Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir Cúnta Réigiún an Oirthir

Paul Cleary Uniform

Teideal: Coimisinéir Cúnta Réigiún an Oirthir

Ainm: Paul Cleary

Áit dúchais: Baile Átha Cliath

Ceaptha: 12 Meán Fómhair 2022

Ina bhall ó: 1993

Buaicphointí Gairme:

Is i mBaile Átha Cliath a rugadh an Coimisinéir Cúnta Cleary, agus thosaigh sé ag obair do An Garda Síochána sa bhliain 1993. Bhí róil phóilíneachta oibríochtúla dhifriúla aige i rith a bhlianta seirbhíse.

Ag tús a shaoil oibre bhí sé lonnaithe i Sráid Mhic Giobúin agus in Aonad Drugaí na Roinne Láir Thuaidh ag Sráid an Stórais, agus bhí sé ag obair mar bhleachtaire ag Sráid an Stórais agus san Aonad Speisialta Bleachtaireachta.

Bhí sé ag obair mar sháirsint ag Sráid Chaoimhín agus in Aonad Bainistíochta Foinsí DMR (Chis). Threoraigh sé roinnt imscrúduithe casta iomráiteacha fad is a bhí sé ag obair mar Bhleachtaire Cigire ag Sráid Chaoimhín agus mar Bhleachtaire Ceannfoirt in Iarthar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag obair mar Bhleachtaire Ceannfoirt do Bhaile Átha Cliath agus bhí sé freagrach as aonaid speisialtóra, agus mar Ard-Cheannfort a bhí freagrach as Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Bóithre. Ceapadh é mar Bhleachtaire Ard-Cheannfoirt i gceannas ar Bhiúró Náisiúnta Teicniúil an Gharda Síochána, Seirbhísí Tacaíochta Oibriúcháin agus bhí sé i gceannas ar fhorbairt náisiúnta Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána.

Tá an Cúrsa Ceannais Straitéisigh do cheannairí Póilíneachta sinsearacha curtha i gcrích ag an gCoimisinéir Cúnta Cleary in Ryton sa Ríocht Aontaithe. Bhronn Ollscoil Luimnigh Máistir Ealaíon in Imscrúduithe faoi Thromchoireanna air agus bhronn NUI Baitsiléir Ealaíon (onóracha) sa Bhainistíocht Phoiblí air.