Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad Uisce an Gharda Síochána

water unit 3

water unit 2

Soláthraíonn Aonad Uisce an Gharda Síochána cumas tacaíochta agus cuardaigh oibríochtúil d’aonaid eile agus gníomhaireachtaí seachtracha an Gharda Síochána i dtimpeallachtaí mara agus i láithreacha baolacha. Tá dhá fhoireann oibríochtúla san Aonad atá bunaithe ag Stáisiún Gardaí Bhaile Átha Luain, Contae na hIarmhí agus ag Seantrabh, Contae Bhaile Átha Cliath, faoi seach.

Tugtar an tAonad ar an láthair go rialta chun tabhairt faoi imscrúduithe a bhaineann le dúnmharuithe agus coireacht thromchúiseach, daoine atá ar iarraidh agus aisghabháil fianaise. Anuas ar chuardaigh faoin uisce, iarrtar air go rialta chun tabhairt faoi phatróil dromchla ar fud na tíre agus timpeall ar imeallbhord na hÉireann. Is éard a bhaineann leis seo ná reachtaíocht mhuirí a chur i bhfeidhm agus póilíneacht a dhéanamh ar imeachtaí móra a thiteann amach ar an uisce nó i ngar dó.

Critéir Roghnaithe

Ní mór d’iarratasóirí a chuireann isteach ar an Aonad na critéir seo a leanas a shásamh:-

  • Dualgas póilíneachta túslíne 3 bliana, ar a laghad, a bheith críochnaithe
  • Pas a bhaint amach i scrúdú dian leighis tumtha
  • Cúrsa agus agallamh réamhroghnaithe a chur i gcrích
  • Cúrsa Aerthumadóireachta Bunúsaí (Scuba H.S.E agus Éileamh Dromchla) a chríochnú go rathúil ag scoil aitheanta um oiliúint póilíní sa tiomáint (sa Ríocht Aontaithe, de ghnáth)

Caithfidh iarratasóirí rathúla dualgas 5 bliana, ar a laghad, a chríochnú le hAonad Uisce an Gharda Síochána.

Sub aqua

Féadfaidh na timpeallachtaí ina dtugann Aonad Uisce an Gharda Síochána faoina ndualgais a bheith bagrach don bheatha.  Ar an ábhar sin, bíonn oiliúint a chur ar chomhaltaí nua foirne críochnúil agus ar bun go leanúnach. Caithfidh go n-éireoidh le comhaltaí cúrsaí a chur i gcrích sna limistéir seo a leanas:-

•Gaireas Análaithe agus gléasanna Éalaithe (Cuardaigh Spáis Theoranta)

•Ard-Liagóir Bád Innill Chumann Seoltóireachta na hÉireann

•Taithíocht airm thine agus láimhsiú sábháilte

•Láimhsiú agus aisghabháil fianaise

•Cúrsaí Tiomána an Gharda Síochána a airde le haicme C

Féadfaidh comhaltaí speisialú go fóill i limistéir bhreise, an méid a leanas ina measc:-

•Maoirseoir Tumtha

•Grianghrafadóireacht faoin Uisce

•Dreapadóireacht agus Rochtain Rópa

•Teicneoir Seirbhísithe Trealamh

•Oibreoir SONÓIR Scanta MS1000   

 Oibríochtaí Idirghníomhaireachta

Déanann Aonad Uisce an Gharda Síochána crostraenáil le haonaid eile an Gharda Síochána, ar nós an Aonaid Aerthacaíochta, an Aonaid Ghadhar agus an Aonaid Freagartha Éigeandála. Chomh maith leis sin, tugann sé faoi oibríochtaí agus cleachtaidh le roinnt gníomhaireachtaí neamh-Gharda, ar nós Gharda Cósta na hÉireann, Seirbhís Custam na hÉireann, Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus Cosaint Shibhialta.

Cuireann an saghas seo d’oiliúint ilghníomhaireachta feabhas ar scileanna oibríochtúla comhaltaí foirne agus soláthraíonn sé an deis chun feabhas a chur ar amanna agus cumas freagartha, chomh maith.             

Sub aqua 2

water unit 1