Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coireacht agus sainoiliúint

Agallóireacht Imscrúdaithe

Tá imscrúdú agus  brath agus cosc ar choireanna ar cheann de phríomhfheidhmeanna an Gharda Síochána. Bíonn fianaise finné súl agus agallaimh le híospartaigh, le gearánaigh, le finnéithe, agus le hamhrastaigh fíorthábhachtach i dtaca le seo. Ní mór fianaise, lena n-airítear fianaise ó bhéal, a bhailiú agus a thaifead laistigh de chreat agus nós imeachta dlíthiúil. Ní mór dó a bheith cruinn, ábhartha agus iomlán. Tá athrú mór tagtha ar Thraenáil d’Agallóireacht Imscrúdaithe sa Gharda Síochána mar gur ghlac an fórsa le Samhail úr Agallóireacht Imscrúdaithe. Tá an coincheap seo a chur i bhfeidhm do bhaill an Gharda Síochána faoi stiúir Theagascóirí san fhórsa thar ceithre mhodúil. Bíonn idir fhoghlaim sa rang agus ábhar praiticiúil san áireamh. Déanann coiste a bhfuil a lán taithí acu i ndisciplíní dlíthiúla agus i gcearta daonna  maoirseacht ar an traenáil. Déanann an tAire an coiste seo a cheapadh.

 

Traenáil d’Agallóirí Imscrúdaithe

Bunaíodh Agallóireacht Imscrúdaithe sa Gharda Síochána sa bhliain 2008. De réir an tAcht um Fhianaise Choiriúil Alt 16 (1) (b) leasaithe, Tugtar traenáil do Agallóirí Imscrúdaithe conas agallaimh le gearánaigh faoi bhun 14 bliain ( nó iad siúd faoi mhíchumas intleachta)  a thaifead, ar mhaithe le fianaise i gcás cion gnéasach agus/ nó cion foréigneach. Tá seomraí saintógtha d’agallaimh i Leitir Ceanainn, i Sligeach, i nGaillimh, i Luimneach, i gCorcaígh, i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath. Reáchtáiltear

Traenáil dAgallóirí Imscrúdaithe faoi stiúir Fhoireann Lárnach sa Dámh Oiliúna maidir le Coireacht i gColáiste an Gharda Síochána. Cuirtear na rannpháirtithe faoi dhianchúrsa traenála dhá bhliain agus bíonn na haidhmeanna seo a leanas ag gabháil leis:

 

· A chinntiú go mbíonn an pearsanra a roghnaítear do ról mar Agallóir Imscrúdaithe, in ann dualgais an phoist a chomhlánú go hiomlán

· Scileanna ábhartha a fhorbairt le dul i mbun agallaimh de réir Rialacha na Fianaise i gCoireacht Dlíthiúil

· Tuiscint shoiléir agus fócas a fhorbairt ar chaidrimh thábhachtacha a bhíonn saincheaptha don ról

· Cur chuige leanúnach maidir le ról, freagrachtaí agus le gnásanna an agallóra imscrúdaithe a chur chun cinn

· Iompair nua a chothú a chur i bhfeidhm agus a scrúdú maidir le ról an agallóra

· Cur chuige foghlama a chothú in Agallóirí Imscrúdaithe, ceann atá leabaithe i bhfealsúnacht forbairt ghairmiúil leanúnach.

Clár Oiliúna do Bhleachtairí Garda

Tá ról an ‘Bhleachtaire Garda’ lárnach i mbaint amach aidhmeanna Straitéiseacha Eagrúcháin in Imscrúduithe agus Brath Choireachta. Mar gheall ar ‘Binse Morris’    bhí gá le neamhréitigh i gcleachtais imscrúdaithe choireachta a scriosadh le cinntiú go mbeadh cur chuige leanúnach maidir le himscrúdú choireachta i ngach áit, ag teacht le dea-chleachtas comhaimseartha.

Meastar go bhfuil oiliúint ríthábhachtach i ndea-chleachtas eagrúcháin agus i ndea-chleachtas idirnáisiúnta a aimsiú agus le cinntiú go mbíonn na cleachtais sin le feiceáil agus á gcur i bhfeidhm ar bhonn eagraíochta.

Le barr feabhais a chur ar cháilíocht agus ar phróifíl ról an bhleachtaire, cuirtear dianchlár oiliúna agus forbartha ar bhonn inniúlachta ar fáil i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór.

Sa chlár seo, féachtar le hoiliúint a chur ar fail do bhaill an Gharda Síochána i modhanna imscrúduithe. Sa chlár seo, cuirtear roinnt mhodúil ar fáil sna réimsí seo a leanas:  Dlí, Cearta Daonna, Fianaise Fhóiréinseach, Ullmhúchán Comhaid agus Sainoiliúint .    

 

Freastalaíonn Bleachtairí an Gharda Síochána ar Choláiste an Gharda Síochána ar feadh dhá sheachtain ar dtús agus ina dhiaidh sin faigheann siad taithí ar an láthair oibre, áit a mbíonn deis acu an t-eolas a fhaigheann siad i gcéim a haon a chur i bhfeidhm i bpóilíneacht oibríochtúil.  Ceaptar oiliúnóir chun tacú leis an mBleachtaire Garda ina ról úr agus chun cabhrú leis an t-eolas atá aige a chur i bhfeidhm.

Sa deireadh, bíonn ar an nGarda Bleachtaire cur i láthair a dhéanamh sa Choláiste os comhair trí Oifigeach Sinsearacha, áit a mbíonn air cur i bhfeidhm an eolais  a thaispeáint ag céimeanna éagsúla den oiliúint agus conas a cuireadh i bhfeidhm é ina ról féin mar Bhleachtaire Garda.

 

Oiliúint agus Forbairt an Bhleachtaire Garda

Clár

Seo thíos príomhaidhmeanna an Chláir Oiliúna agus Forbartha do Bhleachtairí Sáirsint:

· Déan cinnte go mbíonn an pearsanra a roghnaítear sa ról mar Bhleachtaire Sáirsint, in ann dualgais an phoist a chomhlánú go hiomlán, faoi mar a leagtar síos sa ‘Rólphróifíl’

· Na scileanna atá ag teastáil don ról a fhorbairt de réir an chaighdeán atá leagtha síos san eagraíocht

· Tuiscint shoiléir agus fócas a fhorbairt ar chaidrimh thábhachtacha a bhíonn saincheaptha don ról

· Cur chuige leanúnach maidir le ról, freagrachtaí agus le gnásanna an Bhleachtaire Sáirsint a chur chun cinn

· Iompair nua a chothú a chur i bhfeidhm agus a scrúdú, faoi stiúir an oiliúnóra

· Cur chuige foghlama a chothú sna rannpháirtithe, ceann atá leabaithe i bhfealsúnacht Forbairt Ghairmiúil Leanúnach.

· Cáilíocht agus próifíl Ról an Bhleachtaire Sáirsint a ardú

Tá trí chéim sa Chlár Oiliúna agus Forbartha do Bhleachtairí Sáirsint

· Céim 1- Modúl thar dhá sheachtain a dhíríonn ar eolas bunriachtanach

· Céim 2- Tréimhse 3-6 mhí ‘Foghlaim ó Thaithí’ ina dtugtar tacaíocht ó oiliúnóir. Punann a bhaineann le ‘foghlaim ar an láthair oibre’ a chruthú chomh maith , rud a bhíonn le faomhadh ag cruinniú ina ndéantar athbhreithniú ar dhul chun cinn sula bhogann an duine ar aghaidh go dtí céim a trí.

Céim 3- ‘Céim Buaic-chúrsa’

Seimineár trí lá le haghaidh ‘ról-mhachnamh’.

Glacann rannpháirtithe páirt i gcleachtadh imscrúduithe ionsamhlaithe thar dhá lá, chun iad féin a thumadh ina gcuid róil agus ina gcuid freagrachtaí mar Bhleachtairí Sáirsint.

Bíonn ar rannpháirtithe cur i láthair a dhéanamh ar imscrúdú ar a bhfuil maoirseacht déanta acu agus a thaispeáint conas a chuir siad scileanna rólphróifíl an Bhleachtaire Sáirsint i bhfeidhm le linn an imscrúduithe.

Clár d’Oifigigh Shinsearacha Imscrúdaithe

Meastar an Dioplóma Iarchéime um Imscrúduithe Thromchoireacht a bheith mar chlár suaitheanta sa Dámh Oiliúna maidir le Coireacht, cúrsa a thaispeánann barr feabhais i mbainistíocht imscrúduithe laistigh den Stát. Tá dúshláin agus achainí ag baint le seirbhís póilíneachta proifisiúnta a chruthú in Éirinn. Féachann an clár SIO le heolas sainiúil agus le scileanna ceannaireachta na agus  bainisteoireachta na meánbhainisteoiri  laistigh den Gharda Síochána agus laistigh de chomhlachtaí eile,  a fhorbairt. Tá sé mar aidhm acu na scileanna agus an t-eolas cuí a fhorbairt le go mbeidh siad ábalta tromchoireacht in Éirinn a imscrúdú.

Cuireann an Dámh Oiliúna maidir le Coireacht, i gColáiste an Gharda Síochána, an clár seo ar fáil. Bunaíodh an Dámh sa bhliain 2007, chun roinnt cláir oiliúna a chur ar fáil chun tacú le feidhm imscrúduithe sa Gharda Síochána, maidir le hagallaimh, le canbhásáil a chomhordú, le himscrúdú láithreacha coire agus le bainistíocht imscrúduithe.

Tá an Clár d’Oifigigh Shinsearacha Imscrúdaithe bunaithe ar an gcleachtas imscrúduithe coireachta  is fearr atá le fáil go hidirnáisiúnta. Tá sé bunaithe freisin ar athbhreithniú inmheánach cáis déanta ag an nGarda Síochána, tuairiscí binsí, lena n-airítear Tuairisc Morris, ina ndearnadh moltaí i dtaca le struchtúir imscrúduithe coireachta sa Gharda Síochána, an DPP agus saineolaithe i bhfóiréinsic, imscrúduithe leictreonacha agus gabhálacha.   

Féachann an clár seo atá beartaithe, le tacú le bainisteoirí an Gharda Síochána agus le comhlachtaí eile a fhiosraíonn tromchoireacht ( mar shampla, na Coimisineirí Ioncaim, lena n-airítear An Rannán Custam, agus Óglaigh na hÉireann) agus le hiad a threorú. Déanfar é seo trí thimpeallacht foghlama a chruthú ina n-úsáidtear an saineolas, na scileanna agus an taithí atá acu cheana féin a chumasóidh iad le scileanna ceannaireachta agus bainistíochta imscrúduithe níos leithne a bhaint amach. Cé go ndearnadh an clár seo a fhorbairt go háirithe don Gharda Síochána, beidh sé ar fáil freisin d’oifigigh shinsearacha imscrúdaithe de chuid ghníomhaireachtaí rialála eile, leithéidí, na Coimisinéirí Ioncaim, an Rannán Custam agus Óglaigh na hÉireann.  

 

Oiliúint do Chomhordaitheoirí an tSeomra Teagmhas (IRC)    

Mar pháirt d’imscrúdú tromchoireachta bíonn sé fíorthábhachtach seomra teagmhas a chruthú, áit ar féidir an t-imscrúdú a chomhordú. Is é an ról a bhíonn ag an comhordaitheoir ná tacaíocht a thabhairt do bhainisteoirí sinsearacha agus iad i mbun imscrúduithe ar thromchoireacht. I gcomhpháirt leis an Oifigeach Sinsearach Imscrúduithe, déanann Comhordaitheoir an tSeomra Teagmhas cinnte go mbíonn an t-imscrúdú cuimsitheach agus nach bhfágtar aon rud ar lár.

Ina theannta sin, bíonn iad freagrach as aon ábhar fianaise a chóiméad agus a chomhordú.

Bíonn Comhordaitheoir an tSeomra Teagmhas  i dteagmháil leis na hOifigigh Dlí le linn céimeanna éagsúla den imscrúdú agus bíonn siad páirteach i gcur le chéile  chomhad imscrúduithe an Gharda a chuirtear chuig na hOifigigh Dlí.

Clár trí chéime is ea clár Chomhordaitheoir an tSeomra teagmhas agus cuirtear ar fáil é i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór. Is é aidhm do chéim a haon, cur le scileanna  Chomhordaitheoirí Seomra Teagmhas sna croíchumais atá riachtanach chun ról Chomhordaitheoir Seomra Teagmhas a chomhlíonadh go héifeachtach.

I gcéim a dó den chlár, bíonn ar an gComhordaitheoir filleadh chuig a stáisiún agus an ról Chomhordaitheoir Seomra Teagmhas  a ghlacadh, faoi chúram ghéar Chomhordaitheora Seomra Teagmhas a bhfuil a lán taithí aige/aici agus faoi shúil Oifigeach Sinsearach Imscrúduithe. Ansin, agus an dá chéim sin críochnaithe go sásúil, bíonn ar an gComhordaitheoir Seomra Teagmhas filleadh ar Choláiste an Gharda Síochána, sa Teampall Mór áit a mbíonn air/uirthi cur i láthair cuimsitheach a dhéanamh os comhair trí Oifigeach Sinsearacha agus bíonn air/uirthi a gcuid eolais agus scileanna mar Chomhordaitheoir Seomra Teagmhas  a thaispeáint. Má chomhlíonann sé/sí riachtanais an chláir, bíonn sé/sí cáilithe mar Chomhordaitheoir Seomra Teagmhas.  

 

Oiliúint do Chomhordaitheoirí Chanbhásáil maidir le Teagmhas Tromchúiseach (SICC)

Féachann an oiliúint seo le cur le scileanna Sháirsintí maidir le bailiú faisnéise ó fhoinsí éagsúla ar dhóigh éifeachtach, nuair a tharlaíonn tromchoir. Tuigtear an ról seo de ghnáth mar fhiosrúchán a dhéantar ó theach go teach ach cuimsíonn sé cuid mhór tascanna eile chomh maith, lena n-airítear canbhásáil tráchta, canbhásáil in óstáin, canbhásáil in áitribh cheadúnaithe agus in aon áit eile inár féidir faisnéis a bhailiú maidir le teagmhas coire.

 Clár trí lá atá i gceist sa chlár do Chomhordaitheoirí Canbhásáil maidir le Teagmhas Tromchúiseach agus cuirtear ar fáil é i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór. Bíonn modúil ar na topaicí seo a leanas: ‘Dearadh Ceistneora’, ‘Conas Cásanna Neamhghnátha a Láimhseáil’, ‘Scileanna Cumarsáide’ agus teagmháil le mionlaigh eitneacha.

Clár d’Oifigigh Idirchaidreamh le Teaghlaigh(FLO)

Bíonn idirchaidreamh le teaghlaigh ar cheann de na nithe is tábhachtaí le linn imscrúduithe i gcás dúnmharú, imbhualadh marfach tráchta nó coireanna tromchúiseacha.  Bíonn teaghlaigh lárnach san imscrúdú agus ba chóir réiteach leo mar is cóir, ar shlí ghairmiúil agus le meas agus de réir a n-acmhainne éagsúla. Is féidir seo a dhéanamh trí Oifigeach Idirchaidreamh Teaghlaigh a úsáid (FLO). Coinníonn an (FLO) cumarsáid dhíreach ar siúl idir an fhoireann imscrúduithe agus an teaghlach a bhfuil duine muinteartha leo tar éis bháis. Cuireann an (FLO) an teaghlach ar an eolas maidir le dul chun cinn an imscrúduithe agus bíonn sé in ann eolas a bhailiú ón teaghlach chomh maith.

 

Clár do Chomhordaitheoirí  Idirchaidreamh le Teaghlaigh (FLC) 

Is Cigirí nó Bleachtairí Cigire iad na Comhordaitheoirí Idirchaidreamh le Teaghlaigh, i ngach rannán agus bíonn siad freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhaill a shanntar mar (FLO), bíodh sé de ghnáthamh nó i gcás Aithint Íospartach Tubaiste.

 

Oiliúint maidir le Coireanna, Ceanncheathrú an Gharda Síochána 

Cuireann Ceanncheathrú an Gharda Síochána oiliúint bhunaidh agus oiliúint forbartha le haghaidh d’Iniúchóirí Láithreacha Coireanna.

Cuirtear an oiliúint seo ar fáil i gcomhpháirt le seirbhísí saineolaí  Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána agus le hEolaíocht Fhóiréinseach Éireann (FSI).

Caithfidh gach Iniúchóir Láithreacha  Coireanna agus pearsanra ó Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána cúrsa bunaidh d’Iniúchóirí Láithreacha Coireanna, a chríochnú. Tá na disciplíní seo a leanas mar pháirt den chúrsa:

· Méarloirg

· Grianghrafadóireacht

· Fóiréinsic

· Bailistíocht

· Doiciméid

· Léarscáilíocht

· Dlí Fóiréinseach

Cuirtear modúil ar fáil i ngrianghrafadóireacht, i mbailistíocht agus i méarloirg ar bhonn rialta le deimhniú go bhfaigheann  Iniúchóirí Láithreacha Coireanna an oiliúint agus na modhanna is deireanaí atá le fáil. Déanann iniúchóirí láithreacha coireanna cúrsa bunaidh  Scrúdúchán Dóiteáin agus Choirloiscthe  a reáchtáiltear i gCeanncheathrú an Gharda Síochána agus i gCeanncheathrú Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.

 

Sainoiliúint laistigh den Gharda Síochána

Aonad Úsáid Airm Tine

Tá na hAonaid Úsáid Airm Tine ceangailte le Coláiste an Gharda Síochána, sa Teampall Mór agus le ceanncheathrú an Gharda Síochána.  I measc freagrachtaí an aonaid tá soláthar oiliúna,  idir oiliúint bhunaidh agus oiliúint leanúnach in úsáid airm, forbairt ar straitéisí oiliúna, taighde ar airm tine úra, ar trealamh agus ar nithe a bhfuil baint acu le hoiliúint in úsáid airm tine, laistigh den Gharda Síochána.    

Tá an tAonad Oiliúna in Úsáid Airm Tine freagrach as oiliúint bhunaidh a chur ar fáil don Aonad Práinnfhreagartha agus don Aonad Tacaíochta faoi Airm.  Cuirtear oiliúint in Oirbheartaíocht Airm Tine a chuimsíonn oiliúint beo-lámhach, oiliúint daorbhreithiúnach, agus oiliúint i gcúrsaí neamhmharfacha ar fáil d’aonaid speisialtóireachta, laistigh den Gharda Síochána, ar bhonn bliantúil.

Oiliúint i Scileanna Sábháilteachta

Tá an tAonad d’Oiliúint i Scileanna Sábháilteachta freagrach as oiliúint a sceidealú agus a chur ar fáil i réimsí éagsúla

de chúrsaí i scileanna oibríochtúla, leithéidí iad seo a leanas:

1.      Cúrsa Cuardaigh na Rannóige

2.      Cúrsa Oiliúna do Bhainistíocht Chumhdaigh

3.      Oiliúint Mhodh Iontrála

4.      Oiliúint do Chéad Fhreagróirí C.B.R.N

5.      Cúrsaí do Cheannasaithe Oird Phoiblí, do Chomhairleoirí oirbheartaíochta agus do Theagascóirí

6.      Oiliúint sa Rothaíocht Sléibhe

7.      Oiliúint sa Gharchabhair Oibre agus ath-teastasú  

8.      Oiliúint Réamh-mhisin na Náisiún Aontaithe

9.      Cúrsa oiliúna maidir le hAgóideoirí a bhogadh

Cabhraíonn siad freisin le baill a bhíonn ag iarraidh dul isteach san Aonad Práinnfhreagartha agus san Aonad Tacaíochta faoi Airm, a roghnú agus a oiliúint, aonaid atá lonnaithe ar fud na tíre.

Oiliúint Tiománaithe

Cuirtear cúrsaí oiliúna an Gharda Síochana do thiománaithe ar fáil in dá ionad, i gColáiste an Gharda Síochána agus i gCeanncheathrú an Gharda Síochána. Is é aidhm don rannán ná cúrsa oiliúna agus measúnú a chur ar fáil do thiománaithe feithiclí de gach sórt a úsáidtear sa Gharda Síochána.

Is iad an Cúrsa Caighdeánach sa Tiomáint Freagartha agus an Cúrsa Caighdeánach sa Tiomáint Gluaisrothair na cúrsaí is mó éilimh, toisc gurb iad sin na feithiclí a bhíonn in úsáid go coitianta ar bhonn laethúil.

Baineann na cúrsaí eile le tiomáint veain, le hiompráin pearsanra, le feithiclí faoi thiomáint ceithre roth, le feithiclí earraí troma, feithiclí Ceannasaíocht Teagmhas agus tarraingt leantóra. Tugtar sainoiliúint chomh maith d’aonaid sainfheidhme, ós rud é go mbíonn ról lárnach acu san eagraíocht agus go mbíonn réimse leathan feithiclí sna haonaid sin. Déantar an teagasc go léir de réir Scileanna Bóthair. Tá cáil ar an modh oiliúna seo do thiománaithe na bPóilíní agus tá sé aitheanta  a bheith rathúil thar na mblianta. Oibríonn Oiliúint Tiománaithe an Gharda Síochána i gcomhpháirt le roinnt gníomhaireachtaí seachtracha leithéidí, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus Fóram Chomhairle Náisiúnta na nArdchonstáblaí um Oiliúint Póilíní sa Tiomáint sa Ríocht Aontaithe, le deimhniú go mbíonn ábhar an chúrsa agus an modh ina ndéantar é a theagasc de réir an cleachtais idirnáisiúnta is fearr, sa rannóg speisialaithe seo d’oiliúint Ghardaí.

Cuimsíonn an Cúrsa Caighdeánach sa Tiomáint Freagartha, Caighdeán Tiomána Seirbhísí Éigeandála (ESDS) faoi réir an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Tugann seo teastasúchán cuí d’iarratasóirí a n-éiríonn leo sna cúrsaí a reáchtáiltear faoi chúram theagascóirí cáilithe an Gharda Síochána atá cláraithe leis an RSA le haghaidh cúrsaí (ESDS) a theagasc agus a mheas.

Imscrúdú Fóiréinseach ar Imbhuailtí

Ta an t-Imscrúdaitheoir Sinsearach Fóiréinseach Imbhuailtí lonnaithe i gColáiste an Gharda Síochána ó Mhí Aibreán 2014. Ta siad freagrach as pearsanra uile an FCI ar fud na tíre agus tá 39 ball gníomhach ann. Bíonn siad i láthair ag Láithreacha Imbhuailtí Marfacha agus Tromghortú agus cabhraíonn siad le cásanna G.S.O.C. Déanann an N.S.F.C.I oiliúint a chomhordú don FCI agus coinníonn siad suas le dáta maidir le dea-chleachtas agus le h-oiliúint úr ar féidir bheith ina chabhair ag na baill agus iad i mbun a ndualgais. Comhordaíonn an N.S.F.C.I oiliúint agus cuireann siad seimineáir ar fáil do Chigirí de chuid an PSV (24 ar fud na tíre) lena n-airítear Cúrsa Fhóiréinseach Grianghrafadóireacht.