Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Choimisinéir Cúnta, Réigiún an Iarthuaiscirt

Cliona Richardson

Choimisinéir Cúnta, Réigiún an Iarthuaiscirt

Ainm: Cliona Richardson

Ait Dhúchais: Baile Átha Cliath

Ceaptha: 11 Feabhra 2023

Ina ball ó: 1990

Buaicphointí gairme:

Bhí Coimisinéir Cúnta Cliona Richardson i gceannas ar Rannóg Idirchaidrimh agus Cosanta an Gharda Síochána, atá freagrach as slándáil chosantach an Stáit agus a institiúidí, Bainistíocht Móréigeandálaí agus feidhm láidir idirchaidrimh. Tá 30 bliain de thaithí póilíneachta aici i réimse ról oibríochtúil, lena n-áirítear sa Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil, sa Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla agus mar Oifigeach Ceantair i mBéal Átha na Sluaighe, agus sular tugadh ardú céime di go hArd-Cheannfort Bleachtaire, bhí sí i gceannas ar Aonad Náisiúnta Faisnéise Coiriúla an Gharda Síochána (NCIU).

Chomh maith lena ról i slándáil chosantach, lena n-áirítear comhordú na slándála do dhaoine mór le rá ar cuairt, bhí Coimisinéir Cúnta Richardson freagrach as líonra Oifigeach Idirchaidrimh an Gharda Síochána go hidirnáisiúnta, as Biúró SIRENE agus as oibriú Chóras Faisnéise Schengen (SIS II). Tá sí i gceannas faoi láthair ar Aonad Náisiúnta EUROPOL in Éirinn agus ar Lárbhiúró Náisiúnta INTERPOL d’Éirinn. Tá ionadaíocht déanta aici thar ceann An Garda Síochána ar roinnt grúpaí oibre náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le malartú faisnéise agus comhar idirnáisiúnta.   

Ina cáil mar cheann ar Aonad Bainistíochta Móréigeandálaí an Gharda Síochána, bhí Coimisinéir Cúnta Richardson freagrach as Aonad Comhordaithe COVID-19 a reáchtáil ó bunaíodh é in 2020 chun freagairt straitéiseach an Gharda Síochána a bhainistiú ar bhealach comhordaithe de réir mar a d'fhorbair an phaindéim.

Cáilíochtaí:

Tá céim i gCeannaireacht agus Rialachas Póilíneachta ó UCD Michael Smurfit Graduate Business School ag Coimisinéir Cúnta Richardson agus chríochnaigh sí clár teastais an Gharda Síochána sa Dlí um Póilíneacht agus Cearta an Duine in Éirinn i gcomhar le hOllscoil Luimnigh. Is céimí de chuid FBI National Academy í agus is comhalta í den International Association of Chiefs of Police (IACP) agus de Bhord Bainistíochta Europol sa Háig.