Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aoischárta Náisiúnta

Enter Text Here

Cad é an Aoischárta Náisiúnta?

Is carta “Cruthúnas ar Aois” é aoischárta náisiúnta. Is féidir le duine 18 mbliana d’aois nó níos sine iarratas a dhéanamh ar aoischárta chun dearbhú go bhfuil an aois dleathach sroichte acu chun deochanna meisciúla a cheannach.

Taispeánann an tAoischárta:

• D'ainm

• Do dháta breithe

• Do Ghrianghraf

• Gnéithe slándála ábhartha

Ní cárta aitheantais é an Aoischárta Náisiúnta. Ní úsáidtear an cárta ach amháin chun a chruthú go bhfuil aois 18 mbliana  nó ós a cionn ag an sealbhóir agus níor cheart é a fháil nó a úsáid chun aon chríche eile. Tá foráil don scéim dheonach Aoischárta Náisiúnta seo san Acht um Dheochanna Meisciúla 1988 (Aoischárta) Rialacha 2007.

Tá córas nua ar-líne chun iarratas a dhéanamh ar aoischárta ata i bhfeidhm ón 5 Eanáir 2011. Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar a n-Aoischártaí agus íoc astu ar líne anois ag www.agecard.ie

Is é a leanas an próseas nua ar-líne:  

1.   Logáil isteach ar www.agecard.ie  agus gliogáil ar an gclib “Déan Iarratas” ag barr an scáileáin.

2.   Cuir isteach do shonraí agus roghnaigh an modh íocaíochta.

3.   Úsáid cárta Dochair/Creidmheasa nó Dearbhán Aoischárta (is féidir iad a cheannach ag aon Oifig an Phoist).

4.   Seolfar an Fhoirm Iarratais chuig an seoladh atá tugtha agat.

5.   Tóg an Fhoirm Iarratais mar aon leis an gcáipéisíocht atá luaite agat ar d’iarratas agus grianghraf pas chuig Stáisiún na nGardaí áitiúil.

6.   Sínigh an Fhoirm Iarratais i láthair an Gharda atá á próiseáil agus cuir an ghrianghraf  sa phóca atá leis an bhfoirm.

7.   Nuair a bheidh an Garda sásta le do cháipéisíocht dearbhóidh sé/sí an Fhoirm Iarratais agus seolfaidh sé/sí ar aghaidh í chuig an gcomhlacht eisithe

8.   Seolfaidh an Comhlacht Eisithe do chárta sa phost ansin,  go díreach chuig an seoladh atá luaite agat ar d’Iarratas.