Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

    Ní mór d'iarratasóirí a bheith 18 mbliana d'aois ach ach gan a bheith 35 bliain d'aois fós ar mheán oíche ar an dáta deiridh den chomórtas. Mar shampla, más é an 5 Eanáir 2018 an dáta deiridh, ní mór gur rugadh tú idir an 6 Eanáir 1983 agus an 5 Eanáir 2000.

    An bhfuil riachtanas airde ann?


    Tá an ceanglas bheith ar airde ar leith curtha ar cheal agus Tástáil um Inniúlacht Fhisiciúil (PCT) curtha ina ionad.

    Féach ar an físeán PCT atá ar fail anseo.

     

     

     

     

     

    Ní féidir, níl aon phróiseas aistrithe inmheánach ann. Caithfidh tabhairt faoin ngnáthphróiseas earcaíochta.

    Chun dul isteach sa Gharda Síochána, ní mór d’iarratasóir:

    a) Bheith ina náisiúnach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, nó

    b) Bheith ina náisiúnach de Stát LEE nó ó Chónaidhm na hEilvéise, nó

    c) Bheith ina dídeanaí faoi Acht na nDídeanaithe, 1996, nó

    d) Tréimhse cónaithe leanúnach 1 bliana a bheith caite aige/aici sa Stát ar dháta deiridh an fhógra don chomórtas don fholúntas lena mbaineann an t-iarratas, agus cónaí ceithre bliana san iomlán aige/aici sa Stát le linn na n-ocht mbliana díreach roimh an tréimhse sin, nó cosaint choimhdeach a bheith deonaithe dó/di, nó

    e) Bheith ina b(h)all teaghlaigh de dhuine den sórt sin , i gcomhréir leis na Rialacháin Iontrála agus Ceapacháin, 2013.

    Cad iad na ceanglais fhisiciúla?
    Caithfidh gach iarratasóir an leibhéal aclaíochta a léirítear ar na treoirlínte marcála thíos a bhaint amach.

     

    Caighdeáin Íosta don Tástáil Tointeála

    Aois

    Fireannaigh 

    Baineannaigh


    18-25 bliain
    Levéil 8.8
    Levéil 7.6
    26-35 bliain
    Levéil 8.1
    Levéil 6.6
    36-45 bliain
    Levéil 6.6
    Levéil 5.4
     

    Caighdeáin íosta maidir leis an Tástáil 'Suí Aniar' (nóiméad amháin)

    Aois

    Fireannaigh

    Baineannaigh

    18-25 bliain
    35
    30
    26-35 bliain
    32
    27
    36-45 bliain
    29
    25
     

     

    Caighdeáin Íosta le haghaidh an Tástáil Brú Aníos (gan srian ama)

    Aois

    Fireannaigh

    Baineannaigh

    18-25 bliain
    25
    20
    26-35 bliain
    22
    18
     

    Tástáil Inniúlachta Fisiciúil

    Is iad seo a leanas an tástáil:

    (a) ciorcad ama bunaithe ar inniúlacht (3 chuaird)

    (b) measúnú meaisín bhrú/tarraingt.

     

    (A) Tástáil Inniúlachta Fisiciúil

    Tús Ráibe

     

    1. Sníomh trí chóin

    2. Siúlóid bíoma

    3. Roth carr a ardú agus é a iompar ar fhad 3 mhéadar

    4. Téigh faoi bhac

    5. Léim thar mhata (méadar ar leithead)

    6. Tarraing mainicín 45kg ar fhad 2 mhéadar

    7. Rith suas agus síos staighre

    8. Dreap thar geata

    9. Ráib 10 méadar

    10. Ciorcad a chríochnú 3 huaire sa tréimhse is tapúla. Is é 3 nóiméad agus 20 soic an caighdeán pas

     

    (B) Tástáil Meaisín Brú/Tarraing

    Is é cuspóir na tástála ná an fórsa uasta is féidir leat a chur agus tú ag brú agus ag tarraingt. Tá sé beartaithe go mbainfidh an tástáil seo le ceanglais neart fisiciúil Garda maidir le raon suíomhanna tipiciúla.

     

    1. Seas ar an ardán

    2. Beir greim ar na hanlaí  (is ionann é seo agus airde cliabhraigh an ghnáthdhuine)

    3. Sosa scartha ceann amháin os comhair an ceann eile

    4. Brú agus tarraing na plátaí láimhe go leanúnach tríd an stróc riachtanach (arna léiriú ag blípeáil ag tús agus deireadh gach buille) ar feadh 20 soic

    5. Má theipeann ort le thrí ‘blípeail’ tá an tástáil neamhbhailí agus ní mór don iarrthóir an tástáil 20 soic. a athdhéanamh, láithreach

    6. Le linn na tástála déanfar an fórsa a chuireann agat a thomhas agus a thaifeadadh go leanúnach ar an gcóras ríomhaireachta

    7. D'fhonn an fórsa uasta a bhaint amach beidh ort do chorp ar fad a úsáid agus díriú ar bhrú agus ag tarraingt go crua le linn an bhuille ar fad

     

    Tá físeán a léiríonn an Tástáil um Inniúlacht Fhisiceach ar fail anseo.

    Ní mór d'iarratasóirí:

    a) Bheith ar dhea-charachtar.

    b)  Bheith deimhnithe ag Lia-Chleachtóir Cláraithe (arna ainmniú ag Coimisinéir an Gharda Síochána tar éis dul i gcomhairle leis an Aire) go bhfuil sláinte mhaith agus coimpléasc folláin agat, agus go n-oireann túgo fisiciúil agus ó thaobh meabhrach do chomhlíonadh dualgais chomhalta na seirbhíse

    c) Tar éis tástáil inniúlachta fisiceach a rith.

     

    Cad iad na hábhair a mhúintear agus cad é struchtúr an chláir i gColáiste an Gharda Síochána?
     

    Clár Garda faoi Oiliúint/Promhaidh

    Is é an clár Garda faoi Oiliúint/Promhaidh bunchloch straitéis forbartha foghlama na heagraíochta, ar a dtógtar bhfuil gach foghlaim eile san eagraíocht.

    Seachadtar an clár oiliúna do Ghardaí faoi Oiliúint/Promhaidh thar 104 seachtain agus BA i bPóilíneacht Fheidhmeach mar thoradh air. Cuimsíonn an tréimhse tosaigh 34 seachtain lena n-áirítear coicís léitheoireachta tréimhse bloc ag Coláiste an Gharda Síochána. Bíonn an chuid eile den oiliúint ar siúl go príomha ag Ranna Garda roghnaithe agus saintréimhsí teagaisc ionsuite  agus saoire bhliantúil san áireamh ag amanna ar leith. Seachadfar an clár trí chur chuige foghlama bunaithe ar réiteach fhadhbanna. I gcaitheamh an chláir agus ina dhiaidh sin, déanann mic léinn conradh fostaíochta leis an nGarda Síochána.

    Is iad na modúil a ndearnadh staidéar orthu:

    • Bunchlocha na Póilíneachta

    • Inniúlacht Ghairmiúil I

    • Póilíneacht Coireachta agus Teagmhais I

    • Póilíneacht le Pobail I

    • Póilíneacht Tráchta ar Bhóithre I

    • Róil agus Freagrachtaí Stáisiúin I

    • Sábháilteacht Oifigigh agus an Phobail

    • Inniúlacht Ghairmiúil II

    • Póilíniú Coireachta / Teagmhais II

    • Póilíneacht le Pobail II

    • Póilíneacht Tráchta ar Bhóithre II

    • Róil agus Freagrachtaí Stáisiúin II

    • Inniúlacht Ghairmiúil III

    • An Dlí agus Nósanna Imeachta

    • Póilíneacht le Pobail III

    Measúnú Acadúil agus Gairmiúil

    Le linn an chláir, tabharfaidh Garda faoi Oiliúint/Promhaidh scrúduithe acadúla agus measúnuithe gairmiúla. Tá rannpháirtíocht i ngach ábhar scrúdaithe agus measúnú gairmiúla éigeantach. Caithfidh na Gardaí faoi Oiliúint/Promhaidh pas a fháil i ngach scrúdú agus measúnú a dhéanamh chun dul ar aghaidh go deireadh an chláir.

    Cad iad na riachtanais oideachais?
    Ní mór d'iarratasóirí an méid a leanas a bheith bainte amach acu:

    (a) Ardteistiméireacht na hÉireann le híosmhéid grád D3 i gcúig ábhar ag an ngnáthleibhéal *, nó

    (b) Teastas Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain) ar an gCreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ), nó

    (c) cáilíocht aitheanta (ag leibhéal 5 nó níos airde), a mheastar a bheith ar chaighdeán céanna leis an méid thuasluaite o thaobh leibhéal agus méid na foghlama de araon i dtuairim Cháilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).

    AGUS

    (d) inniúlacht chruthaithe i ndá theanga; ní mór Gaeilge nó Béarla a bheith mar ceann acu. D'fhéadfaí an inniúlacht sin a chruthú trí na gráid ábhartha a bhaint amach in Ardteistiméireacht na hÉireann nó i mBéarla nó i nGaeilge trí mheasúnuithe mar a leagann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí amach.

    Ní mheastar go bhfuil ábhair na hArdteistiméireachta ag Bonnleibhéal comhionann le leibhéal iontrála ar an gcomórtas seo. I gcásanna áirithe, féadfar Pas san Ardteistiméireacht Fheidhmeach a mheas mar comhionann le hArdteistiméireacht ag gnáthleibhéal. Ina theannta sin, ní mór d'iarrthóirí inniúlacht chruthaithe in dhá theanga mar atá leagtha amach i 5 (d) thuas.

    Féadfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí bailíocht a dhearbhú le Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) i gcás cáilíochtaí neamh-Ardteistiméireachta. Níor cheart go ndéanfadh iarratasóirí teagmháil díreach le QQI. Féadfaidh iarrthóirí, áfach, fiosrú a dhéanamh ar www.naric.ie a thugann comhairle maidir le haitheantas acadúil cáilíochtaí eachtracha in Éirinn.

    Ní mór do bhaill nua den tseirbhís trí bliana ar a laghad a chaitheamh ar ghnáthdhualgais phóilíneachta in éide. Tar éis sin, tá cead acu iarratas a dhéanamh ar aon fholúntas a d'fhéadfadh teacht chun cinn i réimsí sainiúla. Beidh a nósanna imeachta roghnúcháin uathúla ag gach roinn.www.publicjobs.ie

    Conas is féidir liom dul isteach sa Gharda Síochána?
    Déantar iarratais ar phost Garda faoi Oiliúint trí phróiseas iarratais ar líne atá á bhainistiú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Chun fógraí faoi fheachtais earcaíochta Garda faoi Oiliuint a fháil de reir mar a thagann siad chun cinn, caithfidh tú clárú mar bhall de http://www.publicjobs.ie  

     Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí www.publicjobs.ie