Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cá féidir liom m’fhíneálacha a íoc?

• Ar an nguthán (Íosghlao 0818 50 60 80 nó +353 504 59800 má táthar ag glao ó áit lasmuigh d’Éirinn) - Is féidir gach fíneáil a íoc ar an nguthán trí úsáid a bhaint as cártaí léasair nó creidmheasa. Ní ghlactar le cártaí dochair a d’eisigh institiúidí airgeadais lasmuigh d’Éirinn.

• I bpearsan - is féidir gach fíneáil a íoc in Oifig an Phoist. Is féidir leat íoc le hairgead tirim, seic, dréacht bainc nó cárta léasair. Ba cheart go mbeadh seiceanna iníoctha le An Post. 

• Sa Phost - Is féidir leat íoc le seic, ordú poist, dréacht bainc, cárta léasair nó creidmheasa. Ní ghlactar le cártaí dochair a d’eisigh institiúidí airgeadais lasmuigh d’Éirinn. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní féidir glacadh ach le seic amháin don mhéid iomlán. Ní féidir glacadh le meascán íocaíochtaí, e.g. seic agus airgead tirim le chéile. Ba cheart go mbeadh seiceanna iníoctha le “An Comhalta i gCeannas”. Ní mholtar airgead tirim a sheoladh sa phost.

 • Nuair atáthar ag íoc le cárta, taispeánfar an t-idirbheart mar "An Post - Billpost" ar an ráiteas bainc/cárta creidmheasa.