Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad é an dlí sa réimse seo?

Dlí agus Beartas

Is é is aidhm le Treoir AE 2012/29/EU, lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, ná a chinntiú go bhfaigheann íospartaigh na coireachta faisnéis, tacaíocht agus cosaint iomchuí, agus go bhfuil deis acu páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla. Leis an Treoir sin, ceanglaítear ar gach Ballstát den Aontas Eorpach go n-aithnítear íospartaigh agus go gcaitear leo ar bhealach measúil, íogair, oiriúnaithe, proifisiúnta agus neamh-idirdhealaitheach i ngach teagmháil a bhíonn acu le seirbhisí tacaíochta d’íospartaigh, seirbhísí ceartais aisiríoch, nó údarás inniúil atá ag feidhmiú i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla.  Bainfidh na cearta arna leagan amach sa Treoir seo le híopartaigh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear i ndáil lena stádas cónaitheora.

Chun a chinntiú go bhfuil ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh ag an nGarda Síochána, bainimid leas as na sainmhínithe seo a leanas:

  • Is éard atá in “íospartach” ná:


(i) duine nádúrtha a d’fhulaing díobháil, lena n-áirítear díobháil fhisiciúil, mheabhrach nó mhothúchánach nó caillteanas eacnamaíoch, a mhéid is de bharr cion coiriúil go díreach é nó í;

(ii) nó duine de theaghlach duine a fuair bás de bharr cion coiriúil go díreach agus a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar bhás an duine sin;

  • Is éard atá in “daoine den teaghlach” ná: 


an céile, an duine a chónaíonn leis an íospartach i gcaidreamh tiomanta dlúth, i gcomhtheaghlach agus ar bhonn buansheasmhach leanúnach, na gaolta a bhfuil gaol dhíreach acu leis an íospartach, siblíní agus cleithiúnaithe an íospartaigh;

  • Is éard atá i “leanbh” ná:


duine ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois.