Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Músaem an Gharda Síochána, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Tá brón orainn, tá Músaem an Gharda Síochána Dúnta

Chun na hullmhúcháin d’óstáil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh in Éirinn a chríochnú, tá campas Chaisleán Bhaile Átha Cliath dúnta don phobal Dé Luain an 15 Meitheamh 2026. Ar feadh ré sé mhí na hUachtaránachta, beidh campas Chaisleán Bhaile Átha Cliath dúnta don phobal ina iomláine, lena n-áirítear Músaem an Gharda Síochána. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí ar ais chuig Músaem an Gharda Síochána i mí Eanáir 2027.

Músaem an Gharda Síochána, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Ta Músaem agus Cartlann na nGardaí lonnaithe i bhFoirgneamh Taisce, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Tá taispeántas suimiúil maidir le stair an Gharda Síochána le fáil ag an gcuairteoir, chomh maith le faisnéis faoi phóilíneacht in Éirinn roimh 1922. Is féidir le daoine atá i mbun taighde a bhfuil baint aige le póilíneacht, tabhairt faoi sa Mhúsaem agus sa Chartlann. I measc na ndéantúsán atá ann, tá grianghraif agus doiciméid ina dtugtar léargas ar stair agus ar fhorbairt na póilíneachta in Éirinn sa 19ú agus san 20ú haois. Tá roinnt fhoilseacháin fíor shuimiúla atá bainteach le cúrsaí póilíneachta sa Mhúsaem.

Caithfidh Cartlannaí an Gharda Síochána tús áite a thabhairt d’ oibleagáidí reachtúla i dtaca le bainistiú taifid. Coinnítear cartlann an Gharda Síochána i dTaisclann Náisiúnta an Gharda Síochána. 

museum 2

Uaireanta Oscailte:

Osclófar Músaem an Gharda Síochána ar an láthair úr ag an bhFoirgneamh Taisce, Caisleán Bhaile Átha Cliath ar an Luan 14ú Lúnasa 2017.

Beidh an Músaem oscailte gach lá idir 10 a.m agus 2 p.m ón Luan 14ú Lúnasa go dtí an Aoine 20ú Lúnasa. Is féidir teacht ar ghrianghraif a glacadh sa Mhúsaem, anseo.

Sonraí Teagmhála: 01-6669998 nó tríd an ríomhphost museum@garda.ie

Ta bailiúchán mór de ghrianghraif ar fáil ach cliceáil anseo.

museum 4