Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Conas a dhéanaim iarratas ar Eolas faoin gComhshaol?

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007 go 2011, cearta dlíthiúil dóibh siúd a fhéachann rochtain a fháil ó údaráis phoiblí ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol. Faoi na rialacháin seo, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaoil arna gcoinneáil ag, nó ar son, údaráis phoiblí a chur ar fáil ach í a iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe. Sna Rialacháin RFC, tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaoil; leagtar amach an bhealach chun iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údarás poiblí; agus an bhealach a bhfuil sé de cheangal údaráis phoiblí déileáil le hiarratais.

Agus iarratas á dhéanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin RFC, is gá a rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC agus é a chur isteach i scríbhinn nó tríd an ríomhphost; do shonraí teagmhála a chur ar fáil; an fhaisnéis atá ag teastáil a lua, chomh soiléir agus is féidir, agus má tá an fhaisnéis ag teastáil uait i bhformáid nó ar bhonn rochtana ar leith, ba cheart duit é sin a lua i d’iarratas.

Agus iarratas á dhéanamh ar fhaisnéis faoi na Rialacháin RFC, is gá a rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC agus é a chur isteach i scríbhinn nó tríd an ríomhphost; do shonraí teagmhála a chur ar fáil; an fhaisnéis atá ag teastáil a lua, chomh soiléir agus is féidir, agus má tá an fhaisnéis ag teastáil uait i bhformáid nó ar bhonn rochtana ar leith, ba cheart duit é sin a lua i d’iarratas. 

(i) Seol d’iarratas tríd an ríomhphost chuig: foi@garda.ie.

(ii) Seol d’iarratas i scríbhinn chuig: An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Teach Átha Luimnigh, Páirc Ghnó an ÚFT, Johnstown, An Uaimh, Co. na Mí. C15 DR90

Cliceáil anseo chun foirm iarratais ar líne a íoslódáil. Tabharfar freagra tráth nach déanaí ná 4 seachtaine i ndiaidh dúinn an t-iarratas a fháil. Má tá cabhair ar bith uait, beidh an fhoireann san Aonad um Shaoráil Faisnéise sásta cabhrú leat d’iarratas a chur le chéile. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig um Shaoráil Faisnéise ag +353(46) 9036350

Cad iad na Táillí?

Ní bhaineann táille tosaigh ar bith le hiarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht. Is féidir leis an Roinn táille réasúnach a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis iarrtha a chur ar fáil. Féadfaidh costais a bhaineann le tiomsú, cóipeáil, priontáil nó postas na faisnéise a bheith i gceist leis an táille sin. Ní bhaineann táille ar bith le hiarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.

Baineann costas €50 le hachomharc a dhéanamh ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €15 más sealbhóir cárta leighis tú, nó cleithiúnach sealbhóra cárta leighis, nó tríú páirtí ag déanamh achomhairc ar chinneadh maidir le faisnéis a scaoileadh.