Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Buail le ball eile de Chúltaca an Gharda Síochána

Reserve Garda Fiona Kelly at her day job (inset) and on duty

Tá Fiona Kelly 26 bliain d’aois agus tá sí ag obair go lánaimseartha san earnáil oideachais le seacht mbliana anuas. Faoi láthair, tá sí ag críochnú B.A sa Staidéar Gnó agus Bainistíocht, ar bhonn páirtaimseartha. Ta sí lonnaithe i Stáisiún Garda Shráid an Phiarsaigh i lár Chathair Bhaile átha Cliath. Seo a leanas cuid dá smaointe maidir le ballraíocht san fhórsa.

Bhí suim mhór agam sa Chúltaca riamh anall. Ní raibh ar mo chumas dul isteach san fhórsa go lánaimseartha agus mar sin de, thug ballraíocht sa Chúltaca mar a raibh deis agam bheith ag obair taobh le ball lánaimseartha i mbun a dhualgais, seans dom tuiscint a fháil ar an ról. Ceapaim go bhfuil scileanna maithe pearsanta agus cumarsáide agam agus is breá liom bheith ag plé le daoine. Chonacthas dom go mbeinn in ann tacú le baill lánaimseartha.

Cuireann cúltacaithe go mór le póilíneacht feiceálach agus is féidir leo cabhrú le teagmhais ord poiblí agus le hiompraíocht fhrithshóisialta a laghdú.  Cuireann Cúltaca an Gharda Síochána le caidreamh pobail trí dul i ngleic le riachtanais agus tosaíochtaí an phobail áitiúil.

Reáchtáiltear an cúrsa ar bhonn céimnithe, i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór. Cuirtear béim sna léachtaí ar chúrsaí dlí, ar chearta dlíthiúla agus ar chearta daonna. Bíonn corpoiliúint ann chomh maith. Bíonn tréimhse oibre le déanamh i stáisiún, áit a mbíonn tú faoi oiliúint agus faoi shúl bhall lánaimseartha den fhórsa. Tá cuid mhór foghlamtha agam le linn an chúrsa agus tá tuiscint níos fearr agam anois ar na fadhbanna atá go forleathan  i sochaí an lae inniu. Bheinn ag súil go mbeidh mé in ann cabhrú agus tacú le Gardaí lánaimseartha agus iad i mbun oibre i ról atá iontach deacair sa lá ata inniu ann.