Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Dréachtchód Cleachtais maidir le glaonna teileafóin a thaifeadadh

Comhairliúchán poiblí an Gharda Síochána ar dhréacht-Chód Cleachtais maidir le taifeadadh glaonna teileafóin

Page_Telephone_Image

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an nGarda Síochána maidir le dréacht-Chód Cleachtais lena rialaítear taifeadadh glaonna teileafóin áirithe chuig an nGarda Síochána nó uaidh. Baineann an Cód le hainmniú agus le taifeadadh línte teileafóin éigeandála agus neamhéigeandála araon atá á n-oibriú ag an nGarda Síochána, lena n-áirítear iad siúd atá sna hIonaid Rialaithe Réigiúnacha agus sa tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS).

Tá na teicneolaíochtaí is déanaí agus creataí oibríochtúla láidre de dhíth ar an nGarda Síochána chun a mhisean a chomhlíonadh: pobail a choinneáil sábháilte agus slándáil an Stáit a chosaint. Cuireann taifeadadh na línte teileafóin ainmnithe ar chumas an Gharda Síochána na caighdeáin is airde maidir le héifeachtacht oibríochtúil, cuntasacht agus sábháilteacht an phobail a choinneáil ar bun.

Leagtar amach in Acht an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta), 2023, an creat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le feistí taifeadta éagsúla a úsáid, lena n-áirítear taifeadadh glaonna teileafóin. Leagtar amach i gCuid IV den Acht cumhachtaí an Choimisinéara chun línte teileafóin a ainmniú, agus foráiltear i gCuid VIII go bhfuil gá le Cód Cleachtais.

Tá sé mar aidhm ag an gCód Cleachtais tuilleadh mionsonraí a thabhairt faoi na prionsabail, na nósanna imeachta agus na coimircí lena rialaítear línte teileafóin a ainmniú agus glaonna teileafóin chuig an nGarda Síochána nó uaidh a thaifeadadh. Áirítear leis sin próiseáil, stóráil, coinneáil agus nochtadh na sonraí taifeadta, agus cearta daoine aonair a chosaint.

Tá sé mar aidhm leis an gCód freisin a chinntiú nach ndéanfar taifeadtaí ach ar mhaithe leis na príomhchuspóirí a leagtar amach faoin Acht 2023. Áirítear orthu sin cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; cosaint in aghaidh bagairtí ar shlándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc; agus slándáil an Stáit a chosaint.

Beidh comhphlé le ranna ábhartha Rialtais ar siúl i gcomhthráth leis an gcomhairliúchán poiblí.

Chomh maith le tuairimí an phobail a iarraidh, tá sé de dhualgas ar Choimisinéir na nGardaí tuairimí a iarraidh ó na daoine seo a leanas freisin:

  • An tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
  • an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail
  • Oifig an Ombudsman - Fiosrú
  • An Coimisiún um Chosaint Sonraí agus
  • Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas


Sula n-eisíodh an Cód Cleachtais i bpróiseas comhairliúcháin faoi Chuid 8, rinneadh Measúnú Tionchair ar Chearta an Duine agus déanfar Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí freisin sula bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce an Cód Cleachtais a bhreithniú lena fhoilsiú mar Ionstraim Reachtúil.

Roinn Do Thuairimí

Ba mhaith leis an nGarda Síochána cuireadh a thabhairt do bhaill den phobal a dtuairimí a roinnt maidir leis an Dréacht-Chód Cleachtais maidir le Teilifís Chiorcaid Dhlúth (CCTV) in áit phoiblí.Breithneofar gach aighneacht.

Ní mór aiseolas faoin Dréacht-Chód Cleachtais a chur isteach faoin 3/07/2026.

Próiseáiltear aon sonraí pearsanta a sholáthraíonn freagróirí faoi Airteagal 6(1)(a) agus Airteagal 9(2)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus Alt 55(1)(b)(i) den Acht um Chosaint Sonraí 2018, de réir mar is infheidhme.Ní choinneofar aon sonraí pearsanta a sholáthraítear ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun críocha aon anailíse nó athbhreithnithe ar thorthaí an aiseolais.

loading form...