Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir Cúnta Coireacht Eagraithe Thromchúiseach

Angela Willis

Teideal: Coimisinéir Cúnta Coireacht Eagraithe Thromchúiseach

Ainm: Angela Willis

Áit dúchaisMaigh Eo

Ina bhall ó: 1990

Buaicphointí Gairme:

Tá tríocha bliain de thaithí póilíneachta ag Coimisinéir Cúnta Angela Willis, tar éis di fónamh i réimse ról oibríochtúil, lena n-áirítear póilíneacht líne tosaigh agus speisialtóireachta i mBaile Átha Cliath agus i Réigiún an Iarthuaiscirt i rith a gairme.

Bhí róil speisialtóireachta ag Angela mar Cheannfort agus mar Cheannfort Bleachtaire sna Seirbhísí Tacaíochta Oibriúcháin, i mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce agus san Fhoireann Athbhreithnithe Coireachta Tromchúiseach, sular tugadh ardú céime di go hArd-Cheannfort. Bhí sí ina hArd-Cheannfort Bleachtaire agus ina ceannasaí biúró sa Bhiúró Teicniúil, i mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe agus sa Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil, sular ghlac sí lena ról reatha i Réigiún Bhaile Átha Cliath. 

Rinne Angela ionadaíocht ar Éirinn ar Bhord Feidhmiúcháin an Lárionaid Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N), i Liospóin, agus bronnadh Bonn MAOC-N uirthi mar aitheantas ar a gairmiúlacht, a saineolas, a dúthracht agus a comhoibriú chun dul i ngleic le gáinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí i réimse muirí an Atlantaigh agus na Meánmhara.   

Cáilíochtaí:

Tá na cáilíochtaí seo a leanas ag Angela:

  • Máistir Ealaíon in Imscrúdú ar Choireacht Thromchúiseach – Ollscoil Luimnigh (2022)
  • Ard-Dioplóma san Idirghabháil – Cumann Onórach Óstaí an Rí (2022)
  • Teastas Iarchéime in Imscrúdú ar Choireacht Thromchúiseach – Ollscoil Luimnigh (2021)
  • Teastas sa Dlí um Póilíneacht agus Cearta an Duine in Éirinn – Ollscoil Luimnigh (2021)
  • Teastas Gairmiúil sa Rialachas – Ollscoil na hÉireann (2018)
  • Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) i mBainistíocht Póilíneachta – Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (2011)
  • Dioplóma i Staidéir Oifigigh Shinsearaigh Imscrúdaithe – Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (2009)

Chríochnaigh Angela Strategic Command Course de chuid College of Policing na Ríochta Aontaithe le gradam in 2020 agus is Gold Firearms Commander/Assessor í.