Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coláiste an Gharda Síochána

Is é Coláiste an Gharda Síochána an lárionad náisiúnta d’oiliúint, d’fhorbairt agus d’fhoghlaim na bpóilíní laistigh de Stát na hÉireann. Is struchtúr nua-aimseartha campais é atá suite ar ocht n-acra i mbaile an Teampaill Mhóir, Contae Thiobraid Árann.

College 1

Clár Bunoiliúna

Is é an Clár Bunoiliúna an clár oiliúna agus forbartha tosaigh sa Gharda Síochána, agus cuimsítear an oiliúint atá riachtanach chun ról agus feidhmeanna an Gharda a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Is é an Clár Bunoiliúna an t-ardán don fhoghlaim agus forbairt eile ar fad in eagraíocht an Gharda Síochána. Feidhmíonn an Clár ar chur chuige foghlama fadhb-bhunaithe hibride, a chuireann le fealsúnacht foghlama eagraíochtúil de fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Glactar le prionsabail freisin laistigh den Dearadh Uilíoch le haghaidh Creat Foghlama sa Chlár. Déantar múineadh agus foghlaim a fheabhsú agus a bharrfheabhsú do gach duine bunaithe ar léargais na heolaíochta ar an gcaoi a bhfoghlaímid ar fad.

Tá Bunoiliúint Ceannfoirt freagrach as an mClár Bunoiliúna a sholáthar, a mheasann trí phríomhghné, thar thrí chéim den oiliúint. Is iad na trí ghné a ndéantar monatóireacht agus measúnú orthu le linn an Chláir mar seo a leanas:

  1. BA i bPóilíniú Feidhmeach – cuimsítear Céim Baitsiléir Ealaíon i bPóilíniú Feidhmeach (Leibhéal 7 ar an NQF) sa Chlár, atá creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh. Tá thart ar dhá bhliain i gceist chun an BA i bPóilíniú Feidhmeach a chur i gcrích agus tá sé roinnte i dtrí Chéim ar leith.
  2. Éifeachtúlacht agus éifeachtacht oibríochtúil – Le linn imlonnú chuig Stáisiúin an Gharda Síochána, déantar measúnú ar fheidhmiú oibríochtúil na nGardaí faoi Oiliúint agus na nGardaí ar Promhadh chun a n-oiriúnacht a mheas maidir le róil agus feidhmeanna bhall den Gharda Síochána a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.
  3. Iompar agus iompraíocht – Mar riachtanas eagraíochta, tugtar meas cúramach chun oiriúnacht fhoriomlán an Gharda faoi Oiliúint agus an Gharda ar Promhadh a mheas ina n-iompar agus a n-iompraíocht sa Chlár ar fad. Meastar sa Chlár an chaoi a gcomhlíonann Gardaí faoi Oiliúint agus Gardaí ar Promhadh caighdeáin eiticiúla, luachanna, ionracas agus gairmiúlacht atá de dhíth ag baill den Gharda Síochána.

Tosaíonn an Clár Bunoiliúna, nuair a thosaíonn iarratasóir rathúil mar Gharda faoi Oiliúint agus tagann sé chun deiridh nuair a dheimhníonn an Coimisinéir Garda a c(h)eapachán mar bhall den Gharda Síochána, i ndiaidh cur i gcrích rathúil den tréimhse phromhaidh.

Cuimsíonn an Clár BA i bPóilíniú Feidhmeach, ina bhfuil trí Chéim oiliúna. Déantar Gardaí faoi Oiliúint atá i gCéim I agus nuair a chuireann siad é sin i gcrích, déantar Gardaí faoi Oiliúint a dhearbhú mar bhaill den Gharda Síochána agus cuirtear tús lena tréimhse phromhaidh (de ghnáth dhá bhliain ó dearbhaíodh iad) i gcomhréir le soláthair na Rialachán Ligean Isteach agus Ceapacháin. Soláthraítear leis an tréimhse phromhaidh tréimhse chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an Gharda faoi Oiliúint maidir le róil agus feidhmeanna an Gharda a dhéanamh roimh dhearbhú ina c(h)eapachán mar Gharda. I ndiaidh dearbhaithe, cuireann Gardaí ar Promhadh Céim II agus Céim III den chlár BA i bPóilíniú Feidhmeach i gcrích sa timpeallacht oibríochtúil. Tá thart ar dhá bhliain agus ocht mí i gceist leis an Clár Bunoiliúna foriomlán, agus d'fhéadfadh sé a bheith faoi réir síntí ama de réir mar a mheastar a bheith iomchuí.

Soláthraítear gné acadúil an Chláir seo atá sa BA i bPóilíniú Feidhmeach, atá creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh, trí úsáid a bhaint as cur chuige hibrideach foghlama fadhb-bhunaithe. Feabhsaítear leis an BA i bPóilíniú Feidhmeach foghlaim in ábhair amhail reachtaíocht, beartas Garda, cleachtais agus nósanna imeachta, an Ghaeilge, póilíniú pobail, ceird póilínithe, oiliúint féinchosanta agus fhisiciúil. Le linn an Chláir Bunoiliúna, caithfidh Gardaí faoi Oiliúint agus Gardaí ar Promhadh tréithe a bheith acu d'athléimneacht, díograis, folláine fhisiciúil agus intinne, luachanna láidre eiticiúla agus tiomantas. Tá na tréithe seo ag teastáil chun freastal ar éilimh an Chláir agus chun a chinntiú go bhfuil an cumas ag iarrthóirí páirt a ghlacadh in oiliúint atá dian ar an gcorp.

BA i bPóilíniú Feidhmeach

Is céim leibhéal 7 é an Baitsiléir Ealaíon i bPóilíniú Feidhmeach atá creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh. Tugtar léargas sa mhéid seo a leanas ar na trí chéim atá mar chuid den chlár BA i bPóilíniú Feidhmeach:

Céim I Foghlaim hibrideach fadhb-bhunaithe 

Céim II Foghlaim bunaithe ar obair

Céim III Foghlaim bunaithe ar obair

garda_college_trainee_gardaiCareers_landing_bottom_rightCrime_prevention_landing_page_bottom_left

Foghlaim tuilleadh faoi Choláiste an Gharda Síochána