Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Forbairt Ceannaireachta agus Bainistíochta

Forbairt Ceannaireachta agus Bainistíochta


Is é an sainchúram atá ag an Rannóg um Cheannaireacht agus Forbairt Bainistíochta (LMD) ná an oiliúint cheannaireachta agus forbartha a fhorbairt, a sheachadadh agus a éascú do lucht foirne a fuair ardú céime le déanaí idir a mhionnaithe agus neamh-mhionnaithe ó Oifigeach Feidhmiúcháin (EO) go Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ó Sháirsint go Céim Choimisinéara.

Is é ról LMD gach snáithe den chlár forbartha a thabhairt le chéile. Áirítear leis seo tacú leis an rannpháirtí naisc a dhéanamh idir na hinniúlachtaí mar atá léirithe don ról mar a aistríonn sé / sí isteach ina ról nua. Baintear é seo amach trí chomhpháirtíocht a chruthú idir na rannpháirtithe, a mbainisteoir, a meantóir agus an rannóg LMD agus tá baint dhíreach aige le spriocanna agus pleananna corparáideacha na heagraíochta a bhaint amach.


Tá sé de dhualgas ar LMD a chinntiú go bhfuil na scileanna agus na huirlisí is gá chun freastal ar riachtanais a róil ag na daoine a thacaíonn le forbairt an rannpháirtí, go háirithe bainisteoirí agus meantóirí. Tá foireann LMD cáilithe i réimsí ar nós oiliúint agus oideachas; bainistíocht cáilíochta; Maoirseacht agus Ceannaireacht GRID®; Uirlis shíciméadrach MBTI; Uirlis shíciméadrach 16PF; Tuairisciú ar Chaipitil Mhothúchánach (ECR); traenáil feidhmiúcháin; meantóireacht; oiliúint ASSIST agus agallóireacht bunaithe ar inniúlachta.

Ionchorpraíodh forbairt an Phríomhoifigigh Chúnta i gCláir Forbartha Bainistíochta Sinsearaí LMD i 2016/17. Déanfar forbairt an Ard-Oifigigh Feidhmiúcháin agus forbairt an Oifigigh Feidhmiúcháin a ionchorprú i gcláir Chigirí agus Sháirsintí amach anseo.


Is éard atá i gceist le Forbairt Bainistíochta Sinsearach ná Príomh-Cheannfoirt, Príomhoifigigh, Ceannfoirt agus Príomhoifigigh Chúnta a fhorbairt. Tacaíonn réamheolaire an chúrsa do bhainistíocht shinsearach le ceann de na fealsúnachtaí atá mar bhonn taca don Tuarascáil Athbhreithnithe Oiliúna (2009) chun tiomantas do fhoghlaim ar feadh an tsaoil a bhaint amach laistigh den eagraíocht. Baineann an próiseas seo ní hamháin le riachtanas don eagraíocht deiseanna oiliúna agus forbartha a sholáthar ar bhonn leanúnach ach aithníonn sé an gá atá ann do dhaoine aonair freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama agus forbartha féin.

Tacaíonn an réamheolaire cúrsaí le cur chuige gnó LMD a rinne na cláir seo a athstruchtúrú go leanúnach chun éifeachtúlacht a chruthú maidir le feidhmeanna, le comhtháthú agus le comhsheasmhacht de réir riachtanais eagrúcháin atá ag síorathrú.

Cuimsíonn na Cláir Forbartha um Oifigigh Shinsearacha sraith d'idirghabhálacha foghlama chun freastal ar riachtanais shonracha forbartha gairmiúla agus pearsanta do lucht foirne a fuair ardú céime le déanaí.


Cuireann an clár leis na leibhéil eolais, scileanna agus saineolais atá ann cheana féin agus cruthaíonn sé deis le haghaidh tuilleadh forbartha chun freagrachtaí agus dúshláin bhainistíochta an Gharda Síochána a chomhlíonadh.

Tá an clár forbartha reatha ceaptha chun timpeallacht foghlama a chruthú a thacóidh le cuspóirí pearsanta gach oifigigh, é dírithe ar:

• Na hinniúlachtaí a theastaíonn chun chun feidhmiú ag an gcéim sin

• Fhéin-fheasacht maidir lena n-iompar ceannaireachta

De réir chaibidil 9 agus 10 de Chlár Nuachóirithe agus Athnuachana an Gharda Síochána soláthraítear meantóirí inmheánacha tríd an gclár Forbartha. Cruthaíonn sé sin deis machnamh a dhéanamh ar a dtaithí féin le ceannaireacht go dtí seo agus bealaí nua agus feabhsaithe maidir le cheantair agus ranna a stiúradh a iniúchadh trí chumas comhroinnte na heagraíochta a úsáid agus éascaíonn sé le smaoineamh níos criticiúla agus smaoineamh machnamhach seachas frithghníomhach a dhéanamh. Tá an clár comhtháite maidir le príomhidirghabhálacha oibríochta agus ceannaireachta tacaithe ag aiseolas 360º agus stiúir Cóitseálaithe  Feidhmiúcháin Seachtracha. Cruthaíonn sé seo ardán d'fhorbairt thógálach sa réimse feidhmiúcháin ina ndéantar tuiscintí agus noirm a iniúchadh, a dhearbhú agus a cheistiú.


Le linn a n-idirghabhála ceannaireachta tugtar am do rannpháirtithe thuiscint a fháil ar thionchar stíleanna ceannaireachta éagsúla agus feasacht a fháil ar a stíl ceannaireachta féin. Tugann sé seo an deis dóibh úinéireacht a ghlacadh as a gceannaireacht féin agus gan coinbhinsiún nó noirm chultúrtha a leanúint ach a stíl fhíor ceannaireachta féin a fhorbairt.


Forbairt Chigirí

Is é ról an Chigire ná lár-bhainisteoir a bhfuil freagracht ar leith aige seachadadh oibríochtúil na seirbhísí póilíneachta a bhainistiú agus a chomhordú ar fud foirne agus aonad. Baineann feidhm dearbhaithe cáilíochta maidir le sholáthar oibríochtaí, le imscrúduithe agus measúnaithe gníomhaíochta le ról an Chigire freisin, laistigh de threoirlínte a eascraíonn ó threo leathan straitéiseach an Oifigigh Roinne. Is iad aidhmeanna an chláir:

• Eolas teoiriciúil agus phraiticiúil ar chleachtais bhainistíochta agus cheannaireachta, a bhaineann le céim an Chigire a fháil agus a léiriú.

• An cumas inniúlacht a chur i bhfeidhm ar raon modhanna agus nósanna imeachta, atá bunúsach do chéim an Chigire agus do cheannaireacht éifeachtach a fháil.

• Eolas agus tuiscint dhomhain ar struchtúr agus ar ghnó sheirbhís phóilíneachta an Gharda a bhaineann le céim an Chigire a fháil agus a léiriú.

• An inniúlacht agus an muinín chun feidhm dearbhaithe cáilíochta a sholáthar ag leibhéal meastóireachta oibríochtaí, imscrúduithe agus gníomhaíochtaí a fháil.

• Raon scileanna chun a gcuid foirne a spreagadh agus a fhorbairt a léiriú.

De réir Chaibidil 9 agus 10 de Chlár Nuachóirithe agus Athnuachana an Gharda Síochána, soláthróidh an Clár Forbartha Mheantóirí inmheánacha ag céim ceannfoirt chun meantóireacht a thabhairt do chigirí ina róil nua.


Forbairt Sáirsintí

Cuirfidh an clár forbairt ghairmiúil agus pearsanta leanúnach ar fáil agus fágann sé phríomhfhreagracht as foghlaim leis an Sáirsint aonair. Díreofar ar phrionsabail mhaoirseachta, próisis, nósanna imeachta agus scileanna maoirseachta agus déanfar iad a iniúchadh agus iad a nascadh go díreach le réaltacht agus le taithí fíorshaol oibre ag céim an tSáirsint. Bunaíodh an fhormáid seo chun aidhmeanna agus cuspóirí an chláir a bhaint amach ar an tslí is fearr agus beidh sé dírithe ar oibríochtaí. Tá an clár seo ceaptha chun:

• Cur chuige bunaithe ar chomhpháirtíocht  chothú lena ndírítear ar an Sáirsint le tacaíocht ón Oifigeach Roinne áitiúil, Forbairt Ceannaireachta agus Bainistíochta, an Sáirsint cóitseála agus an Mheantóir.

• A chinntiú go bhfuil gach foghlaim nasctha leis na hinniúlachtaí atá riachtanach do ról an tSáirsint.

• A chinntiú go ndéantar an fhoghlaim ón timpeallacht oiliúna a aistriú go dtí an ionad oibre ar bhonn níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí oibríochtúla a dhearadh a bhaineann le ról agus le dualgais na Sáirsintí lena gcur i gcrích. Déanfaidh a n-Oifigeach Ceantair measúnú air seo.

• Comhsheasmhacht a bhaint amach ar fud Chlár Forbartha na Sáirsintí trí phróisis struchtúrtha a chur i bhfeidhm chun tacú le Forbairt na Sáirsintí.


Cláir Meantóireachta

Is éard atá i meantóireacht ná 'Cúnamh as líne ó dhuine amháin go duine eile agus é/í ag déanamh haistrithe suntasacha maidir le hobair, eolais nó smaoineamh' (Clutterbuck 1990)

Tá sé ríthábhachtach d'fhorbairt daoine aonair agus iad ag dul ar aghaidh i réimsí maoirseachta, ceannaireachta agus bainistíochta, timpeallacht thacúil a chruthú agus a chruthaíonn dúshlán dóibh ina bhforbairt. Ag teacht le caibidil 10 den Chlár Nuachóirithe agus Athnuachana tá meantóireacht chomhtháite ag LMD i ngach ceann dá gcuid clár.


Ainmnítear meantóir do gach rannpháirtí ar ár gcláir. Cuireann LMD oiliúint ar fáil do na meantóirí seo agus éascaíonn LMD an chéad chruinniú idir na páirtithe. Is iad na cuspóirí:

• Cultúr forbartha ghníomhach daoine a chruthú

• Cabhrú le forbairt ghairme na rannpháirtithe

• Tacú le cur i bhfeidhm Phleananna Forbartha Pearsanta na rannpháirtithe

• Cabhrú le féinmheas a mhéadú maidir le láidreachtaí agus réimsí forbartha

• Cabhrú le sáirsintí bearnaí a shárú i réimsí scileanna

• Gníomhú mar bhonn braite


Folláine / Meabhairshláinte

Mar chuid den oiliúint Cheannaireachta agus Bainistíochta déantar ceardlanna ar fhorbairt phearsanta a chuimsiú. Tugann AGS aghaidh ar mhothúcháin an domhain agus na ndaoine atá ann ann ar bhonn laethúil. Maireann an t-oifigeach a bhfuil athléimneacht mhothúchánach aige/aici  i bpost póilíneachta agus bíonn sé/sí faoi bhláth. Ní hé cad a tharlaíonn duit mar oifigeach póilíneachta ach conas a théann tú i ngleic leis a chinnfidh do shláinte fhisiciúil, mhothúchánach, mheabhrach agus spioradálta. Pléann na rannpháirtithe conas a n-giúmar agus mothúcháin a láimhseáil, rud atá mar bhunús lárnach chun athléimneacht a chothú.


Agallóireacht Bunaithe ar Inniúlacht

Is cúrsa dhá lá an cúrsa oiliúna seo agus úsáidtear cur chuige foghlama measctha de chuir i láthair ó éascaitheoirí agus rólimirt agallaimh ag na rannpháirtithe, Áirítear sa chlár:

• Cuspóirí/Forléargas an chúrsa

• Taighde reatha agallóireachta

• Scileanna lárnacha agallóireachta

• Agallamh bunaithe ar inniúlacht a stiúradh

• Praiticiúil - rólimirt agallaimh

• Athbhreithniú ar an agallamh

• Measúnú iarrthóra

• Deiseanna comhionann

• Achoimre ar an gcúrsa

Tá an t-idirghabháil oiliúna ceaptha chun cloí le Treoirlínte an Gharda Síochána maidir le Ceapacháin Inmheánacha agus Arduithe Céime agus le Cód Cleachtais foilsithe ag Ceapacháin na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí (CPSA).