Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Garda Síochána - Cór na mBan

choir 2

Is ensemble ceoil suáilceach bríomhar agus dírithe ar an lucht éisteachta é Cór Ban an Gharda Síochána a thugann le chéile baill foirne baineann An Gharda Síochána chomh maith le baill teaghlaigh agus cairde na heagraíochta. I rith na bliana bíonn sceideal gníomhach taibhithe ag an gCór ag imeachtaí tiomsaithe airgid, ócáidí oifigiúla, ceolchoirmeacha agus bainiseacha ar fud na tíre.

Ó bunaíodh é in 1986 chan an cór ag go leor ionad ar fud oileán na hÉireann ina measc: An Ceoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, an Waterfront i mBéal Feirste, Halla na Cathrach i gCorcaigh, Teach Farmleigh i Baile Átha Cliath agus Amharclann Ramor in Virginia chomh maith le go leor ionad ar fud na tíre. Chan an Cór ag roinnt ócáidí i Londain in éineacht le Cór Ghuthanna Fireann na Breataine Bige Gwalia. Thaifead an Cór a chead dhlúthdhiosca Rún Mo Chroí in 2005.

Chomh maith lena thiomantas leanúnach do thiomsú airgid, thug an cór faoi chanadh iomaíoch den chéad uair nuair a bhí sé ina cheann de sé chór as fiche cór a roghnaigh RTÉ chun páirt a ghlacadh i gcomórtas ceoil as Gaeilge in 2010. Rinneadh sraith 3 chlár teilifíse den chomórtas (An Cór), iad curtha i láthair ag Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus craolta ag RTÉ i mí an Mhárta 2011.  Shroich an cór an craobh in Amharclann an Helix agus tháinig siad sa dara háit i ndiaidh géar-iomaíochta. In 2016 fuair an cór cuireadh chun canta in Ardeaglais Ard Mhacha do imeacht “Ceiliúradh Naomh Pádraig” in éineacht le naoi gcór eile.  Craoladh an ócáid seo, ina thug gach cór taibhiú aonair agus a raibh léamha, ceol uirlise, rince agus comhcóir mar chuid di, beo ar aer ag stáisiúin teilifíse ar fud an domhain cúpla lá ina dhiaidh sin ar Lá Fhéile Pádraig.

Is í éagsúlacht croílár an chóir agus tá stór amhrán leathan aige a chuimsíonn rogha na n-amhrán ó cheoldrámaí, amhráin aitheanta agus amhráin mhóra comhaimseartha.  Fuair an cór cuireadh páirt a ghlacadh i gcomhléiriú de chuid LyricFM/Heron Productions: an tsraith “Sing!” a ndéanfar i a thaifeadadh agus a chraoladh in 2017. Tá an cór faoi shaintreoir ceoil Rodney Baldwin ar cruitchláraí, répétiteur agus múinteoir mór le rá é. Bíonn Mairéad Reidy, ceadúnach de chuid Ceolscoil Laighean agus Iarstiúrthóir Ceoil Cheolchumann West County, á thionlacan.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait, má theastaíonn uait an cór a fháil le haghaidh ócáide tiomsaithe nó má bhíonn suim agath bheith mar bhall den chór, téigh i dteagmháil le do thoil le Noeleen Taylor, Cathaoirleach ag noeleenrrtaylor@gmail.com nó le Susan Smithers O.C.P. ag  thomasandsusan6@gmail.com