Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir Cúnta Réigiún Chathair Átha Cliath

Jonathan Roberts

 

Teideal: Coimisinéir Cúnta Réigiún Chathair Átha Cliath

Ainm: Jonathan Roberts

Áit dúchais: Contae an Dúin

Ceaptha: 29 Meitheamh 2026

Thosaigh: 15 Lúnasa 2022

Buaicphointí Gairme:

D’fhóin an Coimisinéir Cúnta Jonathan Roberts i gConstáblacht Ríoga Uladh agus i Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) ar feadh 25 bliana sula ndeachaigh sé isteach in An Garda Síochána.

Chaith sé 15 bliana i mbun imscrúdú ar choireacht thromchúiseach, lena n-áirítear imscrúdú ar dhúnmharú, sceimhlitheoireacht, fuadach agus coireacht ghnéasach. Is Oifigeach Sinsearach Imscrúdaithe creidiúnaithe é agus bhí sé i gceannas ar imscrúduithe ar roinnt dúnmharuithe ardphróifíle. Idir 2013 agus 2015, bhí sé ina Cheann ar Mhórfhoirne Imscrúdaithe a bhí lonnaithe i mBéal Feirste, agus bhí sé ina phríomhtheagmhálaí de chuid SPTÉ maidir le Fuadach, Cibearchoireacht agus Éigniú freisin.

I mí an Mhárta 2016, ceapadh é ina Cheannfort um Fheidhmíocht, Dearbhú agus Ceartas i gCeantar Bhéal Feirste. I mí Eanáir 2017, tugadh ardú céime dó go hArd-Cheannfort agus ceapadh é ina Cheann ar Choláiste SPTÉ.

I mí Dheireadh Fómhair 2017, ceapadh é ina Cheannasaí Ceantair do Bhéal Feirste, áit a raibh sé i gceannas ar bhreis agus 1,000 ball foirne agus inar bhainistigh sé saincheisteanna casta póilíneachta pobail agus teagmhais chriticiúla ar fud na cathrach. Le linn na tréimhse sin, bhí sé ina phríomhtheagmhálaí de chuid SPTÉ maidir le Coireacht Ghnó freisin.

I mí Lúnasa 2020, ceapadh é ina Chonstábla Príomhchúnta Sealadach, an Roinn Tacaíochta Oibríochtúla. Sa ról sin, bhí sé ina chomhalta d’fhoireann Feidhmiúcháin PSNI agus ina phríomhtheagmhálaí de chuid SPTÉ maidir le hAirm Thine, Ord Poiblí, Póilíneacht ar Bhóithre, Cúrsaí Oidhreachta, Tacaíocht Eolaíoch, Beartas, Faisnéis Chorparáideach, Cosaint Sonraí agus Bainistíocht Taifead, agus chomhlíon sé feidhm an Úinéara Shinsearaigh Riosca Faisnéise.

Is Ceannasaí Straitéiseach Arm Tine creidiúnaithe agus Ceannasaí Óir um Ord Poiblí creidiúnaithe é.

I mí an Mheithimh 2019, bronnadh Bonn Póilín na Banríona (QPM) air.

Cáilíochtaí:

- Céim BA (Onóracha) sa Tíreolaíocht, Ollscoil Sheffield (1993).

- Cúrsa Ceannasaíochta Straitéisí (2021)