Úsáideann na Gardaí raon teicneolaíochta luasbhraite chun luas a laghdú ar bhóithre na hÉireann. Mar thoradh ar laghdú luais beidh laghdú ar líon na ngortuithe marfacha agus tromchúiseacha agus feabhsóidh sé sábháilteacht ar bhóithre do gach úsáideoir bóithre.
Táimid ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí comhpháirtíochta éagsúla, lena n-áirítear Ranna Rialtais, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, agus an pobal, d'fhonn cultúr náisiúnta d'úsáid shábháilte bhóithre a fhorbairt.
Cuireann GoSafe, an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe reatha, íosmhéid de 9,000 uair an chloig d’fhorfheidhmiú teorainneacha luais agus 504 uair an chloig de shuirbhéireacht ar fáil ar fud na tíre gach mí féilire. Le linn na 9,000 uair an chloig d’fhorfheidhmiú, oibreoidh ceamaraí sábháilteachta soghluaiste ó veaineanna atá marcáilte le hábhar frithchaiteach ard-infheictheachta agus a bhfuil siombail ceamara sábháilteachta orthu. Tá íomhá de veain ceamara sábháilteachta soghluaiste ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo. Déanfar an tsuirbhéireacht ó aonaid suirbhéireachta cheilte chun na luasanna ag a bhfuil feithiclí ag taisteal faoi láthair a bhreathnú agus a thaifeadadh go cruinn, chun críoch suirbhéireachta amháin.

Is ar na codanna seo den ghréasán bóithre a dhíreoidh an Garda Síochána a chuid iarrachtaí forfheidhmithe go príomha. Úsáidfidh an Garda Síochána réimse trealaimh, amhail:
- Gunnaí léasair láimhe agus gunnaí léasair atá suite ar thríchosaigh
- Trealamh braite ANPR i bhfeithiclí marcáilte agus neamh-mharcáilte araon
- Veaineanna Ceamaraí Sábháilteachta Soghluaiste
Suíomhanna na gCeamaraí Sábháilteachta