
Cad í Póilíneacht Pobail?
Is stíl phóilíneachta í póilíneacht phobail atá bunaithe ar chomhpháirtíocht, atá réamhghníomhach agus pobaldírithe. Tá sí dírithe ar choireacht a chosc, ar réiteach fadhbanna agus ar fhorfheidhmiú an dlí, d'fhonn muinín a thógáil agus cáilíocht bheatha an phobail ar fad a fheabhsú.
Glacann Gardaí Pobail páirt i gcomhpháirtíocht pobail a thógáil, chun feabhas a chur ar sheachadadh sheirbhís an Gharda Síochána i measc an phobail. Is comhpháirtíocht í an rannpháirtíocht sin a éilíonn ar an nGarda Síochána agus ar ghrúpaí pobail, oibriú le chéile, chun feabhas a chur ar 'chaighdeán maireachtála' mhuintir na gceantar sin agus a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas agus tosaíochtaí. Ba cheart go mbreathnófaí ar chomhpháirtíochtaí bunaithe ag leibhéal áitiúil mar iarracht chomhoibríoch chun réiteach fadhbanna a éascú. Ní féidir leis na Gardaí na fadhbanna go léir a thagann chun cinn agus a mbíonn air dul i ngleic leo a réiteach ina aonar. Is é cúram gach duine an choireacht agus agus cúram gach duine í a chosc.
Caithfidh Gardaí Pobail a bheith réamhghníomhach, trí comhpháirtíochtaí dearfacha a thógáil, trí thionscnaimh cosúil le Faire Comharsanachta, Foláireamh Pobail, Faire an Champais, Clár Faireachais Ospidéil, Clinicí an Gharda Síochána, an Garda Síochána ag tacú leis an tSábháilteacht Phobail, Clár Scoileanna an Gharda Síochána, srl. Teastaíonn ar chleachtais rannpháirtíochta solúbtha chun freastal ar dhaoine aonair, ar ghrúpaí pobail agus ar deireadh thiar thall féadfaidh pobail a chumasú. Ba chóir go mbreathnófaí ar chomhpháirtíochtaí bunaithe ag leibhéal áitiúil mar iarracht comhoibríoch chun réiteach fadhbanna a éascú.
Ár gCuspóirí Póilíneachta Pobail
• Tabhairt faoi deiseanna comhpháirtíochta (mar shampla, JPC, faire comharsanachta, pobal ar aire, Fóraim Phóilíneachta Áitiúla, fóraim mhiondíola, faire gnó, srl ...).
• Seirbhís Gharda inrochtana agus infheicthe a sholáthar do phobail.
• Próisis rannpháirtíochta éifeachtacha a bhunú chun freastal ar riachtanais na bpobal áitiúil agus aiseolas a sholáthar do phobail.
• Tionscnaimh réiteach fadhbanna a úsáid, iad ceaptha i gcomhpháirtíocht le pobail agus le gníomhaireachtaí áitiúla, chun dul i ngleic le coireacht, drugaí, neamhord poiblí agus iompar frithshóisialta, trí fhorfheidhmiú spriocdhírithe, tionscnaimh um choireacht a chosc agus a laghdú.
• Glacadh le cur chuige atá dírithe ar an bpobal chun réitigh a sholáthar a laghdóidh faitíos roimh choireacht.
• Bheith rannpháirtíoch le daoine óga ar bhonn fiúntach chun caidrimh dhearfacha a fhorbairt agus a chothú agus sábháilteacht phearsanta agus phobail a chur chun cinn.
• Straitéisí cumarsáide a fheabhsú ina bhfuil cuspóirí agus torthaí póilíneachta pobail léirithe.
• A bheith cuntasach don phobal ar a fhreastalaímid.
• Oibriú i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile le go ndéantar sábháilteacht ar ár sráideanna agus ar ár mbóithre a chinntiú.

Clár Nuachóiriúcháin agus Athnuachana an Gharda Síochána do Phóilíneacht Phobail
Chun tacú le Gardaí Pobail le rannpháirtíocht an phobail, déanann Oifig Náisiúnta Póilíneachta Pobail, atá ceangailte le Biúró an Gharda Síochána, an dea-chleachtas i dtionscnaimh phóilíneachta pobail a thiomsú agus déanfaidh sí na cleachtais sin a scaipeadh trína líonra cumarsáide. Feidhmíonn an oifig seo mar acmhainn, do gach ball den Gharda Síochána atá bainteach le Phóilíneacht Phobail, trí chomhairle a thabhairt maidir le teicnící agus tionscnaimh rannpháirtíochta pobail.
Faoi Chlár Nuachóiriúcháin agus Athnuachana an Gharda Síochána (2016-2021) is ceann de na tionscnaimh
é Foirne Póilíneachta Pobail ilsciliúla nó Foirne Earnála i ngach Ceantar a thabhairt isteach chun tacú le Gardaí Póilíneachta Pobail. Beidh Gardaí ó roinnt aonad éagsúil (Aonaid Phóilíneachta Pobail san áireamh) ar na Foirne Polasaithe Pobail/Foirne Earnála agus oibreoidh siad leis an bpobal áitiúil chun coireacht a chosc agus a bhrath. Mar chroílár an phlean seo cuirfimid lenár dtraidisiún póilíneachta pobail agus déanfaimid é a chothú.
Tá creat nua póilíneachta pobail á fhorbairt faoi láthair agus feabhsóidh sé rannpháirtíocht pobail agus sábháilteacht an phobail. Oibreoidh Foirne Nua Póilíneachta Pobail/Foirne Earnála le pobail áitiúla chun coireacht a chosc agus a bhrath le tacaíocht ó na Fóraim Shábháilteachta Phobail a chuimseoidh Gardaí áitiúla, baill an phobail agus grúpaí pobail.

Tá sé beartaithe go gcuirfear an creat nua póilíneachta pobail nua i bhfeidhm idir anois agus 2021. Faoi láthair tá an tír ar fad á mapáil ag baint úsáide as an uirlis SAPMAP an Phríomh-Oifig Staidrimh le leagtar amach an tír i limistéir phóilíneachta pobail idir 50 agus 150 teaghlach. Tá tús curtha leis an gcéad chéim seo agus leanfar sé ar aghaidh léi, leanfar le céim 2 ina dhiaidh sin a bhaineann le réimsí geografacha póilíneachta pobail a aithint ar fud na hÉireann ar fad i gcomhairle leis na Príomh-Cheannfoirt áitiúla. Cuimseoidh céim a trí meastóireacht ar na hacmhainní atá ag teastáil go náisiúnta le clár oiliúna agus imlonnú chéad chéime ina dhiaidh sin bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn imlonnú iomlán a bhaint amach faoi 2021.
Tá bunú Oifigí Roinne um Phóilíneacht Phobail i ngach ceann dár 28 Rannán an Gharda mar chuid lárnach den fhorbairt seo. Beidh na hoifigí seo ríthábhachtach maidir le feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil agus bainistíocht leanúnach na bhFoirne Póilíneachta Pobail/na bhFoirne Earnála agus an cur chuige sainithe agus tiomanta 'Póilíneacht na Limistéar Pobal' i ngach Ceantar agus Roinn. Déanfaidh na hoifigí seo an tseirbhís atá ar fáil do phobail ó gach Garda de réir Chód Eitice an Gharda Síochána a athrú ó bhun. Beidh gach Oifigeach Roinne freagrach as seirbhísí a sholáthar do phobail áitiúla agus Oifig Roinne um Phóilíneacht Phobail a bhunú chun seachadadh na Póilíneachta Pobail a chaighdeánú. Beidh an Príomh-Cheannfort áitiúil freagrach as maoirseacht laethúil na hOifige Roinne um Phóilíneacht Phobail.

Déan teagmháil leis an Oifig Náisiúnta Póilíneachta Pobail:
Biúró Garda na Rannpháirtíochta Pobail
Ceanncheathrú an Gharda Síochána
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2 D02 DH42
Teil: +353 1 666 3806/08/09