Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coireacht ghnéasach

Tuairisc thosaigh a dhéanamh

Má tú i d’íospartach nó má tú i d’fhinné de choir ghnéis nó de mhí-úsáid leanaí, maímid í a thuairisciú don Gharda Síochána. Is féidir leat seo a dhéanamh trí na modhanna seo a leanas:

Glaoigh ar 112 - 999

Cuir glaoch ar 112/99 i gcás éigeandála - is éard atá in éigeandáil ná aon teagmhas ina n-éilítear freagra láithreach ón nGarda. Is iad seo a leanas samplaí d'éigeandálaí; contúirt do bheatha an duine; baol de dhíobháil thromchúiseach; coir atá ar siúl nó a tharlóidh; ciontóir fós ar an láthair nó díreach tar éis fágáil.

Saorghlao um Dhrochúsáid Ghnéasach Leanaí

Is féidir gearáin faoi dhrochúsáid leanaí a dhéanamh ar an bhfón agus ar bhealach rúnda 24 uair an chloig, 7 lá sa tseachtain ar 1800 555 222.

Cuir glaoch ar do stáisiún Garda áitiúil nó téigh tú féin go dtí an stáisiún chun í a thuairisciú 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Garda áitiúil go pearsanta nó ar an teileafón. Tá sonraí faoi gach stáisiún Gharda ar fáil anseo . Féadfaidh tú glaoch ar stáisiún an Gharda Síochána tú féin nó in éineacht le cara nó le hoibrí tacaíochta ó cheann de na grúpaí tacaíochta d'íospartaigh. Tá sonraí na ngrúpaí sin, a sholáthraíonn seirbhísí náisiúnta agus áitiúla araon, liostaithe ar www.cosc.ie. Is é Cosc, an Oifig Náisiúnta um Chosc ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne, oifig feidhmiúcháin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Déan teagmháil le d'Ionad Éigeandála áitiúil um Éigniú

Cuireann ionaid éigeandála um éigniú ar fud na tíre seirbhísí comhairle agus tacaíochta ar fáil d'íospartaigh éignithe agus ionsaí gnéis. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an líne náisiúnta 24 uair an chloig ar 1800 77 88 88.

Smaoinigh faoin teagmhas a thuairisciú don Gharda Síochána chomh luath agus is féidir. Moill ar an deis a thabhairt don Gharda Síochána fianaise thábhachtach a bhailiú.

 

Áirítear i gCoireacht Gnéis éigniú; tromionsaí gnéasach; ionsaí gnéasach; leanbh a thruailliú; táirgeadh, dáileadh agus seilbh pornagrafaíocht leanaí; teacht i dtír gnéasach de leanbh; gáinneáil ar leanaí agus leanbh a ghlacadh chun críocha teacht i dtír gnéasach; ag mealladh linbh, leanbh a síoréileamh nó ag bualadh le leanbh chun críocha teacht i dtír gnéasach; ciorrú coil; nochtadh mígheanasach; agus aon iarracht aon cheann de na cionta thuasluaite a dhéanamh. (Soláthraítear an sainmhíniú seo le haghaidh treorach ach níor cheart é a léirmhíniú mar liosta atá go hiomlán uileghabhálach.)

Is féidir le daoine fásta fir agus mná agus le leanaí atá 10 mbliana d'aois nó os a chionn coir ghnéis a dhéanamh. I gcás linbh faoi bhun 14 bliana d'aois arna cúiseamh i gcion, ní fhéadfar aon ionchúisimh eile a dhéanamh gan toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Ní gá gurb iad strainséirí a dhéanann cionta dá leithéid, ach is minic a bhíonn sé níos coitianta gurb iad daoine a bhfuil aithne ag an íospartach orthu, lena n-áirítear baill teaghlaigh, cairde, comhlaigh, comhpháirtithe agus daoine a bhfuil údarás acu. Is féidir le leanaí a bheith i mbaol go háirithe de choir dá leithéid agus tá cosaint agus leas todhchaí na leanaí ríthábhachtach in obair an Gharda Síochána.

Is féidir go dtarlódh coir ghnéis laistigh de chaidrimh heitrighnéasach, leispiacha, homaighnéasach, déghnéasacha agus trasinscneacha. Tarlaíonn sé i ngach aicme, inscne, cine agus creideamh.

Tuairisc thosaigh a dhéanamh

Má tú i d’íospartach nó má tú i d’fhinné de choir ghnéis nó de mhí-úsáid leanaí, maímid í a thuairisciú don Gharda Síochána. Is féidir leat seo a dhéanamh trí na modhanna seo a leanas:

Glaoigh ar 112 - 999

Cuir glaoch ar 112/99 i gcás éigeandála - is éard atá in éigeandáil ná aon teagmhas ina n-éilítear freagra láithreach ón nGarda. Is iad seo a leanas samplaí d'éigeandálaí; contúirt do bheatha an duine; baol de dhíobháil thromchúiseach; coir atá ar siúl nó a tharlóidh; ciontóir fós ar an láthair nó díreach tar éis fágáil.

Saorghlao um Dhrochúsáid Ghnéasach Leanaí

Is féidir gearáin faoi dhrochúsáid leanaí a dhéanamh ar an bhfón agus ar bhealach rúnda 24 uair an chloig, 7 lá sa tseachtain ar 1800 555 222.

Cuir glaoch ar do stáisiún Garda áitiúil nó téigh tú féin go dtí an stáisiún chun í a thuairisciú 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Garda áitiúil go pearsanta nó ar an teileafón. Tá sonraí faoi gach stáisiún Gharda ar fáil anseo . Féadfaidh tú glaoch ar stáisiún an Gharda Síochána tú féin nó in éineacht le cara nó le hoibrí tacaíochta ó cheann de na grúpaí tacaíochta d'íospartaigh. Tá sonraí na ngrúpaí sin, a sholáthraíonn seirbhísí náisiúnta agus áitiúla araon, liostaithe ar www.cosc.ie. Is é Cosc, an Oifig Náisiúnta um Chosc ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne, oifig feidhmiúcháin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Déan teagmháil le d'Ionad Éigeandála áitiúil um Éigniú

Cuireann ionaid éigeandála um éigniú ar fud na tíre seirbhísí comhairle agus tacaíochta ar fáil d'íospartaigh éignithe agus ionsaí gnéis. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an líne náisiúnta 24 uair an chloig ar 1800 77 88 88.

Smaoinigh faoin teagmhas a thuairisciú don Gharda Síochána chomh luath agus is féidir. Moill ar an deis a thabhairt don Gharda Síochána fianaise thábhachtach a bhailiú.

 

Cuimhnigh nuair a ghlaonn tú ar 112 nó 999, fan socair, dírithe agus fan ar líne. Luaigh go soiléir an tseirbhís éigeandála a theastaíonn uait. D'fhéadfadh go mbeadh ort sonraí a thabhairt ar nós d'ainm, d'áit agus d'uimhir theileafóin.

Aithníonn an Garda Síochána an pian mothúchánach agus fisiciúil a d'fhéadfadh íospartaigh na coireachta gnéis agus drochúsáid leanaí a bheith ag fulaingt. Is minic a bhíonn an fulaingt seo chomh mór sin go mothaíonn íospartaigh nach féidir leo an choir a thuairisciú don Gharda Síochána. Aithnímid an deacracht seo d'íospartaigh, ach ba mhaith linn íospartaigh na coireachta gnéis agus drochúsáid leanaí a spreagadh chun gearán a dhéanamh leis an nGarda Síochána lena chinntiú go gcoinneofar déantóir na coire cuntasach faoi, nuair is féidir.

Is féidir leat a bheith cinnte go:

  • Tá sé de dhualgas ar an nGarda Síochána gach tuairisc faoi choir ghnéis agus drochúsáid leanaí a imscrúdú go hiomlán, gan eisceacht. Déileálfar le do thuairisc mar is ceart.
  • Tá oiliúint faighte ag na Gardaí chun do thuairisc a fhiosrú ar bhealach tuisceanach, íogair agus gairmiúil. Déanfar gach go mbeidh Garda den inscne dá rogha féin sannta don imscrúdú.
  • Déanfar cearta na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leis an imscrúdú a shuíomh. Déileálfar leis na híospartaigh de réir Treoir EY 29/2012 d'Íospartaigh na
  • Coireachta, reachtaíocht na hÉireann agus Cairt Íospartach an Gharda Síochána.
  • Taifeadtar gearáin maidir le coir ghnéis agus drochúsáid leanaí ar chóras ríomhaireachta PULSE de chuid an Gharda Síochána ach níl rochtain ar fáil air ach amháin ag pearsanra a bhfuil baint acu leis an imscrúdú agus ag na maoirseoirí.
  • Tabharfar sonraí teagmhála an Gharda imscrúdaithe duit agus coinneofar tú cothrom le dáta ar dhul chun cinn imscrúdaithe an Gharda Síochána ar bhonn rialta.
  • Cuirfear Uimhir Theagmhais PULSE a bhaineann le do ghearán ar fáil duit.
  • Cuirfear sonraí duit faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil a bhaineann leis an gcoir a thuairiscíonn tú.
  • Beidh aturnae agus / nó duine eile de do rogha in éineacht leat nuair a bhíonn tú i dteagmháil leis an nGarda Síochána. Féadfar bearta cosanta speisialta eile a sholáthar duit, mar shampla agallóirí a bhfuil sainoiliúint acu agus/nó ateangaire, ag brath ar do chúinsí.
  • Déanfaidh an Garda Síochána cumarsáid agus obair leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nuair a thagann aon imní faoi chosaint leanaí chun cinn.
  • Nuair a bhíonn an t-imscrúdú críochnaithe, ní mór comhad imscrúdaithe a sheoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Is minic a thionscnaíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ionchúisimh a bhaineann le gearáin faoi chionta gnéis a tharla tamall ama roimhe seo. I go leor cásanna den sórt sin, tionscnófar imeachtaí athbhreithnithe breithiúnacha san Ard-Chúirt chun an t-ionchúiseamh a chosc dul ar aghaidh go triail ar an mbonn go raibh moill mhíchuí ann maidir leis an gcúisí a chúiseamh. Is minic a bhíonn na hiarratais sin bunaithe ar líomhaintí dochair a dhéantar de bharr moill, (m.sh. finné a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, má thionscnaíodh an t-ionchúiseamh níos luaithe, nach bhfuil ar fáil anois).

Más mian leat gearán stairiúil a dhéanamh, lean ceann de na céimeanna seo a leanas:

Glaoigh ar 112 - 999

Cuir glaoch ar 112/99 i gcás éigeandála - is éard atá in éigeandáil ná aon teagmhas ina éilítear freagra láithreach ón nGarda. Is iad seo a leanas samplaí de éigeandálaí; contúirt do bheatha an duine; baol de dhíobháil thromchúiseach; coir atá ar siúl nó a tharlóidh; ciontóir fós ar an láthair nó díreach tar éis fágáil.

Saorghlao um Drochúsáid Ghnéasach Leanaí

Is féidir gearáin faoi drochúsáid leanaí a dhéanamh ar an bhfón agus ar bhealach rúnda 24 uair an chloig, 7 lá sa tseachtain ar 1800 555 222.

Cuir glaoch ar do stáisiún Garda áitiúil nó téigh tú féin go dtí an stáisiún chun í a thuairisciú

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do stáisiún Garda áitiúil go pearsanta nó ar an teileafón. Tá sonraí faoi gach stáisiún Gharda ar fáil anseo. Féadfaidh tú glaoch ar stáisiún an Gharda Síochána tú féin nó in éineacht le cara nó le hoibrí tacaíochta ó cheann de na grúpaí tacaíochta d'íospartaigh. Tá sonraí na ngrúpaí sin, a sholáthraíonn seirbhísí náisiúnta agus áitiúla araon, liostaithe ar www.cosc.ie. Is é Cosc, an Oifig Náisiúnta um Chosc ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne, oifig feidhmiúcháin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Déan teagmháil le d'Ionad Éigeandála áitiúil um Éigniú

Cuireann ionaid éigeandála um éigniú ar fud na tíre seirbhísí comhairle agus tacaíochta ar fáil d'íospartaigh éignithe agus ionsaí gnéis. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an líne náisiúnta 24 uair an chloig ar 1800 77 88 88.

 

Nuair a thuairiscítear gurb é gaol nó comhchónaitheoir an ghearánaigh a rinne an choir ghnéis, ba chóir go mbeadh na baill ar an eolas go bhféadfaí an tOrdú Shábháilteacht, an tOrdú Urchoisc, an tOrdú Urchoisc Eatramhach, agus/nó an tOrdú Cosanta a fháil, de réir mar is cuí.

Má tá tú i d’íospartach d’éigniú nó d’ionsaí gnéasach a tharla laistigh de 7 lá d'fhéadfá freastal ar Aonad Cóireála Ionsaí Gnéasach (SATU) in éineacht leis nó gan an Gharda Síochána. Tá trí sheirbhís ar fáil faoi láthair.

  • Féadfaidh tú an choir a thuairisciú chuig an nGarda Síochána, a rachaidh in éineacht leat chuig an SATU. Gheobhaidh tú cúram cuimsitheach leighis, síceolaíoch agus fóiréinseach. Déanfar aon díobháil a dhoiciméadú agus a chóireáil agus tógfar samplaí fóiréinseach cuí chun cuidiú le himscrúdú an Gharda Síochána.
  • Mura mian leat an choir a thuairisciú don Gharda Síochána féadfaidh tú freastal ar SATU (oscailte 24 uair an chloig, 365 lá sa bhliain) chun cúram leighis agus síceolaíoch a fháil. Ní thógfar samplaí fóiréinseacha.
  • Féadfaidh tú freastal ar SATU gan rannpháirtíocht an Gharda Síochána chun cúram leighis agus síceolaíoch a fháil agus féadtar samplaí fóiréinseach a thógáil agus a choinneáil ag an SATU agus a bhíonn tú ag smaoineamh faoin gcoir a thuairisciú don Gharda Síochána. De ghnáth coimeádfar na samplaí ar feadh bliana amháin mura n-iarrfaidh tú i scríbhinn iad  a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide.

Cosc - an Oifig Náisiúnta um Chosc ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne  / cosc.ie

Ionad Éigeandála um Éigniú do Bhaile Átha Cliath - www.drcc.ie / líne chabhrach náisiúnta 24-uair saor in aisce Saorghlao 1800 778888

Rape Crisis Network Ireland - www.rcni.ie / ionaid áitiúla www.rapecrisishelp.ie/find-a-service

Seirbhísí Aonaid Chóireála d’Ionsaithe Gnéis - www.hse.ie/satu

Tusla - Gníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach - www.tusla.ie

CARI - Children at Risk in Irelandwww.cari.ie / Líne Cabhrach Luan-Aoine 9.30rn to 5.30in Íosghlao 0818 924567

ISPCCwww.ispcc.ie / Líne Chabhrach na Leanaí 24 uair an chloig - Saorghlao 116 000

Líne Chabhrach Íospartaigh na Coireachtawww.crimevictimshelpline.ie / Saorghlao 116 066

Samáraighwww.samaritans.org / líne chabhrach 24-uair Saorghlao 116 123

Séanadh:

Tá na sonraí thíos ceart ag tráth foilseacháin, agus soláthraítear iad mar threoir amháin. Faigh comhairle dhlíthiúil ó d'aturnae nuair is gá

Gardaí ag imscrúdú na nithe seo a leanas: Imscrúdú Coireanna Gnéis; Imscrúdú  um Dhúshaothrú Leanaí ar Líne; Imscrúdú agus Idirghabháil ar Chosaint Leanaí agus ar Drochíde sa Teaghlach; Imscrúdú ar Gháinneáil ar Dhaoine; Imscrúdú ar Striapachas Eagraithe; ViCLAS; Agallamh Speisialtóra; Bainistiú ar Chiontóirí Gnéis; Ar Iarraidh, Tugann Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta comhairle, treoir agus cúnamh do Dhaoine; Daoine i gCúram atá ar iarraidh; agus, Tacaíocht d'Íospartaigh na Coireachta. Is é an biúró a stiúrann an t-imscrúdú i gcásanna níos casta.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (GNPSB)