Our website uses cookies to enhance your browsing experience and to collect information about how you use this site to improve our service to you. By not accepting cookies some elements of the site, such as video, will not work. Please visit our Cookie Policy page for more information on how we use cookies.

Ceamaraí Éide: Cód Cleachtais

Ceamaraí Éide: Cód Cleachtais - Comhairliúchán Poiblí

 

Moladh i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn (CoFPI) , a foilsíodh i MeánFómhair. 2018, go dtabharfadh an Garda Síochána tosaíocht don chlaochlú digiteach agus d’infheistíocht chun an tseirbhís a nuachóiriú.

Cuireadh in iúl sa tuarascáil sin freisin gur cheart straitéis dhigiteach a chruthú lena gcuirfí le hacmhainneacht túslíne agus lena n-éascófaí comhar idir gníomhaireachtaí.

Tá deich bpríomhphrionsabal sa tuarascáil maidir le todhchaí na póilíneachta, agus foráiltear inti nach mór do phóilíneacht a bheith “oiriúnaitheach, nuálach agus cost-éifeachtach”.

Is éard atá san ochtú prionsabal sa tuarascáil ná gur cheart don phóilíneacht a bheith bunaithe ar fhaisnéise agus tá moltaí inti maidir le tacaíocht a thabhairt do phróisis éifeachtacha, do cháilíocht sonraí agus don rochtain orthu, agus d'acmhainneacht mhéadaithe maidir le hanailísíocht.

Áirítear sa deichiú prionsabal moltaí maidir le croí-ardáin teicneolaíochta a nuachóiriú, Ceamaraí Éide do thabhairt isteach, agus rochtain thráthúil ar fhaisnéis.

Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023

Achtaíodh Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023 an 5 Nollaig 2023. Soláthraítear leis an Acht bunús dlí nua-aimseartha agus láidir maidir le húsáidCeamaraí Éide ag an nGarda Síochána. I gcomhréir le halt 47(1) den Acht, ní mór do Choimisinéir an Gharda Síochána Cód Cleachtais nó roinnt cód chleachtais a ullmhú, chun tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le hoibriú feistí taifeadta agus aon nósanna imeachta gaolmhara. 

Tá foireann cláir bunaithe chun dlús a chur le rolladh amach Cheamaraí Éide agus is cuid den phróiseas sin an comhairliúchán poiblí seo mar aon le caidreamh le ranna ábhartha Rialtais. Tá na hamlínte cruinne maidir le rolladh amach cheamaraí éide ag brath ar cheadú airgeadais agus ar an bpróiseas soláthair do thabhairt chun críche.

 

Cad iad Ceamaraí Éide agus conas a úsáidfear iad?

 BWC_Stock_Photos___Axon_Store_Street-16

Is feistí taifeadta físe agus fuaime iad Ceamaraí Coirp ar féidir iad a cheangal le héadaí Gardaí. Nuair  a chasann Garda an feiste air go gníomhach, coinneoidh sí píosaí scannánaíochta fuaime agus físe go dtí go múchfar í.

Féadfar Ceamaraí Éide a ghníomhachtú le linn teagmhas sonrach, amhail i gcás ina gcreideann ball den Gharda Síochána go bhfuil cion coiriúil á dhéanamh, nuair a d’fhéadfadh sé go mbeidh orthu forneart a úsáid nó nuair atá orduithe cúirte nó barántais á bhforghníomhú acu. Tá na himthosca go léir ina bhféadfaidh Comhalta den Gharda Síochána Ceamaraí Éide a úsáid leagtha síos in Acht an  Gharda Síochána (Feistí  Taifeadta), 2023. Beidh Ceamaraí Éide le feiceáil ar éadaí an Chomhalta den Gharda Síochána agus tabharfar le fios le solas ar thosach an cheamara go bhfuiltear i mbun taifeadta. 

Agus Ceamara Éide á ghníomhachtú aige, ba cheart don chomhalta den Gharda Síochána iarracht a dhéanamh chun baill den phobal atá i láthair le linn teagmhais a chur ar an eolas go bhfuiltear i mbun taifeadta.

Cuirfear oiliúint maidir lena n-úsáid ar Chomhaltaí den Gharda Síochána a úsáideann Ceamaraí Éide , rud a bheidh i gcomhréir leis an gCód Cleachtais críochnaitheach atá le foilsiú mar Ionstraim Reachtúil.

Ceamaraí Éide do thabhairt isteach

 

Rinneadh tástáil ar Cheamaraí Éide i gcúig stáisiún de chuid an Gharda Síochána ó bhí 2024 ann mar chuid de phróiseas maidir le  Cruthúnas Coincheapa  agus cuireadh dréacht-Chód Cleachtais i bhfeidhm chun tacú leis an bpróiseas seo. 

Is iad seo a leanas na Stáisiúin sin de chuid an Gharda Síochána:

  • Lár Chathair Bhaile Átha Cliath (Sráid an Stórais, Sráid an Phiarsaigh, Sráid Chaoimhín) 31 Bealtaine 2024
  • Cathair Luimnigh (Sráid Anraí) 01 Lúnasa 2024
  • Stáisiún Garda Phort Láirge 05 Meán Fómhair 2024

Tá foireann cláir bunaithe chun dlús a chur le rolladh amach Cheamaraí Éide agus tá dréacht-Chód Cleachtais nuashonraithe forbartha chun tacú leis seo. 

Ar na chéad chéimeanna eile tá caidreamh le ranna  ábhartha Rialtais agus comhairliúchán poiblí; faoi Chuid 8 d'Acht an  Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023,  tá sé de dhualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána próiseas comhairliúcháin a sheoladh ag iarraidh tuairimí an phobail maidir le gach Cód Cleachtais a fhorbraítear.

Tá na hamlínte cruinne maidir le rolladh amach cheamaraí éide ag brath ar cheadú airgeadais agus ar an bpróiseas soláthair do thabhairt chun críche.

Próiseas comhairliúcháin maidir leis an gCód Cleachtais  i dtaca le Ceamaraí Éide

Chomh maith le tuairimí an phobail a iarraidh, tá sé de dhualgas ar Choimisinéir na nGardaí tuairimí a iarraidh ó na daoine seo a leanas freisin:

  • An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail
  • Oifig an Ombudsman  - Fiosrú
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí agus
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Sula n-eisíodh an Cód Cleachtais i bpróiseas comhairliúcháin faoi Chuid 8, rinneadh Measúnú Tionchair ar Chearta an Duine agus déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí freisin sula bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an Cód Cleachtais a bhreithniú lena fhoilsiú mar Ionstraim Reachtúil.

 

Bíodh Cead Cainte Agat

Tá fonn ar an nGarda Síochána aiseolas a bhailiú ón bpobal maidir leis an ndréacht-Chód Cleachtais seo. Chun aiseolas a thabhairt, léigh an Cód Cleachtais nua anseo agus líon isteach an fhoirm aiseolais seo.  Nó is féidir leat rochtain a fháil ar an dá dhoiciméad sa roinn 'Comhaid Ghaolmhara' ag bun an leathanaigh seo. 

Chun d’aiseolas a chur isteach, oscail an fhoirm, cuir isteach do chuid aiseolais agus seol an fhoirm chomhlánaithe chuig:transformationdelivery_st@garda.ie   

Déanfar aon sonraí pearsanta a sholáthróidh freagróirí mar chuid dá bhfreagraí a phróiseáil faoi Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus Alt 55(1)(b)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, deréir mar is infheidhme.

Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta arna soláthar a choinneáil níos faide ná mar atá géarghá léi chun críocha aon anailíse nó athbhreithnithe ar thorthaí an aiseolais.

Ní mór aighneachtaí aiseolais a chur isteach faoin 13 Eanáir 2026.

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí roimhe seo maidir le Cruthúnas Coincheapa i dtaca le Ceamaraí Éide. Faigh tuilleadh eolais anseo