Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rabhadh faoi Camscéim iTUNES

Tá an Garda Síochána ag féachaint le rabhadh a thabhairt don phobal, go háirithe daoine breacaosta leochaileacha, maidir le camscéim ag iarraidh orthu trí chleasaíocht cártaí bronntanais iTUNES.

Tá an Garda Síochána ag féachaint le rabhadh a thabhairt don phobal, go háirithe daoine breacaosta leochaileacha, maidir le camscéim ag iarraidh orthu trí chleasaíocht cártaí bronntanais iTUNES.

Le cúpla seachtain anuas, cuireadh an dallamullóg ar roinnt daoine leis an camscéim seo. I gcontaetha Chill Mhantáin agus Thiobraid Árann, cuireadh an dallamullóg ar bheirt a cheannaigh breis agus €1,000 i ndearbháin. I gContae na Gaillimhe, chaill íospartach eile €2,000 de dheasca na camscéime. I mBaile Átha Cliath, rinne duine amháin iarracht €1,000 i gcártaí bronntanais iTunes a cheannach in ollmhargadh, sular éirigh ball foirne amhrasach agus cuireadh fios ar na Gardaí.

Seo mar a oibríonn an chamscéim:

Faigheann an t-íospartach glao teileafóin nó teachtaireacht ghlórphoist ón gcaimiléir, agus iad ag rá gur ionadaí iad ar eagraíocht a bhfuil airgead aici ar an íospartach. Agus teagmháil déanta acu leis an íospartach, tosóidh an caimiléir ag rá go gcaithfear íocaíocht a dhéanamh láithreach agus go gcaithfear í a dhéanamh trí chártaí bronntanais iTunes a cheannach ó mhiondíoltóir. I gcásanna áirithe, deirtear leis an íospartach go bhfuil cúisimh choiriúla ag baint leis an scéal. Agus an t-íospartach tar éis na cártaí seo a cheannach, iarrfaidh na caimiléirí air/uirthi an cód 16-dhigit atá ar chúl an chárta a thabhairt dóibh ar an teileafón. Úsáidfidh na caimiléirí an cód ansin chun earraí a cheannach ar líne.

Tá na Gardaí ag moladh do dhaoine a bheith airdeallach agus amhrasach faoi aon ghlaoch teileafóin a fhaigheann siad ó dhaoine ag rá gur ionadaithe iad ar chomhlacht nó eagraíocht ar bith dá bhfuil siad ina gcustaiméir. D’fhéadfadh roinnt eolas a bheith ag an nglaoiteoir fút, agus mar sin, bí cinnte gan iontaoibh a chur iontu toisc d’ainm nó eolas eile pearsanta a bheith ar eolas acu. Ní bheidh comhlacht ar bith ag lorg íocaíochta trí iTunes ná aon dearbháin eile ar líne a cheannach.  Má fhaigheann tú glao teileafóin mar seo, cuir deireadh leis an nglao agus déan teagmháil leis an nGarda Síochána.

Comhairle maidir le Coireacht a Chosc 

Diúltaigh i gcónaí eolas príobháideach a thabhairt do ghlaoiteoirí nó do théacsóirí nár iarraidh a bhíonn a leithéid d’eolais á lorg acu. Áirítear in eolas príobháideach ainm, seoladh, dáta breithe, sonraí teaghlaigh, uimhreacha cuntais bhainc, Uimhir Aitheantais Pearsanta, Pasfhocail.  

Déan iarratais ar fhaisnéis a fhíorú go neamhspleách agus ná húsáid na sonraí teagmhála a thug an glaoiteoir nó an téacsóir duit riamh. Is é is ciall le neamhspleách ná neamhspleách ar an nglaoiteoir nó téacsóir.

D’fhéadfadh roinnt eolas a bheith ag an nglaoiteoir fút, agus mar sin, bí cinnte gan iontaoibh a chur iontu toisc d’ainm nó eolas eile pearsanta a bheith ar eolas acu.

MURA bhfuil tú ag ceannach rudaí ó iTunes Store, App Store, iBooks Store, nó ballraíocht Apple Music, NÁ déan íocaíocht le Cárta Bronntanais iTunes. Níl cás ar bith eile a iarrfar ort íocaíocht a dhéanamh le Cárta Bronntanais iTunes.  

Ní lorgóidh an Garda Síochána ná do bhanc d’Uimhir Aitheantais Pearsanta (PIN) nó do Phasfhocal riamh, nó ní iarrfaidh siad ort airgead a aistriú, nó ní thiocfaidh siad chuig d’áit chónaithe chun do chárta íocaíochta, do sheicleabhar nó airgead ar bith a bhailiú.