Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Copy of Coimisinéir Cúnta Réigiún an Deiscirt / an Iarthair

Teideal: Coimisinéir Cúnta Réigiún Theas

Ainm: Michael Finn

Áit Dúchais: Contae an Ciarraí

Ceaptha: 22 Samhain 2016

Ina ball ó: 1982

Buaicphointí Gairme:

Páirteach in An Garda Síochána ó Aibreán 1982, chuir an Coimisinéir Cúnta Finn tús lena dhualgas mar Gharda i Sráid Mhic Curtáin i gcathair Chorcaí

1989: Ardú céime chuig céim Sáirsint agus i mbun oibre i gCoillte Clochair, Co. Liatroma sular fhill sé ar Chathair Chorcaí agus ansin sannadh é mar Chléireach Dúiche i mBaile na mBocht ar feadh ceithre bliana agus chaith sé dhá bhliain eile ag feidhmiú mar Sháirsint i bhFeighil Stáisiún an Gharda Síochána i mBaile na mBocht.

1996: Ardú céime chuig céim Cigire in 1996 agus i mbun oibre i ról straitéiseach mar Chigire Réigiúnach in Oifig Choimisinéir Cúnta Réigiún an Deiscirt lonnaithe i gCathair Chorcaí, agus in 2001 leithdháileadh é chuig Aonad Oibríochtaí agus Cigire Cúirte i gCeantar Shráid Anglesea i gcathair Chorcaí.

2002: Ardú céime chuig céim Ceannfoirt agus i mbun oibre mar Oifigeach Ceantair i mBeanntraí agus i nDroichead na Bandan roimh fhilleadh ar Chathair Chorcaí agus dul i mbun oibre mar Oifigeach Ceantair i Sráid Anglesea.

2008: Ardú céime chuig céim Ard-Cheannfoirt agus nasctha ar dtús le Droichead na Bandan, Co. Chorcaí i bhfeighil Rannán Iarthar Chorcaí roimh fhilleadh ar Shráid Anglesea chun freagracht a ghlacadh mar Oifigeach Rannáin i Rannán Chathair Chorcaí in 2009.  I rith na tionachta seo mar Oifigeach Rannáin i Rannán Chathair Chorcaí, bhí baint ag an gCoimisinéir Cúnta Finn le roinnt tionscnamh náisiúnta lena n-áirítear an córas náisiúnta bainistíochta teagmhas a bhunú ar PULSE.

2016: Ardú céime chuig céim an Choimisinéara Cúnta i bhfeighil ar Phóilíniú Bóithre in An Garda Síochána, póilíniú oibríochtúil i Réigiún an Tuaiscirt agus Oifig um Thacaíocht Feidhmiúcháin agus Seirbhísí Corparáideacha ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána.

Ar an 8 Feabhra 2018, ghlac an Coimisinéir Cúnta Finn freagracht as Réigiún an Oirdheiscirt agus bhí sé lonnaithe i gCill Chainnigh. 

Ar an 26 Lúnasa 2019, ghlac an Coimisinéir Cúnta Finn freagracht as Réigiún nua an Oirthir a raibh sean-Réigiún an Oirthir agus an Oirdheiscirt san áireamh ann mar chuid de Shamhail Oibriúcháin nua an Gharda Síochána. 

Ar an 4 Márta 2020, ghlac an Coimisinéir Cúnta Finn freagracht as Réigiún an Deiscirt agus is lonnaithe i gCathair Chorcaí atá sé i láthair na huaire.

Cáilíochtaí:

  • Bhí ról ceannaireachta ag an gCoimisinéir Cúnta Finn i roinnt tionscnamh ag leibhéal náisiúnta lena n-áirítear rolladh amach an Chórais Bainistíochta Imscrúdaithe, an tSamhail Rannach Phóilíneachta agus Samhail Oibriúcháin an Gharda Síochána.Dioplóma i mBainistíocht Pearsanra, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (1999)
    Clár Ceannairí na Todhchaí 1999 – Scoil Rialtais Kennedy, Roinn Póilíneachta Harvard agus Bhostúin
  • Baitsiléir Ealaíon sa Bhainistíocht Póilíní (HETAC) – 2005
  • Máistreacht sa Riarachán Gnó, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – 2007
  • Nuálaíocht agus Rialachas – Scoil Rialtais Kennedy, Ollscoil Harvard – (2008)
  • Dioplóma Iarchéime sa Cheannasaíocht Phóilíneachta Feidhmiúcháin – Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath – 2009