Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Canna

Is féidir leat féachaint ar na Ceisteanna Coitianta anseo chun a fháil amach an bhfuil freagra ar do cheist faoin Scéim Foilsitheoireachta atá ceangailte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

Tá tuilleadh eolais maidir le FOI ar fáil ó:

 

An tAonad Saorála Faisnéise

Teach Áth Luimnigh,

Páirc Ghnó an IDA,

Baile Sheáin,

An Uaimh,

Co. An Mhí

 

Fón: 353 (46) 9036350
 
R-phost: foi@garda.ie

An Coimisinéir Faisnéise

18 Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2.

 

Fón: +353 (1) 639 5689

Íosghlao: 1890 22 30 30

Facs: +353 (1) 639 5674


R-phost: info@oic.gov.ie

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Aonad um Bheartas Lárnach,

Urlár 3,

7-9 Rae Mhuirfean,

Baile Átha Cliath.

 

Fón: +353 (1) 631 8258

Facs: +353 (1) 604 5750

 
R-phost: cpu@per.gov.ie

Tá faisnéis níos cuimsithí maidir le Saoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 ar fáil ag www.foi.gov.ie.

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE)

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go dtí 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh 662 de 2011) (dá ngairfear ‘na Rialacháin AIE’ anseo feasta) cearta dlí dóibh siúd atá ag lorg rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Faoi na rialachán seo, faoi réir eisceachtaí áirithe, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí nó á coinneáil thar a ceann a chur ar fáil do dhuine ar bith nuair a iarrtar a leithéid. Déanann na Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil; déanann siad cur síos ar an gcaoi ar féidir iarratas a chur faoi bhráid údarás poiblí agus an chaoi is gá le húdaráis phoiblí déileáil le hiarratais.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas AIE?

Más mian leat iarratas ar fhaisnéis a dhéanamh faoi na Rialacháin AIe, beidh ort:

a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na rialacháin AIE agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach; tabhair do shonraí teagmhála; luaigh, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis chomhshaoil atá ag teastáil, agus má theastáionn uait fhaisnéis i bhformáid ar leith nó ar bhealach rochtana ar leith, luaigh é seo go sonrach i d’iarratas.

(i) Seol d’iarratas ar ríomhphost chuig:

foi@garda.ie

Nó;

(ii) Seol d’iarratas i scríbhinn chuig:

   

        An Oifigeach Saorála Faisnéise

            Teach Áth Luimnigh,

              Páirc Ghnó an IDA,

                  Baile Sheáin,

                    An Uaimh,

                   Co. An Mhí

 
Cliceáil anseo chun an fhoirm iarratais ar line a íoslódáil. Tabharfar freagra laistigh de 4 seachtaine ón iarratas a fháil.

 

Má theastaíonn uait aon chabhair, beidh an lucht oibre san Aonad FOI sásta cabhair a thabhairt duit chun d’iarratas a dhéanamh. Is féidir leat dul i dteagmhál leis an Oifig FOI ar;

 
Fón:+ 353 (46) 9036350

Táillí le híoc as iarratas AIE a dhéanamh

Níl aon táille i dtosach le híoc as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. Is féidir leis an Roinn táille réasúnta a ghearradh ar sholáthar na faisnéise a iarrtar, áfach. D’fhéadfadh na costais a bhaineann leis an fháisnéis a bhailiú, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil a bheith san áireamh leis seo. Níl aon táille ag baint le hathbhreithniú inmheánach a iarraidh.

 

Tá costas €50 ag baint le hachomharc a dhéanamh chuig an gComisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €15 má is sealbhóir cárta leighis thú nó má tá tú ag brath ar shealbhóir carta leighis, nó tríú páirtí le hachomharc á dhéanamh i gcoinne faisnéis áirithe a scaoileadh.