Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Céim I

Céim I


Le linn Chéim I, cuirtear tús le riachtanais acadúla an BA i bPóilíniú Feidhmeach, agus an monatóireacht thosaigh ar iompar agus iompraíocht agus ar fheidhmiú oibríochtúil á meas freisin mar chuid den Chlár Bunoiliúna foriomlán. Tá Céim I roinnte i dtrí Chéim agus dé ghnáth, tá thart ar ocht mí (34 seachtaine) i gceist chun í a chur i gcrích. Le linn oiliúint Chéim I, tá Gardaí faoi Oiliúint faoi choimirce an Stiúrthóra Oiliúna agus FGL, Coláiste an Gharda Síochána, an Teampall Mór, Contae Thiobraid Árann.

Soláthraítear an bonn maidir le Poilíniú i gCéim I, Cuid 1 le léargas ar ról agus feidhm an Gharda agus soláthraítear an bunoiliúint le bheith mar Gharda oibríochtúil. Is í oiliúint chónaitheach Céim 1, a dhéantar ar bhonn Luan go hAoine de ghnáth. Déantar measúnú ar Ghardaí faoi Oiliúint go leanúnach ar fhoghlaim acadúil agus ceird póilínithe.

Is í Céim I, Cuid 2 an chuid foghlama ó thaithí, ina gcuirtear Gardaí faoi Oiliúint chuig Stáisiúin na nGardaí. Le linn Chuid 2, faigheann Gardaí faoi Oiliúint taithí póilínithe mar bhreathnóirí, le treoir ó Gharda Teagascóra oilte agus sannta. Sa chuid seo, tá an deis ag Gardaí faoi Oiliúint breathnú ar Gharda Teagascóra agus iad ag déileáil le heachtraí póilínithe agus imscrúdú a dhéanamh ar ábhair, a chumasaíonn dóibh machnamh a dhéanamh ar an teoiric a fuair siad i gCuid 1 oiliúint a chur i gcleachtadh.

Is í Céim I, Cuid 3 an chéim dheireanach de Chéim I, ina bhfilleann na Gardaí faoi Oiliúint ar Choláiste an Gharda Síochána le haghaidh oiliúint chónaitheach agus ar líne. Soláthraítear le Cuid 3 an bhuaic foghlama agus forbartha a chumasaíonn Gardaí faoi Oiliúint na measúnuithe suimitheacha a chur i gcrích roimh an dearbhú agus a bheith níos éifeachtúla mar bhaill oibríochta den Gharda Síochána.

Le linn Chéim I, caithfidh Gardaí faoi Oiliúint 'Conradh Garda faoi Oiliúint' a shíniú. Féadfar síneadh ama a chur le tréimhse oiliúna Chéim I ar feadh tréimhsí níos faide mar a stiúrann Stiúrthóir Oiliúna agus FGl, Coláiste an Gharda Síochána nó Coimisinéir na nGardaí. Nuair a chríochnaíonn Gardaí faoi Oiliúint Céim I go rathúil, déantar a n-ainmniú don Gharda Síochána agus rachaidh siad ar aghaidh go Céim II dá dtraenáil mar Ghardaí ar Promhadh.

Céim 1 Modh soláthair: Foghlaim hibrideach fadhb-bhunaithe

Modúil a chlúdaítear i gCéim I:


Bonn Póilínithe– Tugtar léargas ar an bhfeidhm póilínithe do mhic léinn sa mhodúl seo. Cuirtear an eagraíocht agus a ról sa chóras cheartas coiriúil i láthair do mhic léinn. Feabhsóidh mic léinn na scileanna cineálacha atá le n-úsáid le linn na coda eile dá n-oiliúint.
Inniúlacht Ghairmiúil– Tá sé mar aidhm leis an modúl seo an fhreagracht as feabhas a chur ar a bhfaisnéise phearsanta agus ghairmiúil, scileanna, luachanna agus a n-iompair atá ag teastáil chun seirbhís póilínithe ghairmiúil a sholáthar.
Póilíniú Coire & Eachtra– Tá sé mar aidhm leis an modúl seo mic léinn a chumasú an fhaisnéis agus na scileanna praiticiúla a fhoghlaim chun bainistíocht a dhéanamh ar réimse leathan eachtraí póilínithe agus coire.
Póilíniú le Pobail–  Tá sé mar aidhm leis an modúl seo an saineolas pearsanta agus gairmiúil a thabhairt do mhic léinn chun póilíniú a dhéanamh ar bhealach dearfach ar phobal nua-aimseartha, éagsúil agus dátheangach, agus iad ar an eolas faoi riachtanais a mball leochaileach freisin.
Póilíniú ar Bhóithre– Tá sé i gceist leis an modúl seo an fhaisnéis agus na scileanna a thabhairt do mhic léinn atá ag teastáil chun póilíniú éifeachtach a dhéanamh ar fhadhbanna tráchta (seicphointí, tiomáint ar meisce/faoi thionchar drugaí srl) chun líon na n-eachtraí de ghortuithe marfacha agus tromchúiseacha a laghdú go suntasach chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.
Róil & Freagrachtaí Stáisiúin–  Tá sé mar aidhm leis an modúl seo cumais na mac léinn a fhorbairt i ngach ról a bhaineann le dualgais an Gharda Síochána, lena n-áirítear bainistíocht príosúnach.
Sábháilteacht Oifigeach & Poiblí– Forbraíonn an modúl seo inniúlacht fhisiciúil na mac léinn trí scileanna praiticiúla (bata inghiorraithe, dornaisc inse, sprae (piobair) OC agus féinchosaint póilíní.
Fianú Poist
Oiliúint I ndiaidh fianaithe, ina nglacann Gardaí faoi Oiliúint an Mionn agus ina bhfaigheann siad a gcumhachtaí dlíthiúla, éiríonn siad ina nGardaí ar Promhadh. Cuirtear chuig stáisiúin oiliúna iad ina leantar leis an oiliúint le linn Chéim II agus Céim III sa timpeallacht oibríochtúil. Soláthraítear Céim II agus Céim III den Chlár oiliúna go náisiúnta ag Scoileanna CPD Roinne faoi shainchúram BhunOiliúint an Cheannfoirt. Soláthraítear leis na Scoileanna CPD Roinne ranganna agus tá freagracht acu as maoirseacht a dhéanamh ar mheasúnuithe le haghaidh Gardaí ar Promhadh i gCéim II agus Céim III. Déanann siad an ról seo mar aon le foireann maoirseachta chun tacú le hoiliúint na nGardaí ar Promhadh agus maoirseacht a dhéanamh uirthi.

Promhadh Déanann Oifig Monatóireachta an Phromhóra, faoi shainchúram Bhunoiliúint an Cheannfoirt bainistíocht agus maoirseacht ar dhul chun cinn gach Garda ar Promhadh le linn a tréimhse oiliúna agus phromhaidh. Tá dhá bhliain i gceist leis an tréimhse phromhaidh i ndiaidh an dáta fianaithe, ach amháin má chuirtear síneadh ama leis. Is é cuspóir na tréimhse dhá bhliain seo ná an deis a thabhairt do Ghardaí ar Promhadh éifeachtacht agus éifeachtúlacht a léiriú ina bhfeidhmiú mar bhall den Gharda Síochána. Ag deireadh na tréimhse seo, deimhníonn an Coimisinéir Garda baill ina gceapacháin.