Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Stiúrthóir Cumarsáide Corparáidi

Andrew

Teideal: Stiúrthóir Cumarsáide Corparáidi

Ainm:Andrew McLindon

Áit dúchais:Baile Átha Cliath

Ceaptha:16/09/13

Ina bhall ó:16/09/13

Buaicphointí Gairme:

Iriseoir, sainchomhairleoir caidrimh phoiblí, agus bainisteoir caidrimh phoiblí é Andrew, agus ceapadh é le post Stiúrthóir Cumarsáide an Gharda Síochána an 16 Meán Fómhair 2013.

Is é an príomhról atá aige chun comhairle a chur ar Choimisinéir an Gharda Síochána agus ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána faoi réimse saincheisteanna, straitéis cumarsáide, caidreamh leis na meáin agus beartas meán, na meáin shóisialta agus dhigiteacha, agus cumarsáid inmheánach ina measc.

Ba Bhainisteoir Caidrimh Phoiblí agus Margaíochta é Andrew roimhe seo i mBus Éireann ó 2008 go 2013, áit ar ghníomhaigh sé mar phríomhurlabhraí na cuideachta agus áit a ndearna sé maoirseacht ar fheachtais náisiúnta chaidrimh phoiblí agus mhargaíochta, gníomhaíochtaí meán sóisialta agus digiteach na cuideachta a bhain dámhachtain amach. Roimhe seo, d’oibrigh Andrew ar feadh cúig bliana mar shainchomhairleoir corparáideach caidrimh phoiblí agus d’oibrigh sé le roinnt de na cuideachtaí is mó sa tír. Sular aistrigh sé isteach i gcaidreamh poiblí, b’iriseoir agus eagarthóir gnó agus teicneolaíochta é ar feadh beagnach deich mbliana.

Cabhraíonn ceathrar comhaltaí foirne dhéag, ar an iomlán, a oibríonn in Oifig Preasa an Gharda Síochána le Andrew agus déanann sé tuairisciú go díreach le Coimisinéir an Gharda Síochána.

Cáilíochtaí:

MSc (Chéad Onóracha) sa Mhargaíocht, DIT 2012,

MA (Onóracha) i gCumarsáid Pholaitiúil, DCU 2003,

Céimí de chuid Scoil Iriseoireachta Ráth Maonais, DIT 1993.