Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Stiúrthóir Feidhmiúcháin Acmhainní Daonna agus Forbairt Daoine

Yvonne_Cooke

Teideal: Stiúrthóir Feidhmiúcháin Acmhainní Daonna agus Forbairt Daoine

Ainm: Yvonne Cooke

Áit dúchais: Dublin

Ceaptha: 13 September 2021

Buaicphointí Gairme:

Ceapadh Yvonne Cooke ar an bhFoireann Cheannasaíochta Sinsearach i Meán Fómhair 2021, agus freagracht uirthi as Acmhainní Daonna agus Forbairt Daoine. 

Sular ceapadh í, bhí Ms Cooke ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna do Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann.  

Tá os cionn 20 bliain de thaithí ag Ms Cooke i gcúrsaí póilíneachta agus slándála, agus speisialtóireacht aici sna réimsí seo a leanas: Acmhainní Daonna, Forbairt Daoine agus Eagraíochta, Dearadh Seirbhíse agus Athrú Cultúrtha casta.

Is Comhalta Eisenhower í Ms Cooke, agus tá taithí ghairmiúil idirnáisiúnta aici a chuimsíonn na hearnálacha poiblí, príobháideacha agus neamhbhrabúis.    

Cáilíochtaí:

  • Ollscoil na Banríona, Béal Feirste – Máistir Eolaíochta (MSc) i Síceolaíocht Cheirde (2001)
  • Baitsiléir Eolaíochta (BSc) sa tSíceolaíocht (2000)
  • Síceolaí Cairte, Health Professions Council (2011)
  • Síceolaí Ceirde Cairte, British Psychological Society (2011)
  • Comhalta Cairte – an Institiúid Chairte um Fhorbairt Pearsanra (2020)
  • Strategic Command Course de chuid College of Policing na Ríochta Aontaithe, le gradam (2020)
  • Máistir-Chleachtóir i Ríomhchlárú Néar-Theangeolaíoch (2016)