Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Teastais Phóilíní

Is teastas é Teastas Póilíní i leith duine aonair a eisíonn na Gardaí i gcúinsí áirithe. Luaitear sa teastas, atá bailí ar feadh 12 mhí, d’ainm, do sheoladh, do dháta breithe agus tá eolas ann freisin faoi cibé an bhfuil taifead coiriúil agat i leith na dlínse seo nó nach bhfuil.

Eisíonn an Ceannfort agus/nó An Príomhoifigeach Cúnta an Teastas Póilíní sa Rannán ina gcónaíonn an t-iarrthóir ábhartha, nó a raibh cónaí air roimhe sin, i bPoblacht na hÉireann. Téigh le do thoil chuig ár nEolaire Stáisiúin  chun fáil amach cé hé do Cheannfort Dúiche. 

Eisítear Teastais Phóilíní chun na críocha seo a leanas amháin:

  1. Údaráis Chonsalachta Eachtracha    
  2. 2. Víosaí Eachtracha     
  3. 3. Gnó a Bhunú i Stát AE eile

Tá na doiciméid seo a leanas ag teastáil:

  • Foirm iarratais chomhlánaithe
  • Cóip dheimhnithe de do phas, do cheadúnas tiomána nó gaolmhar chun críocha aitheantais
  • Cruthúnas ar sheoladh agus / nó cruthúnas ar sheoladh roimhe seo

Eisítear an Teastas Póilíní saor in aisce agus tógfaidh sé timpeall trí seachtaine é a phróiseáil.

NÍ FÉIDIR Teastas Póilíní a fhorléiriú mar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, imréiteach slándála nó teistiméireacht charachtair. Ní dhéantar grinnfhiosrúchán Garda do dhaoine ar bhonn aonair. Ní dhéantar é ach maidir le pearsanra atá ag obair i gcáil lánaimseartha, páirtaimseartha, deonach nó i gcáil socrúcháin mac léinn i bpost in eagraíocht, trína bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar leanaí agus/nó aosaigh leochaileacha. Ní féidir foirmeacha iarratais grinnfhiosrúcháin Garda a fháil ach ó eagraíocht atá cláraithe le Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána chun grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar a bhfostaithe ionchasacha.

Chomh maith leis an méid thuas, tabhair le fios le do thoil nach féidir Teastas Póilíní a mheas mar léiriú ar Stádas Cónaithe / Inimirce an Iarrthóra nó a stair i leith na dlínse seo.

An Garda Síochána Teastas Póilíní - Foirm Iarratais

Teastais Phóilíní– Ceisteanna Coitianta