSE trí comhalta den Gharda Síochána a cheistiú ar bhealach seicheamhach ag féachaint do riachtanais an teagmhais i gceist,
athbhreithniú a dhéanamh go caighdeán sonraithe ar gach aon teagmhas,
taifead a dhéanamh de gach glaoch teileafóin ó chomhaltaí den Gharda Síochána i ndáil le teagmhais a chruthú agus a uasdátú, agus an fhaisnéis a chuirtear isteach ar PULSE a chur i gcomparáid leis an bhfaisnéis ar na glaonna taifeadta ar bhonn rialta,
Próiseas Cáilíochta a fhorbairt agus a oibriú chun a chinntiú go bhfuil daoine a fhaigheann glaonna agus na hathbhreithneoirí ag obair go hardchaighdeán,
na réimsí siúd a aithint ina ndéantar na hearráidí is minice, agus oiliúint a chur ar fáil chun na hearráidí sin a dhíothú,
Chomh maith leis sin, mar chuid dá bhFeidhmeanna Oibríochtúla, déanann Oifigigh Cheantair agus Maoirseoirí monatóireacht ar bhonn leanúnach ar shonraí na dteagmhas a taifeadadh ar PULSE.
Le hAlt 6 de na hAchtanna, tugtar an ceart do dhaoine a gcuid sonraí pearsanta a fháil leasaithe nó léirscriosta, i gcás gur féidir leo a thaispeáint go bhfuil na sonraí sin mícheart.  Samplaí de sin is ea uasdátú a dhéanamh ar thorthaí cúirte chun an cás mar atá sé ag am ar leith a thaispeáint agus chun a chinntiú go bhfuil na sonraí beathaisnéiseacha go léir a bhaineann leis an Duine is Ábhar do na Sonraí, go háirithe an t-ainm agus an dáta breithe, i gceart.


4.6 A chinntiú go bhfuil na sonraí leordhóthanach agus ábhartha gan a bheith iomarcach


Is féidir le fostaí ar bith de chuid an Gharda Síochána an ceanglas seo a chomhlíonadh trí dheimhin a dhéanamh de nach lorgaíonn siad agus nach gcoimeádann siad ach íosmhéid na sonraí pearsanta a bhfuil gá leo chun críche sonraithe.

Chun an riail seo a chomhlíonadh, ba cheart do gach fostaí a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a choinnítear:

leordhóthanach chun críche/críocha a choinnítear í,
ábhartha chun críche/críocha a choinnítear í,
gan a bheith iomarcach chun críche/críocha a choinnítear í.
Mar shampla, tá sé molta go láidir go mba cheart do chomhaltaí cloí leis na fíricí agus teagmhais uile á dtuairisciú agus gan tuairimí, líomhaintí nó clostrácht neamhinbhuanaithe a thaifeadadh i ndáil le teagmhas nó imscrúdú ar bith.  Níor cheart do thuairimí a thaifead, ach amháin i gcás go bhfuil siad bunaithe ar fhianaise. Ba cheart do chomhalta den Gharda Síochána a bheith discréideach nuair a lorgaíonn sé/sí cineálacha áirithe faisnéise ó dhuine is ábhar do shonraí in áit phoiblí, e.g. dáta breithe.


4.7 Gan faisnéis a choimeád níos faide ná mar is gá chun na críche/críoch sin


Cuireann an ceanglas seo freagracht ar an nGarda Síochána a bheith soiléir maidir leis an tréimhse ama a choimeádfar na sonraí agus an chúis a bhaineann lena gcoinneáil. Chun an ceanglas seo a chomhlíonadh, cinnteoidh an Garda Síochána go ndéantar comhaid a ghlanadh ar bhonn rialta agus nach gcoinnítear sonraí pearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá.

Coinneofar sonraí uile leictreonach agus láimhe i gcomhréir le beartas an Choimisinéara maidir le bainistíocht taifead sa Gharda Síochána. Ar chúiseanna coinneála, déanfar sonraí a aicmiú mar chomhaid riachtanacha agus comhaid neamhriachtanacha. Bunófar uainchláir shonracha maidir le sonraí ar a leithéid de chomhaid laistigh den Gharda Síochána a choinneáil. Cuirfear gach comhalta den Gharda Síochána ar an eolas faoin mbeartas maidir le coinneáil sonraí trí Treoracha ábhartha ó Cheanncheathrú an Gharda Síochána a chur amach agus cinnteoidh Gardaí go ndéanfaidh siad na sonraí ar fad atá faoina gcúram a bhainistiú agus a choinneáil i gcomhréir le beartas an Choimisinéara mar a bhunaítear sna Treoracha sin.

Mar shampla, i gcomhréir le forálacha an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986, coinneofar comhaid imscrúduithe agus taifid theagmhais uile maidir le Coireanna agus Teagmhais Príomha agus Indíotáilte mar Thaifid Roinne ar feadh tréimhse 30 bliain. Déanfar cinntí maidir leis na comhaid sin a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ar bhonn cás ar chás i ndiaidh na tréimhse 30 bliain mar a sonraíodh.


4.8 Cóip de shonraí pearsanta duine a thabhairt dó/di, ar Iarratas


Agus iarratas ar rochtain á dhéanamh, tá duine ar bith a bhfuil sonraí pearsanta á gcoimeád ag an nGarda Síochána ina dtaobh, i dteideal na rudaí seo a leanas:

cóip a fháil de na sonraí atá á gcoinneáil faoi/fúithi,
an críoch/na críche a bhaineann lena sonraí a phróiseáil a bheith ar eolas acu,
aitheantas na ndaoine lena nochtann an eagraíocht na sonraí a bheith ar eolas acu,
foinse na sonraí a bheith ar eolas acu, ach amháin i gcás go mbeadh sé i gcoinne leas an phobail,
an loighic a bhaineann le cinntí uathoibrithe a bheith ar eolas acu,
cóip a fháil de shonraí ar bith a choinnítear i bhfoirm tuairimí, ach amháin i gcás gur tugadh faoi rún iad.
Tá nósanna imeachta soiléire comhordaithe i bhfeidhm ag an nGarda Síochána chun a chinntiú go ndéantar comhaid agus ríomhairí ábhartha uile a sheiceáil le haghaidh na sonraí is ábhar don iarratas ar rochtain.

Chun iarratas ar rochtain a dhéanamh, ní mór don duine is ábhar do na sonraí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

iarratas a dhéanamh ar an nGarda Síochána maidir le rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta faoi alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003,
sonraí ar bith a thabhairt a d’fhéadfadh a bheith de dhíth chun an duine sin a aithint agus gach eolas a bhaineann leis/léi a aimsiú, e.g. seoltaí roimhe seo, dátaí teagmhais, srl.
an táille iomchuí a íoc.
Faoin Acht, tá roinnt ceart eile ag gach duine faoina gcoimeádann rialaitheoir sonraí faisnéis phearsanta, le cois an chearta rochtana.

Ina measc siúd, tá an ceart chun faisnéis mhíchruinn a fháil ceartaithe nó scriosta agus an cearta gearán a dhéanamh ar an gCoimisinéir Cosanta Sonraí. Mar fhreagairt ar iarratas ar rochtain, ní mór don Gharda Síochána:

an fhaisnéis a thabhairt don duine i gceist go pras agus laistigh de 40 lá tar éis an t-iarratas a fháil,
an fhaisnéis a chur ar fáil i bhfoirm a bheidh soiléir don ghnáthdhuine, e.g. ní mór cóid ar bith atá inti a mhíniú i ngnáthchaint.
I gcás go bhfuil iarratas ar rochtain á dhiúltú, ní mór na cúiseanna atá leis an diúltú sin a leagan amach go soiléir don Duine is Ábhar do na Sonraí.

Conas Iarratas a dhéanamh: Ba cheart iarratas ar shonraí pearsanta a dhéanamh i scríbhinn ar an bhfoirm iarratais atá leagtha síos chuig:

Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána, Bóthar an Ráschúrsa, Durlas, Co Thiobraid Árann.

Iarratais a fhreagairt: Agus iarratas faighte (mar a leagtar amach thuas), ní mór don Gharda Síochána freagra a thabhairt laistigh de 40 lá, fiú amháin mura bhfuil sonraí pearsanta á gcoinneáil nó má táthar ag brath ar dhíolúine.

 

N.B. Nuair a fhaigheann fostaithe de chuid an Gharda Síochána ceisteanna agus comhaid ó Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána maidir le iarratais ar rochtain faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, ba cheart dóibh a chinntiú go bhfreagraítear go pras iad ionas gur féidir leis an eagraíocht a dhualgas a chomhlíonadh maidir le riail seo na 40 lá.

Cúinsí inar féidir Rochtain ar Shonraí Pearsanta a dhiúltú: Níl sé de cheangal ar an nGarda Síochána faisnéis a nochtadh mar fhreagra ar iarratas ar rochtain ón duine is ábhar do na sonraí má aithnítear duine éigin eile sna sonraí. Ní féidir faisnéis maidir le tríú páirtí a nochtadh ach amháin:

má tá toiliú tugtha ag an tríú páirtí don duine atá ag déanamh an iarratais



i gcúinsí áirithe, is réasúnach faisnéis a nochtadh gan toiliú a bheith faighte ón duine eile.


Sna cúinsí seo, tabharfar aird chuí ar leas an dá pháirtí lena mbaineann. Ar aon chuma, déanfaidh an Garda Síochána gach iarracht na sonraí pearsanta a thabhairt don duine iarrthach agus eagar curtha orthu.

Féadfar faisnéis a choinneáil siar i gcás go bhféadfadh a nochtadh, mar chuid d’iarratas ar rochtain, dochar a dhéanamh do choir a imscrúdú, a bhrath nó a chosc. I gcás nach ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar a thuilleadh do na rudaí thuasluaite, nochtfar é do dhuine is ábhar do na sonraí.

I gcás go bhfuil an Garda Síochána den tuairim go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag scaoileadh sonraí pearsanta ar shláinte coirp nó sláinte meabhrach duine éigin dá nochtfaí iad do dhuine is ábhar do na sonraí mar chuid d’iarratas ar rochtain, scaoilfear na sonraí do Dhochtúir Teaghlaigh an duine ar an gcéad ásc.

 

Iarratais a dhéantar thar ceann duine eile


Leanaí: Is féidir Iarratais ar Rochtain ó Dhuine is Ábhar do Shonraí a fháil ó leanbh má tá cumas intleachta leordhóthanach ag an leanbh, i dtuairim Choimisinéir an Gharda Síochána, chun cineál an iarratais a thuiscint.

Is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir an ceart a fheidhmiú, agus freagra a fháil, sna cásanna seo a leanas:

níl cumas intleachta leordhóthanach ag an leanbh chun cineál an iarratais a thuiscint, agus
tá an tuismitheoir ag feidhmiú chun leasa an linbh agus níl faisnéis ar bith ann a thugann le fios go bhfuil tuismitheoirí an linbh gafa i ndíospóid agus go mbeadh sé míchuí a leithéid d’fhaisnéis a scaoileadh. Ní ghéillfear d’iarratas ar rochtain thar ceann linbh dá mbeadh sé dóchúil go mbeadh baint aige le líomhaintí mí-úsáide/leasa a bhféadfaidh a bheith bainteach leis an iarratasóir.

Gníomhairí


Féadfaidh an Garda Síochána iarratais ar rochtain a fháil ó ghníomhairí amhail dlíodóirí ag feidhmiú thar ceann duine eile. Sásóidh Coimisinéir an Gharda Síochána é/í féin maidir le aitheantas an ghníomhaire agus lorgóidh faisnéis leordhóthanach faoin gcliaint chun cabhrú le haitheantas an duine a chinntiú agus na sonraí atá á lorg a aimsiú.

Lorgóidh Coimisinéir an Gharda Síochána deimhniú i scríbhinn ón duine féin ag tabhairt údaráis don ghníomhaire chun an t-iarratas a dhéanamh. De ghnáth, cuirfear na freagairtí uile chuig an seoladh baile arna chur ar fáil ag an Duine is Ábhar do na Sonraí. I gcás go ndéantar iarratas ar fhaisnéis a chur go háit eile seachas seoladh baile an duine, is é an caidreamh idir an duine agus an gníomhaire a chinnteoidh cé acu a dhéanfar an t-iarratas sin a chomhlíonadh nó nach ndéantar e.g. Cliaint/Dlíodóir.

Níor cheart nochtuithe a eisíodh don Duine is Ábhar do na Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána, mar Theistiméireacht faoi Charachtar, mar Imréiteach Slándála nó mar léiriúchán ar bith eile mar sin.


5. RÉIMSÍ FREAGRACHTA


Coimisinéir an Gharda Síochána: Is ar Choimisinéir an Gharda Síochána a bhfuil an fhreagracht deiridh maidir le comhlíonadh gach fostaí de chuid an Gharda Síochána leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Beidh Coimisinéir an Gharda Síochána freagrach as na rudaí seo a leanas:

maoirsiú a dhéanamh ar an mbealach a dhéantar cúrsaí cosanta sonraí a bhainistiú sa Gharda Síochána,
a chinntiú go bhfuil línte tuairiscithe ann chun fostaithe eile de chuid an Gharda Síochána a cheadú ábhair maidir le cosaint sonraí a thabhairt chun solais ag leibhéal sinsearach,
oibleagáidí reachtúla na hEagraíochta a bhainistiú i leith na nAchtanna um Chosaint Sonraí, lena n-áirítear: Prionsabail um Chosaint Sonraí a chomhlíonadh; clárú leis an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí; agus cearta daoine aonair faoi na hAchtanna a chinntiú,
eolas cothrom le dáta a choinneáil ar Reachtaíocht um Chosaint Sonraí agus forbairtí eile ginearálta i réimsí eile ábhartha (e.g. An tAcht um Shaoráil Faisnéise) agus chun a chinntiú go scaiptear agus go gcloítear leis an gCód Cleachtais seo ar fud na hEagraíochta,
feasacht ar chosaint sonraí a chur chun cinn trí oiliúint, forbairt beartais, comhairle agus treoir, ag cinntiú go bhfuil na rialacha oibriúcháin agus treoir beartais ghinearálta atá mar thacaíocht don Chód Cleachtais seo, agus gach ábhar a bhaineann leis na hAchtanna, ar fáil don fhoireann ar fad,
a chinntiú go gcomhlíonann faisnéis agus córais na Prionsabail um Chosaint Sonraí agus go bhfuil socruithe slándála cuí i bhfeidhm chun sonraí a chosaint, lena n-airítear i gcás inar gá, go ndréachtófar conarthaí oiriúnacha maidir le sonraí atá á gcoinneáil don Gharda Síochána ag tríú páirtithe a phróiseáil m.sh córas pionóis na muirear seasta a phróiseáil,
gearáin a rinneadh i ndáil le sonraí pearsanta a imscrúdú agus a réiteach, agus cuidiú, nuair is iomchuí, maidir le hábhair araíonachta agus coiriúla a imscrúdú,
bearta a dhéanamh le haghaidh idirchaidrimh maidir le cúrsaí cosanta sonraí uile idir an Garda Síochána agus an Coimisinéir um Chosaint Sonraí.

Fostaithe uile de chuid an Gharda Síochána


Tá sé de dhualgas ag gach fostaí de chuid an Gharda Síochána comhlíonadh na bPrionsabail um Chosaint Sonraí a chinntiú de réir mar atá leagtha amach i gCaibidil 4, agus go ngeallfaidh siad forálacha an Chód Chleachtais a leanúint de réir bheartais agus nósanna imeachta an Gharda Síochána.

Tá freagracht ar gach fostaí de chuid an Gharda Síochána maidir lena chinntiú go ndéantar na sonraí ar fad a ndéanann siad a rochtain, a bhainistiú agus a rialú mar chuid dá ndualgais laethúla a láimhseáil i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus an Cód Cleachtais seo.

Fostaithe a dhéanann na Rialacha um Chosaint Sonraí a shárú, féadfaidh go gheofar go bhfuil cion déanta acu faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003; Acht an Gharda Síochána 2005, an tAcht um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána 1986 agus Rialacháin Araíonachta an Gharda Síochána.   Lena chois sin, tá seans ann go bhfuil na Gardaí sin á bhfágáil féin agus an eagraíocht neamhchosanta ar dhlíthíocht ó pháirtí díobhálaithe.

Beidh fostaithe reatha agus iarfhostaithe de chuid an Gharda Síochána cuntasach i ndáil le sonraí uile a dhéantar iad a phróiseáil, a bhainistiú nó a rialú acu agus a ndualgais sa Gharda Síochána á gcomhlíonadh acu.


6. INIÚCHTAÍ AR NÓSANNA IMEACHTA UM CHOSAINT SONRAÍ SA GHARDA SÍOCHÁNA

Chun cáilíocht na sonraí atá á gcoinneáil ag an nGarda Síochána a chinntiú agus chun a chinntiú go ndéantar iad a rochtain agus a úsáid go hiomchuí i gcomhréir le téarmaí an Chóid seo, caithfidh gach Oifigeach Ceantair, mar chuid dá c(h)igireacht ráithe agus iniúchtaí i gcomhréir le beartas Choimisinéir an Gharda Síochána, scrúdú a dhéanamh ar shonraí faoi na ceannteidil seo a leanas: Rialú Cáilíochta, Cruinneas Sonraí, Rochtain ar Shonraí; agus Úsáid Sonraí.

Chomh maith leis sin, reáchtálfaidh an tAonad um Chaighdeáin Ghairmiúla an Gharda Síochána scrúdaithe agus athbhreithnithe ar nósanna imeachta um Chosaint Sonraí mar chuid dá bpróiseas scrúdaithe agus athbhreithnithe leanúnaigh.

Chomh maith leis sin, féadfaidh Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí iniúchtaí seachtracha a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ar gach gné de Chosaint Sonraí laistigh den Gharda Síochána.


7. FORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA UM CHOSAINT SONRAÍ


An Coimisinéir Cosanta Sonraí


Leis an Acht, bunaítear oifig neamhspleách an Choimisinéara  um Chosaint Sonraí. Is é an Rialtas a cheapann an Coimisinéir um Chosaint Sonraí agus tá sé/sí neamhspleách maidir le feidhmeanna an róil a chomhlíonadh. Is é feidhm an Choimisinéara um Chosaint Sonraí a chinntiú go gcomhlíonann iad siúd a choinníonn sonraí pearsanta i leith daoine aonair forálacha an Achta um Chosaint Sonraí.   Chun an fheidhm seo a chur ar aghaidh, beidh freagracht ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí maidir le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Chód Chleachtais seo.

Tá réimse leathan cumhachtaí forfheidhmithe ag an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí chun cuidiú leis maidir lena chinntiú go bhfuil na prionsabail um Chosaint Sonraí á gcomhlíonadh.  Áirítear i measc na gcumhachtaí sin fógraí dlíthiúla a sheirbheáil a chuireann iallach ar rialaitheoir sonraí faisnéis a sholáthar atá riachtanach dó chun a chuid fiosruithe a dhéanamh, nó iallach a chur ar rialaitheoir sonraí forálacha an Achta a chur i bhfeidhm.

Déanann an Coimisinéir um Chosaint Sonraí imscrúdú ar ghearáin arna ndéanamh ag an bpobal i gcoitinne i ndáil le sonraí pearsanta agus tá cumhachtaí forleathana aige sa réimse seo.   Is féidir leis, mar shampla, oifigigh a údarú chun dul isteach in áitribh chun cigireacht a dhéanamh ar fhaisnéis phearsanta a choinnítear ar ríomhaire nó ar chóras ábhartha comhdúcháin.  Baill den phobail ar mian leo gearáin fhoirmiúla a dhéanamh maidir le sáruithe ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí, is féidir leo é sin a dhéanamh ach scríobh chuig Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí,  Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise.

Má tá gearán ginearálta le déanamh ag ball den phobal maidir le hiompar comhalta den Gharda Síochána, ba cheart dó/di an gearán sin a sheoladh chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána. Is féidir teacht ar tuilleadh eolais maidir leis an ábhar seo ar www.gardaombudsman.ie.

Níl sé de chumhacht ag Gardaí aonair, le linn ghnáthchúrsa a ndualgas, imscrúduithe a dhéanamh ar sháruithe ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Baill den phobail a dhéanann sáruithe ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí a thuairisciú, ba cheart dóibh a atreorú chuig oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí mar a leagtar amach thuas nó chun breis faisnéise a fháil ar www.dataprotection.ie.

I gcás go bhfuil fios ag fostaithe de chuid an Gharda Síochána, i ngnáthchúrsa a ndualgas, go bhféadfadh sárú ar na hAchtanna a bheith á dhéanamh ag duine aonair, lena n-áirítear fostaithe de chuid an Gharda Síochána, nó go bhfuil cion déanta nó á dhéanamh faoi na hAchtanna, ba cheart dóibh an t-ábhar sin a thuairisciú trí ghnáthbhealaí cumarsáide chuig an gCoimisinéir Cúnta, Roinn na Coireachta agus Slándála. Ar é nó í a chiontú ar díotáil, is féidir go ngearrfar fíneáil suas le €100,000 ar rialaitheoir sonraí a fhaightear ciontach i gcion faoi na hAchtanna, agus/nó féadfar é/í a ordú bunachar sonraí ar fad, nó cuid de bhunachar sonraí, a scriosadh má bhaineann sé leis an gcion.


Comhairle/Cúnamh

Ba cheart gach comhad ina lorgaítear comhairle nó cúnaimh maidir le cúrsaí cosanta sonraí laistigh den Gharda Síochána a chur chuig:

Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána/Oifig Taifead Coiriúil an Gharda Síochána,
Bóthar an Ráschúrsa
Durlas
Co. Thiobraid Árann

Teil: Íosghlao 1890 488 488/00353 504 27300

Uaireanta Oifige: 9am-5pm Luan - Aoine

DEIREADH