Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad iad na riachtanais oideachais?

Cad iad na riachtanais oideachais?

Ní mór d'iarratasóirí an méid a leanas a bheith bainte amach acu:

(a) Ardteistiméireacht na hÉireann le híosmhéid grád D3 i gcúig ábhar ag an ngnáthleibhéal *, nó

(b) Teastas Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain) ar an gCreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ), nó

(c) cáilíocht aitheanta (ag leibhéal 5 nó níos airde), a mheastar a bheith ar chaighdeán céanna leis an méid thuasluaite o thaobh leibhéal agus méid na foghlama de araon i dtuairim Cháilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).

AGUS

(d) inniúlacht chruthaithe i ndá theanga; ní mór Gaeilge nó Béarla a bheith mar ceann acu. D'fhéadfaí an inniúlacht sin a chruthú trí na gráid ábhartha a bhaint amach in Ardteistiméireacht na hÉireann nó i mBéarla nó i nGaeilge trí mheasúnuithe mar a leagann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí amach.

Ní mheastar go bhfuil ábhair na hArdteistiméireachta ag Bonnleibhéal comhionann le leibhéal iontrála ar an gcomórtas seo. I gcásanna áirithe, féadfar Pas san Ardteistiméireacht Fheidhmeach a mheas mar comhionann le hArdteistiméireacht ag gnáthleibhéal. Ina theannta sin, ní mór d'iarrthóirí inniúlacht chruthaithe in dhá theanga mar atá leagtha amach i 5 (d) thuas.

Féadfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí bailíocht a dhearbhú le Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) i gcás cáilíochtaí neamh-Ardteistiméireachta. Níor cheart go ndéanfadh iarratasóirí teagmháil díreach le QQI. Féadfaidh iarrthóirí, áfach, fiosrú a dhéanamh ar www.naric.ie a thugann comhairle maidir le haitheantas acadúil cáilíochtaí eachtracha in Éirinn.