Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Uathaithint Uimhirphlátaí

Úsáideann an Garda Síochána córais Uathaitheanta uimhirphlátaí (UAUP) i bhfeithiclí Chór Tráchta an Gharda Síochána.

Úsáideann UAUP teicneolaíocht aitheanta carachtar optúil chun plátaí clárúcháin feithicle a léamh go huathoibríoch agus úsáideann go leor fórsaí póilíneachta ar fud an domhain í i gcarranna patróil. Is féidir leis an teicneolaíocht uimhirphlátaí a léamh ag ráta sé phláta in aghaidh an tsoicind ar fheithiclí ag taisteal ar luasanna suas go dtí 180km/u.

Cuimsíonn córais ANPR cumas braite luais freisin. Ligeann sé sin luas feithicle atá ag taisteal os comhair feithicil patróil a thomhas. Déanann an físcheamara fianaise ar an láthair a thaifeadadh maidir le luas, agus le cionta cosúil le tiomáint chontúirteach, línte bána leanúnacha a thrasnú agus soilse dearga a shárú.

Is é ceann de phríomhbhuntáistí an chórais ná gur féidir leis an aithint phláta feidhmiú sa chúlra agus luas a thomhas ag Gardaí nó agus iad i mbun dualgas eile de réir mar a éilítear.

Beidh na feithiclí ar fad a bhfuil córais cheamara UAUP iontu in ann feithiclí a aithint mar fheithiclí goidte, gan cháin, faoi amhras, nó luaite mar fheithiclí atá bainteach le daoine a bhfuil amhras sceimhlitheoireachta fúthu, le grúpaí coiriúla, le gáinneáil drugaí, le gáinneáil daoine agus/nó le ciontú leanúnach.

Dá bhrí sin cabhróidh na córais go mór leis an troid in aghaidh gníomhaíocht choiriúil thromchúiseach agus eagraithe.

Críochnaíodh an cur i bhfeidhm pleanáilte UAUP ar fud na tíre sa Gharda Síochána in 2010. Tá thart ar 100 aonad oibríochtúil ann agus tá teicneolaíocht 3G acu anois. Tá feithiclí UAUP á n-úsáid anois i ngach Roinn den Gharda Síochána, agus líon na bhfeithiclí leithdháilte i ngach roinn bunaithe ar chritéir éagsúla, lena n-áirítear cineál na mbóithre, méid na mótarbhealaí agus an phróifíl gheografach.