Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad é Ordú Sábháilteachta

Ordú Sábháilteachta

Alt 2, an tAcht um Fhoréigean Baile, 1996, arna leasú

Féadfaidh na daoine seo a leanas Ordú Sábháilteachta a fháil:

  1. céile nó páirtnéir sibhialta an chiontóra (áirítear leis seo daoine a rinneadh a cholscaradh, de réir an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996), nó:
  2. aon duine nach bhfuil gaolta leis an gciontóir, ach a chónaigh leis an bhfreagróir (níl teorainn ama shonrach, de réir an Achta um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011) i gcaidreamh dlúth agus dúthrachtach sula ndearnadh iarratas ar an ordú sábháilteachta, nó;
  3. tuismitheoir an chiontóra (atá in aois iomlán agus nach cleithiúnaí an tuismitheora é/í), nó;
  4. aon duine a chónaíonn i gcaidreamh leis an gciontóir, nach caidreamh conarthach, go príomha, é, nó;
  5. tuismitheoir linbh ar ciontóir a t(h)uismitheoir eile (de réir an Achta um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011), nó;
  6. faoi chúinsí sonracha, bíonn cumhachtaí ag Túsla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, faoi Alt 6 den Acht um Fhoréigean Baile, 1996 chun iarratas a dhéanamh ar Ordú Sábháilteachta thar ceann ‘duine éagóirithe’ atá i dteideal a bhféadfadh gur duine fásta nó duine cleithiúnach é/í.

Ní dhéanann Ordú Sábháilteachta an ciontóir a eisiamh ón mbaile, ach cuireann sé sábháilteacht ar fáil don iarratasóir (nó do chleithiúnaí) trí thoirmeasc a chur ar an bhfreagróir ón méid seo a leanas a dhéanamh:

  • foréigean a úsáid, nó bagairtí chun foréigean a úsáid i gcoinne an iarratasóra / an chleithiúnaí, nó;
  • cur isteach ar nó eagla a chur ar an iarratasóir / an cleithiúnaí.

Má tá cónaí ar an bhfreagróir in áit eile, cuireann an tOrdú cosc ar an bhfreagróir ó fhaire ar nó cur isteach ar theach an iarratasóra/an chleithiúnaí. Féadfaidh an Chúirt na heisceachtaí siúd nó na coinníollacha breise siúd a leagan ar an Ordú, de réir mar a mheasann sí is cuí.

Féadfaidh an tOrdú fanacht i bhfeidhm ar feadh a fhad le 5 bliana i ndiaidh go ndéantar é agus féadtar é a athnuachan.